Tháinig an fhearthainn aniar an iarraidh seo. Bhí mé i mo sheasamh ar imeall an locha agus thiocfadh liom na néalta a fheiceáil. Bhí siad ag bailiú le chéile ar na sléibhte, ag bogadh go mall réidh chugam.
Fearthainn a bhí ann go cinnte, néalta troma liatha in airde. Ní raibh deifir ar bith ar na néalta céanna. Bhí a fhios acu go raibh mé gafa acu, nárbh fhada go mbeinn faoin fhearthainn, nach raibh éalú ar bith ar na deora anuas.
Shlog na néalta an tírdhreach siar diaidh ar ndiaidh. Tháinig an fhearthainn agus d’imigh na sléibhte. Tháinig an fhearthainn agus d’imigh an loch. Tháinig an fhearthainn agus d’imigh an solas. Ní raibh mé riamh sa tSahára ach is minic a chonaic mé clár faisnéise faoi stoirm ghainimh, faoin dóigh a mbailíonn an ghaoth an gaineamh le chéile in aon tonn amháin agus go gclúdaítear gach créatúr beo faoina brat.
Mar an gcéanna a bhí an scéal an lá seo. Chlúdaigh na deora anuas gach aon rud. Chuaigh bóithre agus móinteacha as radharc. Tá líne ar dóigh ag an scríbhneoir Heinrich Böll faoin fhearthainn in Éirinn ina leabhar, Irisches Tagebuch: “Der Regen ist hier absolut, großartig und erschrekkend.” Tá Gaeilge ar an líne sin: “Bíonn an bháisteach daingean, ollásach agus scanrúil anseo.” (Seán Sabhaois a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.)
Is maith mar a fhóireann na focail sin don bháisteach a thagann chugainn go minic: daingean, ollásach, scanrúil.
Fearthainn. Absolut!
PÓM