Bhíodh lón laethúil agam le scata daoine tráth san áit ina mbínn ag obair. Ceapairí á gcogan agus cabaireacht á caitheamh timpeall. Iomáint, peil, an scéal is déanaí, an boss é féin, luaidreán an lae, an bhréag mhór is a mallacht á leithriú ón mbréag bheag agus a beannacht. Nuair a thiteadh an ciúnas, nó an leamhas, bhí an pholaitíocht i gcónaí againn.
Inár measc bhí aon duine amháin a bhí baistithe in umar an tsóisialachais. Níor mhiste liom féin an méid sin, óir chonaic mé a mhaitheasaí agus a bhuanna i dtíortha ina raibh mé, agus thuigeas a mhalairt agus cuairt á thabhairt agam ar Versailleis nó ar Phálás Samhraidh Leningrad nó nuair a chonaic mé folcadán óir an Rí Farouk i gCaireó. Agus bhí toise shóisialach éigin i réabhlóid na hÉireann, go háirithe á tomhas le gunnaí Arm Cathartha na hÉireann agus scríbhinní Uí Chonghaile agus arbh fhéidir a mhaíomh nach mbeadh an réabhlóid sin in aon chor ann á gceal.
B’í an fhadhb a bhí agam le mo dhuine, áfach, ná nach bhféadfaí a léirmhíniú uaidh riamh cad ba bhrí aige le ‘sóisialachas’. Nuair a dhéanainn moladh éigin ar Chastro, a raibh moltaí móra ag dul dó, dar liom, b’é freagra a gheibhinn, ‘ach ní sóisialachas é sin.’ Nuair a luainn Willy Brandt agus rud éigin a bhí déanta, nó a mhalairt, b’é freagra a gheibhinn ‘ach ní sóisialachas é sin.’ Nuair a chasainn gearán leithscéalach éigin le Tito gheibhinn an dearbhfhreagra céanna - ‘ach ní sóisialachas é sin.’
Ach an oiread le deighilteanna na Críostaíochta sa luathré idir Nostaigh agus Mainichéaigh agus Carpocratiáinigh, nó a bhfuil de scoilteanna sna heaglaisí eiriciúla - mar adéarfá - in Leódhas na hAlban leis a ráitear an eaglais bhunaithe, eaglais na hAlban, an eaglais phreisbitéireach, an eaglais shaor phreisbitéireach, an eaglais shaor leantainneach, an eaglais shaor chléireach, an eaglais bhíobalta, eaglais lá na sabóide, eaglais an aon fhocail amháin, eaglais dhorchaithe na bhfuinneog, eaglais an chúraim nua agus eaglaisí eile nach bhfuil cláraithe fós, ba thuigthe go raibh mionshlisní an tsóisialachais níos diamhaire fós.
Ach níl, go háirithe don té a bhfuil scuab leathan mhaol aige mar atá agamsa. Pé slí ina gcaitheann tú na díslí in airde seasann an sóisialachas ar son cearta an duine agus cothromaíocht éigin sa phobal. Tá ag iarraidh an bhearna idir aicmí a thabhairt isteach agus lámh a bheith ag an lucht oibre in úinéireacht a gcuid allais. Tá’s agam go bhfuil i bhfad níos mó ná sin ann agus d’fhéadfadh an sioscadh seo dul ar aghaidh go brách, ach tá aon ní cinnte dearfach siúráilte ann, agus is é sin, gurb é malairt an chaipitleachais é a éilíonn gurb é an t-airgead an máistir agus go gcaithfear géilleadh do riachtanais an mhargaidh gan srian, margadh an chasino, an margadh fiain ar cosa in airde ag creachadh tríd an domhan d’fhonn an duine a scrios. Tá in aghaidh an phribhléid le hoidhreacht a fhágann gur le dornán zilliúnaí formhór mór mór mór mór de shaibhreas na cruinne a fuair siad mar fhéirín fola ó mhama nó ó phapa, agus i gcoinne na mangartana de cháirníní óir a chnuasaigh zxilliúnaithe eile de thoradh taighde a d’íoc tadhg agus sadhbh an bhogaigh as.
Chuige seo an racht réasúnta thuas: cibé rud is sóisialachas ann ina seomraí agus ina seicteanna éagsúla, ní chuimilíonn aon cheann díobh le Joe Biden! Tá an s-fhocal caite sa chró ag Trumpa na bhFlaitheas d’fhonn sceimhle agus scanradh agus scáth agus scaoll a chur ar mhuintir na Stát Aontaithe. Ba mhaith leat go seasfadh sóisialach don uachtaránacht uair éigin thall, ach ba leor leat ar a laghad go bhfeicfí an bhréag ina steillenocht idir seo agus an tSamhain.