Ar cheart dúinn focal nua a chumadh don am atá ann? Tá neart focal againn ar ‘fhearthainn’. Nár cheart go mbeadh cúpla focal sa bhreis againn ar ‘lá’? Ní leor ‘lá’ le cur síos a dhéanamh ar an lá atá anois againn an t-am seo bliana.
Éiríonn an ghrian – más ar éigean é – go mall ar maidin agus titeann clapsholas go luath tráthnóna.
Múchann an oíche an lá; plúchann an dorchadas an solas. Ní mórán de lá é; ní leor de lá é.
Maireann muid idir tréimhsí dorcha, idir tonn dhorcha amháin ar maidin agus an dara tonn tráthnóna. Ní leor an tréimhse bheag ghortach sin solais leis an ghradam ‘lá’ a bhronnadh uirthi.
Smaoinigh ar an fhocal ‘lá’ agus smaoiníonn tú go fóill ar laethanta an tsamhraidh; ar lá mór ag an chluiche, ar lá mór cois trá, ar lá mór le cairde, ag an bhainis, ag an phub faoin ghréin, ar an lá i mbun spaisteoireachta ar shléibhte.
Lá mór amuigh.
Chan sin atá anois againn ach lá beag istigh. Tá feidhm le focal nua, focal a chuirfeadh síos go cruinn ar laethanta dorcha seo an gheimhridh, focal a chuirfeadh díth an tsolais i gcuimhne dúinn: laglá; bochtlá, gannlá, fannlá, donnlá, leamhlá...
An dara hinse
Níor luaithe údar Afracach amháin luaite ar an cholún go dtagann an dara duine. Bhí an t-údar Céineach, Ngugi wa Thiong’o, ag caint i Luimneach an tseachtain seo caite ar chomhdháil a bhain le cúrsaí teanga – ceist na Gaeilge ach go háirithe.
Faraor, ní bhfuair mé deis bheith ann. Mór an trua nó, oiread chéanna le Chinua Achebe, a luadh an tseachtain seo caite, bhain sé clú agus cáil amach dó féin as feabhas a chuid scríbhneoireachta.
Ach, murab ionann agus Chinua Achebe, thug Ngugi wa Thiong’o droim láimhe leis an Bhéarla agus scríobh ina teanga dhúchais, Gikuyu.
Ní léir go bhfuil aiféaltas ar bith air as an chinneadh. Labhair sé le Guardian na Breataine i mbliana agus dúirt: "If I meet an English person, and he says, 'I write in English,' I don't ask him 'Why are you writing in English?' If I meet a French writer, I don't ask him, 'Why don't you write in Vietnamese?' But I am asked over and over again, 'Why do you write in Gikuyu?' For Africans, the view is there is something wrong about writing in an African language."
Is beag duine le Gaeilge nach gcluinfeadh macalla na teanga bige seo sna línte sin.
Ba dheas dá dtabharfadh lucht an Bhéarla in Éirinn aird orthu.
I ndeireadh thiar thall, is mó aird a thugtar ar an scríbhneoir mhór idirnáisiúnta ná ar an Ghael bhocht dhearóil.
Anseo muid
Scríobh Oliver Jeffers leabhar dá mhac nua, Harland, nuair a tháinig sé ar an tsaol agus thug sé
Anseo atá muid: nótaí faoi chónaí ar an domhan
(Futa Fata) air. Saothar galánta atá ann atá líon lán pictiúr lándaite agus tá an leabhar tiontaithe go Gaeilge ag Máire Zepf, scríbhneoir a bhfuil cáil uirthi féin as feabhas a cuid scríbhneoireachta don óige.
Cuireann an leabhar síos ar na réaltaí atá os ár gcionn – an Réalta Thuaidh, an Béar Beag, An Céachta – ar na pláinéid eile i gcóras na gréine – Véineas, Mearcar, Iúpatar – agus ar an phláinéad bheag seo: “Sé do bheatha. Fáilte chuig an phláinéad seo. Tugann muid an Domhan air. Is ar an chruinneog mhór seo, ar foluain sa spás, a chónaíonn muid.
“Tá muid sásta gur aimsigh tú muid mar tá an spás millteanach mór.”
Déanann sé míniú, trí na léaráidí lándaite, ar thírdhreach an phláinéid, ar thalamh, ar fharraige, ar shléibhte, ar an ghréin, ar an ghealach agus ar an duine féin: “Is duine tusa. Tá corp agat. Tabhair aire dó, mar ní fhásann mórán píosaí ar ais arís.”
Insíonn sé dá mhac go bhfuil “cuma mhór ar an Domhan. Ach tá cuid mhór againn anseo. Mar sin de, bí cineálta.”
Dea-chomhairle!
Seolfar Anseo atá muid i bPláinéadlann Ard Mhacha san oíche amárach ag 7 p.m.
An domhan liteartha
Agus nuair a bheas tú réidh leis na réaltaí, beidh tú in ann d’aird a dhíriú ar an domhan ... liteartha. Seolfar an t-eagrán is nuaí de Irisleabhar Mhá Nuad in Institiúid Ealaíon agus Daonnachtaí, Ollscoil Mhá Nuad, ag 6 p.m. Déardaoin . Tá ábhar le scríbhneoirí atá i mbun pinn le fada – Breandán Ó Doibhlin, mar shampla – agus saothar úr leis an chéad ghlúin eile scríbhneoirí, mic léinn Mhá Nuad féin.
Is í an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, léachtóir le Nua-Ghaeilge ar an ollscoil, eagarthóir nua na hirise agus tá pleananna ann le stádas acadúil an fhoilseacháin a neartú. Ní hamháin go bhfuil cuireadh ort bheith i láthair do sheoladh na bliana seo ach tá cuireadh ort ábhar a chur ar fáil d’eagrán 2019. Eolas: tracey.nimhaonaigh@mu.ie