Tá biaiste na scrúduithe Stáit buailte linn agus an t-allas ag sileadh. Gaiscígh agus gearrchailí óga ag iarraidh ar fhoghlaim siad ó rang na naíonán beaga a chur le chéile d’aon iarracht mhór amháin eile.
Seo é báire na tola, an scrúdú is tábhachtaí dá ndéanfaidh siad lena mbeo. Comhairle ag titim chucu ó thaobh na dtaobhann fad is atá an caifé dubh agus an cithfholcadh fuar ag fanacht chun na súile sin a choimeád ar oscailt.
Is é nach dtuigtear ná a eisceachtúla is atá an deasghnáth samhraidh seo don óige. Breis bheag agus 400 buachaillí, agus beagán thairis 200 cailíní a dhein an chéad scrúdú ardteistiméireachta nuair a tosnaíodh air sa bhliain 1926.
Má tá matamaitic ardleibhéil á déanamh agat, oibrigh amach an céatadán sin den aoisghrúpa nach foláir nó bhí 60,000 éigin ann san am.
Go deimhin féinig, níos lú ná 25 faoin gcéad den óige scoile a shuigh an scrúdú céanna leathchéad bliain ó shin, agus pislín beag díobh sin a chuaigh ar aghaidh chun na hollscoile.
Fairis sin, is fairsinge ná riamh raon na n-ábhar ar féidir iad a roghnú. Is beag rud anois nach bhfuil fáil air seachas cúrsa sa bhearrbóireacht, sa phuftaos nó i gcluichí ríomhaireachta. Cúrsaí go fairsing in ábhair a bhfuil baint acu le brícléireacht, le pléascáin agus le comhaireamh airgid.
Teangacha i dtaobh thiar den tslua, ach ar a laghad cothroime éigin anois ann do na Slavaigh anoir seachas béim ar chaint is ar litríocht na Rómhánach mbarbartha amháin.
Ar na saolta seo nuair is gá gach plean a bheith straitéiseach agus gach eolas a bheith comhtháite agus gach machnamh a bheith jaighndup is í ceist a rithfeadh leat ná an bhfuil aon mheabhair mhór amháin os cionn an iomláin?
Ní gá an focal mallaithe ‘fealsúnacht’ a tharraingt thar ghunail isteach mar íocshláinte, ach earra is talmhaí go mór ná sin.
An bhfuil aon rud ann a dhéanann iarracht ar an saol seo anois a mairimid ann a chiallú ina shlánchruinne, nó cúpla coiscéim den tslí fiú amháin?
An smaointeoireacht chriticiúil seo a maítear dúinn a bheith, bhuel, abraimis, criticiúil, cá bhfuil sí uainn?
An bhfuil aon ábhar ann, nó smut de, a léiríonn nár tháinig cúrsaí an domhain seo agus leagan amach na cumhachta, nach bhfuarthas iad laistíos de thor cabáiste, nó nár storc a sheol chugainn iad lándéanta?
Sna hábhair eacnamaíochta sin go léir, an léirítear go bhfuil baint éigin ag airgead lofa na zilliúnaithe le bochtaineacht na mbilliún?
Gurb iad na tíortha atá i mbun slándála, mar dhea, is mó agus is díograisí ag soláthar agus ag díol arm agus sás scriosta ar fud na bhfud?
Gurb iad na comhlachtaí is mó gradam agus is éirithí ar fad atá ag truailliú an phlainéid bun barr agus timpeall ar ais?
Gur tionscal mór le rá é tionscal na tuairimíochta poiblí agus go bhfuil na meáin shóisialta á chothú ar mhaithe le daoine gan ainm?
Go dtugtar ‘tíortha faoi fhorbairt’ ar stáit bhochta an domhain, cé gur ag dul ar gcúl atá go leor díobh?
Go dtugtar comhlachtaí ‘ilnáisiúnta’ ar na comhlachtaí sin a bhfuil a ladhracha spréite gach áit, ach go bhfuil siad teoranta don chúpla náisiún mór féin?
Go gcaitheann na Náisiúin Aontaithe pinginí beaga ar choimeád na síochána suas is anuas lena ndáileann na náisiúin féin ar chothú an chogaidh?
Mura gcuireann an stát smacht ar na bainc, go gcuirfidh na bainc smacht ar an stát.
Gur bó bheannaithe duine amháin hamburgar duine eile.
Is ea, is maith ann iad na scrúduithe Stáit mar a ritheann, ach ní ritheann fad leis an aimsir láithreach féin.