FOCLÓIR: rualoisceadh - scorched earth; gnáthchogadh - usual war; stróicthe as a chéile - torn to pieces; armlón - ammunition; fulaingt - suffering.
Loisceadh, slad, marú agus adhlacadh ina mbeatha, múchadh, díbirt, ruaigeadh, agus gorta atá á imirt ag Iosrael agus a comhghuaillithe ar mhuintir Gaza le breis agus bliain go leith anuas.
Níl cloch fágtha ar chloch — tá na hospidéil, na scoileanna, na moscanna, na séipéil, tithe na ndaoine agus fiú na pubaill ina raibh muintir Gaza ina gcónaí ionsaithe, leagtha agus scriosta.
Polasaí an rualoiscthe a thugtar de ghnáth ar chur chuige den chineál seo: scriostar gach rud ionas nach féidir leis an namhaid leas ar bith a bhaint as.
‘Am I too old to wear this?’: It’s a question I never thought I’d ask but here I am
This photo strips the camogie skorts controversy back to its absurd essence
Albania has been dubbed ‘the Maldives of Europe’, but there’s so much more to this fascinating country
Michael Healy-Rae’s trees-on-peatland plan is environmental vandalism
Tá taithí againn féin sa stair ar an rualoisceadh. Bhí ginearáil Eilís I go maith chuige agus ar ndóigh chleachtaigh Cromail a leithéid freisin, ach ní raibh fáil acu sin ar na sásanna oll-áir atá i seilbh Iosrael.
Dar ndóigh, b’uafásach an t-ionsaí agus tógáil na ngiall a tharla an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ach ní gnáthchogadh atá ann seo. Ní ar an dream a d’fhuadaigh na gialla, ach ar náisiún iomlán atá díoltas á imirt.
Ar thaobh amháin tá arm ag a bhfuil soláthar gan teorainn den trealamh agus den armlón is nua-aimseartha dá bhfuil ann, mar aon le tacaíocht bhalbh agus neamhbhalbh ó mhórchumhachtaí an domhain.
Níl na daoine in ann iad féin a chosaint agus níl éinne ag teacht i gcabhair orthu.
Agus an t-alt seo á scríobh, chaith eitleán Iosraelach roicéid díreach anuas ar shlua a bhí ar thóir bia i lár an lae i lár Gaza. Maraíodh ar a laghad 30 duine san ionsaí sin amháin.
Tá nós sa litríocht Ghaelach, go háirithe san Fhiannaíocht, ina mbaintear leas as saintréithe liteartha chun áibhéil a dhéanamh ar thréithe na gcarachtar, chun uafás catha a chur in iúl, nó chun áilleacht, crógacht, nó cumas an churaidh a thabhairt le fios.
Cur chuige é sin a bhí ina chuid lárnach den traidisiún béil. Chabhraigh patrúin fuaime - an mheadaracht - le reacairí an scéal a choinneáil ar bharr a ngoib - chun insint na scéalta a éascú.
Murab ionann agus an litríocht béil, bheadh sé deacair áibhéil a dhéanamh ar bhánú Gaza.
Tá sé soiléir. Tá sé doshéanta. Feachtas cinedhíothaithe atá faoi lán seoil ag Iosrael in aghaidh na bPalaistíneach.
Ar ndóigh, sa lá atá inniu ann, níl gá le reacairí leis an scéal a insint; tá uirlisí agus modhanna eile againn a úsáidtear leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh.
Seachas cleasa meadarachta an bhéaloidis, is trí fhíseáin, grianghraif, agus tuairiscí nuachta ar na meáin shóisialta a insítear scéal laochra Gaza – iad sin atá ag obair sna hospidéil, iriseoirí agus gnáthdhaoine atá ag streachailt go laethúil.
Cumhacht
Ach mar sin féin, tá an chumhacht atá ag na comhlachtaí móra teicneolaíochta ar cheann de dhúshláin mhóra na linne. Tá an cumas atá acu an nuacht a sheachadtar trí na meáin shóisialta a riar mar is toil leo féin dosháraithe agus thar a bheith baolach.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur bhuaigh an file Palaistíneach Mosab Abu Toha an duais Pulitzer de bharr sraith aistí a scríobh sé don New Yorker ina ndearna sé cur síos ar shaol agus ar fhulaingt na bPalaistíneach.
An lá dar gcionn tuairiscíodh gur chuir Meta a chuntas Facebook ar fionraí.
