Gúrú na gCnoc a thugann lucht na Gaeilge ar an fhile Cathal Ó Searcaigh. Gúrú an Ghrinn a thabharfaidh siad ar an eacnamaí David McWilliams feasta i ndiaidh a chuid cainte ar Thóstal na Gaeilge i nGaillimh ag an deireadh seachtaine.
Óráid lán scéalta grinn a bhí sa léacht a thug McWilliams - "Why Irish is set for a renaissance" - agus bhí aon teachtaireacht shimplí amháin aige: tá margadh meánaicmeach ann do na heagrais Ghaeilge.
Níor inis sé dá raibh i láthair conas an margadh sin a aimsiú ach is dócha nach de ghnó an ghúrú sin a dhéanamh. Díríonn an gúrú a mhéar i dtreo na sléibhte, canann "An treo sin" agus fágann an spaisteoireacht faoin lucht leanúna.
Labhair McWilliams don chuid is mó ar mheánaicme Bhaile Átha Cliath agus ar an athrú meoin atá anois orthu i dtaobh na teanga de. Tá siad toilteanach cluas le héisteacht a chur orthu féin don soiscéal Gaelach. Bhí sé dóchasach go raibh deis anois ann iad a mhealladh i dtreo na teanga agus labhródh siad í anois agus arís.
Dea-scéala an méid sin féin. Ach conas dea-thoil a cheapadh, tabhairt ar an mheánaicme aisling na teanga a cheannach le cois an SUV agus déagóirí a mhealladh i dtreo Gaeilge?
Thuigfeá as caint McWilliams go raibh earra na teanga faiseanta faoi láthair. Is é an cheist a chuirfeá ort féin faoina léargas: cá fhad a mhairfeadh an faisean? Agus, ar bhonn fealsúnachta, an féidir le lucht na teanga caidreamh a bhunú le meánaicme an Bhéarla a mhairfeadh agus a bheadh éifeachtach?
Éilíonn teanga umhlaíocht ar chainteoir, is é sin, ní féidir le duine ar bith teanga a cheannach; ní féidir leis an chainteoir seilbh bheith aige uirthi mar a bhíonn aige ar theach saoire sa Phortaingéil nó ballraíocht sa K Club.
An dtiocfaidh mian úinéireachta na meánaicme salach sa deireadh ar ghníomh neamhleithleach na labhartha, gníomh ar aitheantas é gur ball beag bídeach é an cainteoir de phobal agus de chultúr?
Conas na sléibhte a bhaint amach, mar sin, conas ceann a chur ar an turas agus an chéad ghlúin eile a chur ar bhealach a leasa agus a labhartha?
Faoi na heagrais Ghaeilge atá sé pleanáil straitéiseach a thosú; fúthu atá sé foirgnimh a aimsiú, ranganna a eagrú agus ócáidí a chur sa siúl sa bhreis ar an obair stuama leanúnach a dhéanann siad i réimsí eile na hearnála, i gcúrsaí reachtaíochta agus oideachais, mar shampla.
Airgead a bheidh de dhíth, airgead mór gan amhras. Ní hé nach bhfuil airgead ann; is é an deacracht, de réir na n-eagras deonach, nach féidir leo teacht air. Agus amharc go bhfuil an t-eagras Gaeilge is saibhre - Foras na Gaeilge - anois gan cheannaire agus seal an chéad phríomhfheidhmeannaigh, Seosamh Mac Donncha, tugtha.
Thug Mac Donncha le fios trí mhí ó shin go raibh sé le himeacht. D'ainneoin sin, níor fógraíodh an folúntas. Tuigeann gach aon duine faoi seo go meileann muilte na Comhaireachta Thuaidh/Theas go mall agus ní dea-thuar é an t-eagras uile-oileánda bheith gan cheannaire.
Ní heol cá huair a fhógrófar an post, gan a bheith ag caint ar cheapachán a dhéanamh. Idir an dá linn, beidh an leas-phríomhfheidhmeannach, Ferdie Mac an Fhailí, i mbun cúrsaí ar bhonn eatramhach.
"An Chéad Ghlúin eile" an téama a bhí ag an Tóstal. Aithníodh an phráinn a bhí le polasaithe óige agus aithníodh an gá le caidreamh a bhunú leis an dream tostach sin, pobal an Bhéarla le Gaeilge.
Tús a bhí san ócáid agus tairseach fosta. Tá mórán fiontar náisiúnta curtha i gcrích ag na heagrais le 15 bliain anuas. An rud is tábhachtaí anois daoine óga a earcú. Muna ndéantar, beidh deireadh ré ann. Lánstad.