Sean-Fhínín Chill Dara

Rugadh Seán Ó Dubhuí i dteachín tuaithe i gCill, Chontae Chill Dara in 1842.

Ruairí Mac Easmainn agus Seán Ó Dubhuí.
Ruairí Mac Easmainn agus Seán Ó Dubhuí.

Foclóir: Díospóireachtaí - debates; Fínín - Fenian; náibhí - navvy; Léigiún Coigríocha na Fraince - French Foreign Legion; tréas - treason; mionn - oath; baiclí - cliques; bratach - flag; cré-umha - bronze.

Is dócha nach bhfuil mórán eolais ag an ngnáthdhuine ar Sheán Ó Dubhuí agus ar an bpáirt thábhachtach a bhí aige i stair na hÉireann. Go deimhin, is annamh a luaitear a ainm i ndíospóireachtaí staire.

Go minic tugtar an sean-Fhínín air, ach bhí sé ina óg-Fhínín díograiseach, fuinniúil, dúthrachtach, tráth, agus de réir tuairisce a bhí sa London Times, bhí sé ar an namhaid ba dhainséaraí a bhí ag Sasana ó aimsir Wolfe Tone i leith. Bhí sé le rá ag Ó Dubhuí go raibh sé ar dhuine de thriúr a bhí rannpháirteach i dtrí réabhlóid in Éirinn: Éirí Amach na bhFíníní in 1867, Éirí Amach na Cásca in 1916 agus Cogadh na Saoirse 1919-1921.

Rugadh é i dteachín tuaithe i gCill, Chontae Chill Dara in 1842. Ba náibhí a athair a bhí fostaithe ar an líne iarnróid agus ó am go chéile d’oibríodh sé mar bhristeoir cloch.

READ MORE

Tar éis an Ghorta Mhóir bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath.

In 1861, nuair a bhí sé 19 mbliana d’aois liostáil sé i Léigiún Coigríochach na Fraince san Ailgéir. Agus é sa Fhrainc casadh Seán Mistéil, an tÉireannach Óg, air. Ar theacht abhaile dó ina dhiaidh sin ghlac sé mionn na bhFíníní agus ón uair sin bhí todhchaí mar réabhlóidí i ndán dó.

Cheap Séamus Mac Stiofáin é ina eagraí ar na Fíníní i gCill Dara. Agus é lonnaithe sa Nás, bhí sé ag siúl amach le cailín áitiúil darb ainm Eliza Kenny, agus tar éis tamaill bhí siad geallta.

Go gairid ina dhiaidh sin, ceapadh é ina phríomhearcaitheoir do na Fíníní in Arm na Breataine in Éirinn. Ba é a dhualgas saighdiúirí Éireannacha in arm na Breataine a earcú sa Bhráithreachas. Fear an-dáiríre ba ea Seán agus spreag sé dáiríreacht agus staonadh ón ól i measc na bhFíníní. In 1866 bhí Comhairle Míleata an Bhráithreachais ag iarraidh go mbeadh Éirí Amach ann gan mhoill, ach dhiúltaigh Mac Stiofáin an ghairm shlógaidh a thabhairt.

Chuir sin olc ar Ó Dubhaí, mar gur mheas sé go raibh 80,000 fear sna Fíníní in arm na Breataine a bhí réidh chun troda. Ar ndóigh, bhí spíadóirí ag an rialtas, agus chuala na húdaráis faoin gcomhcheilg. Gabhadh Ó Dubhuí agus ceathrar eile.

Cuireadh tréas ina gcoinne agus gearradh cúig bliana déag pianseirbhíse orthu. Cúig bliana ina dhiaidh, in 1871, saoradh an cúigear ar phardún ar an gcoinníoll nach bhfanfaidís in Éirinn. Chinn Ó Dubhuí dul go Meiriceá agus d’oibrigh sé mar iriseoir i Nua Eabhrac ar an nuachtán ‘New York Herald’ agus chuir sé a chroí agus a anam i ngníomhaíochtaí Chlann na nGael, an t-eagras réabhlóideach Gael-Mheiriceánach.

Cuireadh deireadh leis an gcaidreamh idir é agus Eliza agus níor phós sé riamh.

I Meiriceá bhí Clann na nGael trína chéile de dheasca easaontais idir baiclí ach d’éirigh le hÓ Dubhuí an ghluaiseacht a athaontú. Agus é ina cheannaire ar an eagras bhunaigh sé craobhacha ar fud na tíre. Ach an gaisce ba mhó a raibh baint aige leis ná tarrtháil seisear Fíníní ó phríosún Freemantle san Astráil in 1876.

Cuireadh de chúram air mar chathaoirleach ar choiste rúnda, an plean tarrthála a chur i gcrích. Nuair a cruinníodh dóthain airgid, ceannaíodh an Catalpa, bád míolta móra agus earcaíodh criú faoin gcaptaen George Anthony. D’ardaigh an long a seolta i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tar éis roinnt seachtainí shroich an Catalpa cósta Freemantle.

