Raidió Rí-Rá: stáisiún uaillmhianach don aos óg

Bunaíodh an stáisiún ceoil seo sa bhliain 2008 ach tá go leor athruithe déanta air le blianta beaga anuas.

Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil sa spás comhoibre seachbhrabúsach Fumbally Exchange, áit a bhfuil an stáisiún lonnaithe faoi láthair. Grianghraf: Enda O'Dowd/The Irish Times
Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil sa spás comhoibre seachbhrabúsach Fumbally Exchange, áit a bhfuil an stáisiún lonnaithe faoi láthair. Grianghraf: Enda O'Dowd/The Irish Times

Foclóir: Na Cuithí Dubha – The Blackpitts; seachbhrabúsach – not-profit; ceanncheathrú – headquarters; ó neart go neart – from strength to strength; clár reachtaire – presenter.

Is as foirgneamh ar chúlsráid sna Cuithí Dubha, ceantar stairiúil i mBaile Átha Cliath 8, atá Raidió Rí-Rá ag craoladh le trí mhí anuas.

De dheasca na hoibre athchóirithe atá ar siúl ar an láthair bhaile - ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair - is sa spás comhoibre seachbhrabúsach Fumbally Exchange atá an stáisiún lonnaithe faoi láthair.

Bunaíodh an stáisiún ceoil seo sa bhliain 2008 ach tá go leor athruithe déanta air le blianta beaga anuas.

READ MORE

Ceapadh Emma Ní Chearúil ina bainisteoir ar an stáisiún trí bliana ó shin, agus fostaíodh beirt le gairid - bainisteoir margaíochta, Aisling Ní Dhonnabháin, agus clár reachtaire, Jade Buttle - le maoiniú a fuair an stáisiún ón Roinn Ghaeltachta anuraidh.

Cabhróidh an bheirt le sceideal an stáisiúin a fhorbairt, ceardlanna scoile a reáchtáil agus seirbhís nuachta a sholáthar.

“Cuireann sé go mór leis an méid ar féidir linn a dhéanamh. Is mór an cúnamh é,” a dúirt bainisteoir an stáisiúin Emma Ní Chearúil le Tuarascáil.

“Tá an ról margaíochta an-tábhachtach ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm,” a dúirt sí.

Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil. Grianghraf: Enda O'Dowd/The Irish Times
Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil. Grianghraf: Enda O'Dowd/The Irish Times

Faoin reachtaíocht leasuithe, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20 faoin gcéad dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus 5 faoin gcéad den bhuiséad fógraíochta a chaitheamh sna meáin Ghaeilge gach bliain.

“Tá muid ag tógáil air sin agus tá súil agam go mbeidh muid in ann forbairtí a dhéanamh leis an airgead sin.”

Tá sé i gceist freisin go mbeidh stiúideo úrnua tógtha nuair a fhilleann Conradh na Gaeilge ar an bhfoirgneamh athchóirithe ar Shráid Fhearchair faoi cheann trí bliana.

“Go dtí seo, seomra ina raibh trealamh stiúideo suite ann a bhí in úsáid againn seachas stiúideo ceart ach amach anseo beidh féidearthachtaí ollmhóra ann.”

Creideann Ní Chearúil gur gné thábhachtach é an raidió i saol na hÉireann.

“Is breá le muintir na hÉireann an raidió. Is scéalaithe muid agus is breá linn an ceol,” a dúirt sí.

“Is stáisiún don óige muid. Tá muid dírithe ar lucht éisteachta na n-aoiseanna idir 15-34 ach bíonn aird againn freisin, mar shampla, ar thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, ar mhic léinn, agus ar éinne eile ar mhaith leo éisteacht linn.”

Craoltar rogha leathan clár agus podchraoltaí ar Raidió Rí-Rá.

“Tá an clár Seal le Seán againn: Seán Ó Dubhchon a chuireann an clár seo i láthair. Taistealaíonn sé ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta a mbíonn baint acu le saol na Gaeilge.”

