Heu prisca fides!/Mo léan don seanchreideamh! – Virgil Nuair a bhí Scúdú na Scoláireachta críochnaithe againn – sna laethanta sin roimh shaoroideachas – thosaigh na Bráithre Críostaí i gCaisleán Druimní ag múineadh na Laidine dúinn roimh dhul isteach don chéad bhliain meánscoile dúinn.
Tar éis strus na bliana scoláireachta rinne sé maith dúinn uile staidéar ab initio a dhéanamh ar an Laidin.
Ó rinne ár rangsa na hábhair go léir trí mheán na Gaeilge go nuige sin, ba bheag dúshlán dúinn an Laidin in ainneoin gur teanga chasta infhillte í.
Ba é an 'Bíobla' a bhí againn sna laethanta ailcín sin ná Longman's Latin Course agus ba ghearr go rabhamar ag aistriú abairtí aisteacha ar nós 'maisíonn an feirmeoir an pháirc,' – agricola agrum ornat – nó 'tá na coillte go hálainn, a bhoird! – silvae pulchrae sunt, mensa!
I rith na 1960í agus na 1970í bhí an-luach go deo ar oideachas acadúil (nó clasaiseach) agus bhíothas den tuairim go raibh sé i bhfad níos snasta ná oideachas praiticiúil san adhmadóireacht, miotalóireacht agus sa líníocht theicniúil mar a bhí ar fáil sna ceardscoileanna.
Bhí an Teastas Grúpa ann dá leithéidse de mhic léinn a raibh ceard uathu, murab ionann agus an Mheánteist agus an Ardteist a bhí ann dóibh siúd a raibh ar intinn acu dul ar ollscoil nó buanphostanna a aimsiú sa bhanc, in Aer Lingus nó sa státsheirbhís.
Faoin am gur thógamar scrúdú na Meánteiste bhí ar ár gcumas Laidin a aistriú go réasúnta maith, briathra a réimniú agus línte Virgil a scanadh ní áirím taithí a bheith again ar De Bello Gallico Iúil Caesar, lena abairt réamhráite bhuanchlúiteach: "Gallia est omnia divisa in partes tres."
Glacadh leis go raibh an téacs seo oiriúnach d’fhoghlaimeoirí de bharr go raibh an cuntas ann ar chogaí sa Ghaill díreach agus neamhchasta.
Sa chúigiú bliain chuamar ar aghaidh chun Pro Lege Manilia le Cicearó a scagadh – téacs a bhí i bhfad níos casta ná Caesar go háirithe ó bhí ár n-aire san am sin, ar na Beatles agus ar chailíní a bhí i bhfad Éireann níos suimiúla ná an Tríú Cogadh Mithrideatach agus moladh Chicearó go seolfaí Poimpéas go tosach catha.
Ghlac mé an Laidin mar ábhar chéadbhliana san ollscoil in UCD agus bhain mé an-taitneamh as Leabhar 8 de Mhetamorphoses Óivid agus an cuntas a bhí ann ar an Mhíonótár, Daedalus agus Icarus féin.
Bhí scéal Icarus tábhachtach ach go háirithe mar bhí sé ag teacht le A Portrait of the Artist as a Young Man le James Joyce a bhí ar an gcúrsa Béarla.
Tá an Laidin ag dul i léig anois, teanga mhí-aimsearthach in aois na teicneolaíochta, na cumarsáide láithrí agus na meán sóisialta. Ó tháinig an tAifreann Béarla ar an saol i lár na 1960í ba bheag duine ar theastaigh sé uaidh mar ábhar sagairt agus lean an meath go cúrsaí dlí, leighis agus poitigéireachta.
Agus mé éirithe as obair mar mhúinteoir, áfach, tá mé ag athaimsiú na Laidine. Meastar go ngéaraíonn cluichí ar nós Lumosity Memory Matrix agus Sudoku an inchinn, ag coinneáil amach ón duine néaltrú (dementia) – ar feadh tamaill ach go háirithe – ach is é mo thuairim láidir nach bhfuil cailleadh ar bith ar cheacht Laidine in aghaidh an lae lena infhillidh chasta.
Tá Longman's Latin Course caite sa bhosca bruscair glas agam le fada an lá ó tháinig mé ar an Cambridge Latin Course.
Sa tsraith iontach seo nasctar na ceachtanna Laidine le ré áirithe i stair na Róimhe ag tabhairt deis ar leith don fhoghlaimeoir dearcadh déthoiseach a fháil ar an ábhar. Tá ábhar suimiúil le fáil freisin ar an Idirlíon ar nós Beginners’ Latin (The National Archives) ina bhfuil 12 ceacht a ligeann don fhoghlaimeoir seancháipéisí a léamh go muiníneach sa Laidin idir 1086 agus 1733. Trí úsáid na sraithe idirghníomaí is féidir leat botúin a cheartú agus bualadh ar aghaidh gan dua.
Ar na saolta seo is beag baothghalánacht a fheicimid i leith an léinn chlasaicigh nuair a thoghann mic léinn an t-ábhar is fearr a oireann dá gcumas.
Is beag ar óige an lae inniu an cultúr Rómhánach agus iad sáite i Facebook nó Twitter ach is fiú go mór an bunús Laidine a tugadh blianta fada ó shin: ba dhroichead í an teanga ársa chun teangacha ar nós Fraincis, Spáinnis agus Iodáilis a fhoghlaim maraon le saibhreas luath-shibhialtacht an Iarthair a chur i láthair an aosa óig.
Cé go nglacaim leis gur cosúil go gcáinfear mé as ‘pionós’ cheachtanna Laidine a ghearradh orm féin, tá mé meáite fós ar bhealach Naomh Pól a leanúint nuair a dúirt gur “chloígh sé leis an gcreideamh”.
Glacaim comhairle Horáit freisin ar an ábhar céanna nuair a dúirt “pactum serva!” – “coinnigh an creideamh!”