Foclóir: Cábóg - clodhopper; tútachán - crude/awkwrd person; faiseanta- fashionable; racghrúpa - rock group; an-tóir - great demand; cléir - clergy; hallaí rince - dance halls; bálseomra - ballroom; scadáin i mbairille - herring in a barrel; thug siad ruathar faoin stáitse - they stormed the stage.
Tráth dá raibh, ní raibh sé faiseanta i measc an tslua suim ar bith a léiriú sna seó-bhannaí. Síleadh gur chábóga nó thútacháin iad na ceoltóirí agus a lucht leanúna nár thuig cúrsaí ceoil.
Ach anois, sa lá atá inniu ann, tá athrú tagtha ar an scéal agus tá dearcadh eile ar fad ag go leor daoine ar na seó-bhannaí, a bhuí sin, b’fhéidir, le hAdam Clayton, an dordghiotáraí leis an racghrúpa U2.
I gclár teilifíse (Ballroom Blitz) a chuir sé i láthair le déanaí, thug sé ómós do na seó-bhannaí a bhí i mbarr a réime sna caogaidí agus sna seascaidí.
Red card for Tipperary’s Darragh McCarthy was justified but it broke an unwritten rule
China exerts control from a nondescript office on Dublin’s Capel Street
China’s intimidation of an Irish citizen in Dublin: ‘I wanted to escape. It’s scary’
Irish woman living legally in US for decades detained after visiting her father in Ireland
Agus mé ag féachaint ar an gclár, tháinig na cuimhní ar ais go tréan faoi na hoícheanta a chaith mé ag na damhsaí.
Bhí cur chuige úrnua ag an mbanna Clipper Carlton i ndeireadh na gcaogaidí. Ba ghrúpa ceoltóirí óga iad ón tSrath Bán i dTír Eoghain a chaitheadh cultacha gorma leictreacha agus iad ag seinm.
Ní raibh cosúlacht ar bith idir iad agus na bannaí damhsa foirmiúla a tháinig rompu nach mbogfadh óna suíocháin taobh thiar dá seastáin cheoil ar feadh na hoíche.
Ina seasamh a bhíodh na ‘Clippers’ agus iad ag seinm. Chuir siad an-bheocht sna seó-bhannaí.
D’imir siad tionchar mór ar na bannaí agus ar na hamhránaithe a thiocfadh ina ndiaidh, amhail Brendan Bowyer, Joe Dolan agus Butch Moore, agus na mílte ceoltóirí eile.
…bhí na hionaid seo i seilbh lucht gnó, rud a chiallaigh go raibh na damhsóirí saor ó chrúcaí na cléire.
I dtús na 1960í bhí an-tóir ar na seó-bhannaí. Dúradh go raibh suas agus anuas le 800 grúpa ceoil ag taisteal fud fad na tíre gach seachtain. Ina measc bhí an Nevada, na Dixielanders, agus an Miami a raibh ainmneacha aduaine orthu a chuirfeadh áiteanna i Meiriceá i gcuimhne duit.
Go dtí deireadh na 1950í, bhí cléir na heaglaise, a raibh an t-uafás cumhachta acu, i gceannas ar go leor de na hallaí rince, go háirithe faoin tuath. Choimeád na sagairt súil ghéar ar lánúineacha a bhíodh ag damhsa grua le grua agus ba mhinic gur nós leis an sagart iad a scaradh óna chéile!
Bhí rudaí ag dul ar mhalairt treo sna 1960í, áfach. Bhí airgead le tuilleadh ón ngnó nua seo. Tógadh bálseomraí móra taobh amuigh de na bailte chun dóthain spáis a chur ar fáil do phlóid na ndamhsóirí nua a thagadh chucu.
Bhí níos mó saoirse ag na damhsóirí bogadh de réir rithim racanróil na seó-bhannaí. Níos fearr arís, bhí na hionaid seo i seilbh lucht gnó, rud a chiallaigh go raibh na damhsóirí saor ó chrúcaí na cléire.
Bhí na céadta bálseomraí ann, go leor le hainmneacha coimhthíocha orthu, leithéidí Dreamland, Atlantic, Cloudland agus Las Vegas féin.
Mar dhéagóir, bhí mé ró-óg agus róbhocht chun dul chuig na bálseomraí móra seo ach ba chuma liom mar bhí ár mbálseomra féin againn sa halla CYMS i Mainistir Eimhín, Contae Chill Dara.
Nuair a bhí mé 16 bliana d’aois tugadh cead dom dul go dtí na damhsaí sa halla a bhí in aice láimhe. Sheinneadh an seó-bhanna áitiúil Sapphire Seven ann go rialta.