Anuas ar sin agus i measc na bpodchraoltaí tá na SeanSálaithe le Hugh Mac Giolla Chearra, Áine Mhaoir agus James Ó Flatharta agus tá na Gaelgals agus Nóisin ina dtugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre.

“Bíonn Ciorcal Ceoil againn chuile lá, bíonn Mathew Larney againn ag am bricfeasta, bíonn Espresso Ceol, ansin bíonn ceol againn ag am lóin agus istoíche bíonn cláir ailtéarnacha le craoltóirí éagsúla óna 9 ar aghaidh.”

“Ba mhaith liom go mbeadh an stáisiún mar a bheadh scáthán ar an saol, agus go mbeadh na rudaí atá timpeall ar dhaoine óga le cloisteáil air,” a dúirt Ní Chearúil.

Is ar an idirlíon a chraolann Raidió Rí-Rá faoi láthair. Is féidir teacht air ag rrr.ie nó ar aip Raidió Rí-Rá, ach is aidhm sheasta ag an stáisiún é ceadúnas náisiúnta FM a fháil.

“Mar chuid den fheachtas sin, chuireamar isteach ar cheadúnas sealadach le bheith ag craoladh ar bhonn náisiúnta. Agus, ar nós Christmas FM nó Pride FM, bíonn 30 lá sa bhliain againn ar féidir linn craoladh beo mar sin a dhéanamh.”

Níl cinneadh déanta ag Coimisiún na Meán faoin gceadúnas ach a fhad is atáthar ag fanacht ar chinneadh, tá cleachtadh agus taithí mhaith á bhfáil ag an bhfoireann ar chraolachán ar FM.

“Dá n-éireodh linn an ceadúnas náisiúnta a bhaint amach, bheimis ag iarraidh cur leis an bhfoireann, ach is próiseas atá ann agus tá súil againn go mbeidh cinneadh ann go luath.

“Ach táimid ag ullmhú i gcónaí.”

Teachtaireacht

Cé gur ar chairt cheoil agus ar shiamsaíocht a chuirtear an bhéim, tá níos mó ná sin le baint as an tionscadal.

“Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine óga na féidearthachtaí a bhaineann leis an teanga, agus go dtuigfidís gur féidir leo aon rud is mian leo a dhéanamh trí Ghaeilge,” a dúirt Ní Chearúil.

“Nuair a bhí mise ar an ollscoil, níor rith sé liom go bhféadfainn post lánaimseartha a fháil a bheadh trí mheán na Gaeilge,” a dúirt sí.

“Ach anois tá triúr fostaithe againn anseo agus táimid uilig ag obair trí Ghaeilge.”

D’inis Ní Chearúil dúinn faoina haistear teanga féin agus an tionchar a bhí aige uirthi nuair a chuala sí Gaeilge á labhairt i gcomhluadar den chéad uair.

Ar cuairt ar Chlub Chonradh na Gaeilge le beirt chara a bhí sí.

“Ag breathnú siar, ní chreidim cé chomh haineolach is a bhí mé roimhe sin,” a dúirt sí.

“Ní raibh aon tuiscint agam ar na Gaeltachtaí - seachas go raibh cúpla cara agam a d’fhreastail ar chúrsaí samhraidh.”

“Ní raibh aon eolas agam faoi na Cumainn Ghaelacha sna hollscoileanna, nó go raibh saol na cathrach ar fáil trí Ghaeilge,” a dúirt sí.

“Nuair a chonaic mé an bheirt [chara] ag siúl isteach agus ag ordú pionta as Gaeilge, níor rith sé liom riamh ag an aois sin, agus mé 19 nó 20 bliain d’aois, go bhféadfainn an teanga a úsáid nó a labhairt [sa chaoi sin].”

“Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm,” a dúirt sí.

“D’fhág mé an cúrsa san ollscoil agus d’aistrigh mé go Má Nuad, áit ar thosaigh mé ar chúrsa Gaeilge.”

Tá sí ag obair go lánaimseartha anois trí mheán na Gaeilge, agus is léir go mbaineann sí an-sult as.

“Níl a mhalairt ar eolas agam a thuilleadh. Cuireann sé brí bhreise le gach rud a dhéanann tú.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.