Nuair a tugadh an comhartha do na príosúnaigh ar an gcuan, d’iomair siad i mbáidín i dtreo na loinge. Tugadh le fios do na húdaráis, go raibh na príosúnaigh ag éalú, áfach, agus chuaigh bád patróil sa tóir orthu. Ach shroich na príosúnaigh an long sular tháinig na póilíní suas leo. Iarradh ar chaptaen an Catalpa na príosúnaigh a thabhairt ar lámh agus mura ndéanfadh sé amhlaidh go scaoilfidís leo. D’ardaigh an captaen bratach na Stát Aontaithe agus dúirt go raibh an long in uiscí idirnáisiúnta agus dá scaoilfí uirthi b’ionann sin agus cogadh a fhógairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar mhaithe le géarchéim idirnáisiúnta a sheachaint, d’iompaigh na póilíní a mbád agus d’éalaigh an Catalpa agus na príosúnaigh.

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda in 1914, chuir an Bráithreachas a dhóchas ann mar ba chinnte go mbeadh Sasana rannpháirteach sa choimhlint. Agus mar a bhí ráite i measc náisiúnaithe, nuair a bhíonn deacracht ag Sasana bíonn deis ag Éirinn.

Bhailigh Clann na nGael caoga míle dollar do cheannairí na nÓglach chun airm a cheannach.

Ba mhór an spreagadh agus an chabhair a thug an eagraíocht sin do ghluaiseacht na saoirse in Éirinn faoi cheannaireacht Uí Dhubhuí.

D’fhéadfá a rá gur chuir an chabhair sin ar chumas cheannairí Éirí Amach na Cásca a mbuille stairiúil a bhualadh.

Le cabhair ó Ruairí Mac Easmainn, fuair Ó Dubhuí 20,000 raidhfil agus 10 meaisínghunna ón Ghearmáin agus socraíodh go gcuirfí i dtír iad ón long ‘Aud ‘ar chósta Chiarraí in am don Éirí Amach.

Ach de bharr éiginnteacht dátaí agus cliseadh cumarsáide, ní raibh na hÉireannaigh ann chun na hairm a bhailiú ón long.

Dá bharr sin b’éigean do na Gearmánaigh an long a chur go tóin poill ionas nach mbeadh na Sasanaigh in ann an lasta a ghabháil.Tháinig Mac Easmainn i dtír ar Thrá na Beannaí ach ghabh na póilíní é.

Nuair a thosaigh Cogadh na Saoirse in 1919, lean an Clann faoi stiúir Uí Dhubhuí ag cuidiú ar gach slí: bhailigh siad airgead don ghluaiseacht agus do na Colúin Reatha. Thug sé cúnamh airgid i gcomhair cás cúirte Ruairí Mhic Easmainn agus chuidigh sé le daoine a bhí thíos le hainghníomhartha na nDúchrónach.

Chuir téarmaí an Chonradh Angla-Éireannaigh díomá ar Ó Dubhuí ach ina ainneoin sin, thug sé tacaíocht do Mhicheál Ó Coileáin an stát nua a chur ar bun.

Nuair a tharla Cogadh na gCarad thaobhaigh sé leis na Saorstátairí mar bhí nimh san fheoil aige do De Valera de bharr easaontais eatarthu a tharla le linn chuairt De Valera ar Mheiriceá in 1919.

Ach ba mhór an sásamh é d’Ó Dubhuí gur mhair sé le bunú Shaorstát na hÉireann a fheiceáil é féin.

In 1924, tar éis dó ceithre bliana is caoga a chaitheamh ina dheoraí polaitíochta, d’fhill sé ar Éirinn: bhí sé 82 bliain d’aois, lag agus bacach agus ag éirí caoch.

Bhí sé ina aoi oinigh ag na Cluichí Tailteann i bPáirc an Chrócaigh agus cuireadh fáilte chroíúil roimhe. Níos déanaí, d’eagraigh William Cosgrave, Uachtarán Choiste Gnó an tSaorstáit, féasta ina onóir.

Agus iontas na n-iontas, ar chuairt ar a áit dúchais sa Chill, Contae Chill Dara, bhuail sé lena thaisce óna óige, Eliza Kilmurray, a bhí ina baintreach le blianta roimhe sin. Go dtí gur chas sé uirthi, shíl sé gur ar shlí na fírinne a bhí sí. Chaith siad tamall le chéile sular fhill sé ar Mheiriceá; agus scríobh siad chuig a chéile go tráthrialta ina dhiaidh.

D’éag Ó Dubhuí in 1928 agus tugadh a chorp ar ais ó Mheiriceá agus adhlacadh é le lán onóracha i Reilig Ghas Naíon.

B’iomaí uair sna 1970idí a d’fhéachfainn ar an leac chuimhneacháin bhunaidh dó atá beagnach i bhfolach, in áit atá siar ón mbóthar sa Chill.

Ach anois seasann a dhealbh chré-umha go bródúil i gceartlár an Náis.

Tá sé mar lóchrann na saoirse i gCearnóg Phoibleoige i gcroílár an bhaile.