Déanta na fírinne, is dócha gur dhéagóir sórt míréireach mé agus ba dheacair cosc a chur orm. Chun ullmhú don gig, chuideoinn leis an ngrúpa an trealamh agus na huirlisí a iompar isteach.
Cé go raibh mé aineolach ar chúrsaí fuaime, bhí sé de dhánacht ionam dul go bun an halla chun tástáil fuaime a dhéanamh do na bannaí. Ar chloisteáil dom an chéad bhladhair de Ring of Fire ar na prásuirlisí d’ardóinn m’ordóg á léiriú don bhanna go raibh rudaí i bhfearas. I ndíol mo chúnaimh uile thugtaí saor cead isteach dom.
Chaithinn carbhat cuachóige agus éadaí Domhnaigh agus bhíodh mo chuid gruaige mar a bheadh sí tumtha in ola.
Ní bhíodh fonn dá laghad ag na cailíní rince liom de ghnáth, ach uaireanta thabharfadh cailíní a raibh aithne agam orthu, agus dea-bhéasa orthu, seans dom. Ach den chuid is mó den am, bheinn breá sásta a bheith ag faire ar gach rud agus ag éisteacht leis na hamhráin a chloisinn go minic ar an raidió.
Nuair a bhí mé thart ar 20 bliain d’aois, chinn mé, den chéad uair riamh, ar dhul go dtí bálseomra mór an Dreamland i mBaile Átha Í. D’fhág grúpa againn an teach tábhairne agus phlódaíomar isteach i gcarr hacnaí Jimmy chun dul go Meice an rince. Gan dabht, bhí mé i measc na mbuachaillí móra an oíche sin!
Ní dhéanfainn dearmad ar an ócáid sin go deo. Oíche Lá Fhéile Stiofáin a bhí ann agus na Royals a bhí ar an gclár - an seó-bhanna ba cháiliúla in Éirinn ag an am.
Ní raibh spás le bogadh i gcúl an halla mar go raibh slua mór fear brúite le chéile mar a bheadh scadáin i mbairille. Bhí an t-aer ar maos le meascán aisteach de chumhrán milis, allas gránna agus alcól.
Bhí na fir gléasta go péacach agus an-chuid acu ólta agus lasta san aghaidh agus iad i mullach a chéile ar thaobh amháin den halla. Ar an taobh eile bhí na mná galánta ina suí.
Ach ciúnas roimh anfa a bhí ann mar bhí na fir réidh chun ruathar a thabhairt faoi na mná faoi choinne rince agus bhí na mná á réiteach féin don ionsaí!
A luaithe a d’fhág an banna tacaíochta an stáitse, tháinig seó-bhanna an Royal amach agus thosaigh Brendan Bowyer ag lúbadh agus ag casadh agus ag canadh an Hucklebuck.
Leis sin, bhí míle murdar ann mar gur chuir sé sceitimíní ar na mná agus thug siad ruathar faoin stáitse chun lámh a leagan air!
Leis sin, bhrúigh mé mo bhealach tríd an slua go dtí an ‘Beár Uisce Mianraí’ thuas staighre, áit a raibh radharc iontach agam ar an deargamaidí a bhí ann laistíos. D’fhan mé ansin ar feadh na hoíche ag ól súimíní Coca-Cola agus ag baint taitneamh as an gceol agus an macnas meisciúil ar an urlár thíos.
Tháinig deireadh le ré na seó-bhannaí i lár na 1970í. Tá roinnt de na hamhránaithe mór le rá a bhí i mbarr a réime imithe ar shlí na fírinne.
Is bocht an radharc é roinnt de na seanbhálseomraí faoi láthair: tá cuid acu tréigthe agus ag titim as a chéile. Iarsmaí den am atá thart.
Thug mé cuairt ar an seanhalla CYMS i Mainistir Eimhín le déanaí. Cé go raibh sé as seirbhís le fada, athchóiríodh é roinnt blianta ó shin agus tá borradh faoi mar ionad pobail sa lá atá inniu ann.
Shiúil mé go dtí bun an halla fholaimh mar a dhéanainn trí scór bliain ó shin. Shamhlaigh mé gur chuala mé scol so-aitheanta na dtrumpaí de Ring of Fire á sheinm ag an Sapphire Seven.
Is géire an chuimhne le cúnamh an cheoil mar is tríd an gcorp a théann an ceol agus is ann a fhanann sé.
Ach nuair a thiontaigh mé thart ní fhaca mé ach taibhsí an tseachtair ar an stáitse. Níor lig mé don uaigneas dul go croí ionam ná an cumha teacht orm i ndiaidh m’óige. Leoga is focal fíor é!