Ach é sin ar fad ráite, is leis an bhfón póca, croílár mhúnla gnó na gcomhlachtaí sin, a insítear an scéal.
Agus an t-alt seo á scríobh, chaith an IDF diúracáin díreach anuas ar shlua a bhí ar thóir bia i lár an lae i lár Gaza. Maraíodh ar a laghad 30 duine san ionsaí sin amháin. Laistigh de chúpla nóiméad, bhí toradh an tsléachta le feiceáil ar líne. Físeáin na n-uafás.
Fir, mná agus páistí, iad sínte i locháin fola, a gcorpáin thanaí stróicthe as a chéile.
Ní raibh ann ach ionsaí amháin as na mílte eile. Go dtí seo tá breis agus 52,000 duine maraithe ag Iosrael san ionradh ar Gaza, tar éis gur maraíodh suas le 1,200 duine le linn ionsaí Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair.
Anois, tá ceannaire Iosrael, Binyamin Netanyahu, ar tí an t-ionsaí ar Gaza a ghéarú. Is léir go bhfuil sé i gceist Gaza a fhorghabháil go hiomlán agus a muintir a bhrú isteach i bpócaí cúnga i ndeisceart na stráice d’fhonn iad a ruaigeadh isteach sna tíortha máguaird.
Tá roinnt ceannairí tar éis é a cháineadh. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur coir chogaidh a bhí ann cabhair a shéanadh ar dhaonra atá ag fulaingt, ‘cuma na cúinsí’.
Fáiltíodh roimh an méid sin ach an leor é? Tá ceist ann nach bhfuil freagraithe go sásúil fós ag Rialtas na hÉireann.
Baineann sé le seachadadh armlóin trí aerspás agus aerfoirt na tíre. Dúirt an Tánaiste Simon Harris ar an Late Late Show ar na mallaibh nár chreid sé go raibh armlón á sheachadadh trí aerspás na hÉireann go hIosrael.
Dúirt sé freisin gur ‘dúshlán’ atá ann tuiscint a fháil ar céard go díreach atá á sheachadadh agus d’admhaigh sé go bhfuil breis oibre le déanamh i dtaobh na ceiste seo.
Coicís ó shin, tuairiscíodh ar Scéal go ndúirt an t-iriseoir Palaistíneach Yousef Alhelou, a bhí ar camchuairt sa tír chun scannán faisnéise leis a thaispeáint, gur mhór leis go n-ardófaí guth in aghaidh an tsléachta atá ar siúl in Gaza.
Dúirt se gur cheart do Rialtas na hÉireann cead a dhiúltú do na Stáit Aontaithe armlón a iompar trí Aerfort na Sionainne.
Dúirt sé an méid sin mar, dar leis, go léiríonn an ciúnas faoina bhfuil ar siúl ann comhpháirtíocht sa chruatan.
Más féidir leis na fórsaí slándála gach iarracht a dhéanamh drugaí a stopadh ag calafoirt agus ag aerfoirt na tíre, ba cheart go mbeadh sé de chumas acu gach iarracht a dhéanamh eitleáin a chuardach i gceart agus iad suite ar thalamh na hÉireann.
Uaireanta nuair nach féidir ciall a bhaint as an saol is chun na litríochta a chastar agus chuir an méid a dúirt Alhelou dán le Seán Ó Ríordáin i gcuimhne, píosa filíochta a cheanglaíonn freagracht na hÉireann agus an domhain mhóir i leith Gaza.
Ní Ceadmhach Neamhshuim
Níl cuil, níl leamhan, níl beach,
Dar chruthaigh Dia, níl fear,
Nach dualgas dúinn a leas,
Níl bean; ní ceadmhach neamhshuim
A dhéanamh dá n-imní;
Níl gealt i ngleann na ngealt,
Nár chuí dhúinn suí lena ais,
Á thionlacan an fhaid
A iompraíonn thar ár gceann,
Ár dtinneas-ne ‘na mheabhair.
Níl áit, níl sruth, níl sceach,
Dá iargúlta iad, níl leac,
Bídís thuaidh, thoir, thiar nó theas,
Nár cheart dúinn machnamh ar a suíomh,
Le gean is le báidhíocht;
Dá fhaid uainn Afraic Theas,
Dá airde í gealach,
Is cuid dínn iad ó cheart:
Níl áit ar fuaid na cruinne
Nach ann a saolaíodh sinne.