Bhí clár faisnéise ar an teilifís an tseachtain seo caite a rinne cur síos spéisiúil ar bheatha polatíochta Boris Johnson, méara Londan agus duine a bhfuil roinnt tráchtairí ag caint air mar chéad cheannaire eile an Pháirtí Choimeádaigh; fear a d’fhéadfaí teacht i gcomharbacht ar David Cameron.
Is carachtar ceart é Johnson. Tá pearsantacht aige atá leath bealaigh idir súgradh agus dáiríre. Tá sé deacair é a sheachaint lena fholt fionn.
Tá an cúlra uasaicmeach céanna aige le David Cameron; bhí sé ar Eton agus Oxford ach ní bhraitear go bhfuil sé chomh scoite ón ngnáthshaoránach agus atá Cameron.
Cé go ndéanann daoine – é féin ina measc – cúis magaidh as agus deirtear nach bhfuil sé dáiríre, ná substaintiúil go leor, mar pholaiteoir, is cinnte go bhfuil tréithe agus buanna as an gcoitinne aige. Ní aon timpiste é gur mheall sé na milliúin vótaí in dhá thoghchán as a chéile chun post Mhéara Londan a bhaint amach. Is sárscríbhneoir é, greannmhar agus cliste, le tuiscint láidir aige ar mheon an phobail d'uireasa a chúlra
phribhléidigh.
B’fhéidir gurb í an tréith is láidre atá aige ná go dtaitníonn sé le daoine ó gach uile aicme agus go gcothaíonn sé muinín i ndaoine. Sin in ainneoin na gconspóidí a bhain lena mhídhílseacht pósta nó cúpla eachtra le linn a shaoil mar iriseoir ina raibh uisce faoi thalamh i gceist.
Ní ar Boris atá muid ag díriú inniu ach ag cur na ceiste: an bhfuil a mhacasamhail againn in Éirinn? Cé hé nó cé hí an polaiteoir le pearsantacht thar cuimse a sheasann amach ón slua? An bhfuil ár mBoris féin againn, duine a théann beagán in aghaidh an tsrutha?
Tá a lán a thagann chun cuimhne san am atá caite cé nach fir ghrinn a bhí iontu: Ian Paisley; Charlie Haughey; Éamon de Valera.
D’fhéadfá Garret Fitzgerald a chur san áireamh chomh maith ar an dóigh go raibh a smaointe i gcónaí ag dul ar seachrán; Michael McDowell chomh maith: cruthaitheach, éirimiúil, fuinniúil – ach ró-mhífhoighdeach agus róchonspóideach.
Ach i measc na glúine de pholaiteoirí óga atá ann faoi láthair tá sé deacair aon duine a phiocadh amach a bhfuil a) bunús ceannaireachta le brath iontu agus b) atá ag stracadh in aghaidh a bheith gnásúil. I measc na dteachtaí neamhspleácha tá roinnt daoine nach gcloíonn le gnáthchoinbhinsiúin ach níl seans dá laghad ann go bhfeice muid iad ainmnithe mar thaoiseach sa todhchaí.
D’fhéadfá Mattie McGrath, Michael Healy Rae, Luke Ming Flanagan agus Mick Wallace a mheabhrú. Ach nuair a théann tú tríd an liosta d’ainmneacha sna páirtithe, tá sé deacair aon duine a phiocadh amach nach ndéanann rudaí de réir na rúibricí.
Níl mé á rá gurb ionann pearsantacht nó ego millteach agus tréithe ceannaireachta. Ach caithfear splanc de chineál a bheith ionat. I measc na n-airí is cinnte go seasann Joan Burton agus Alan Shatter amach mar dhaoine aonaracha le pearsantachtaí láidre. Tá Michael Noonan cumasach (agus greannmhar) ó thaobh na cumarsáide de agus é ag roinnt teachtaireachtaí crua faoi chúrsaí déine agus tá clisteacht fá leith ag baint le Pat Rabbitte. I measc na n-airí agus polaiteoirí óga, d'fhéadfá Leo Varadkar, Lucinda Creighton, Brian Hayes, Michael McGrath agus Mary Lou McDonald a shamhlú mar cheannairí amach anseo.
Ach i measc an aosa óig atá tagtha chun cinn sa pholaitíocht le roinnt blianta anuas, braitheann tú scaití gur ceird í dóibh ar nós
cúntasaíochta nó an dlí.
Agus cé go bhfuil ábaltacht agus fuinneamh acu, tá roinnt mhaith atá beagán leamh ina bpearsantachtaí; polaiteoirí a dhéanann chuile rud de réir na rúibricí agus de réir rialacha na bpáirtithe. B'fhéidir go
mbaineann sé le heaspa taithí agus féinmhuiníne – fiú tar éis dhá bhliain.
Tá sé deacair a rá go baileach cén fáth ach tá an chúthaileacht agus coimeádachas aigne níos follasaí i measc theachtaí an Lucht Oibre ná aon pháirtí eile. (Bhuel, ní fíor é sin go hiomlán ós rud é go bhfuil diansmacht ar theachtaí Shinn Féin!)
Murab ionann agus Boris bíonn formhór na mboc óg sa Dáil i gcónaí “on message”.
Bíodh sin mar atá, tá
dílseacht don pháirtí an-tábhachtach i gcomhthéacs polaitíochta na hÉireann agus ní chabhraíonn sé le haon pholaiteoir bheith i gcoimhlint i gcónaí leis an bpáirtí.
Ach creidim go gcaithfidh tréithe daonna agus
polaitíochta beagáinín as an ngnáthach a bheith acu siúd a bhfuil sé mar aidhm acu bheith mar cheannaire nó taoiseach ar an Stát.
Bhí Bertie Ahern tumtha sa pholaitíocht agus san obair, íomhá an ghnáthfhir go láidir aige agus dúthracht oibre a mheall go leor vótaí i dtreo Fhianna Fáil.
Ar mórán bealaí tá an mianach polaitiúil céanna in Enda Kenny agus a bhí in Ahern agus é ar a chompord i measc na cosmhuintire. Tá éagsúlacht mhór amháin ann, áfach: tá Kenny i bhfad níos tréine agus níos fuarchúisí nuair atá cinneadh crua le déanamh ná mar a bhí Ahern.
Tá sé sin léirithe aige lena sheasamh láidir maidir le polasaí an Rialtais ar ghinmhilleadh.
B’fhéidir nach bhfuil ár bpolaiteoirí chomh gáifeach agus taibhseach le Boris. Ach, don chuid is mó, caithfidh an té a bhfuil ábhar taoisigh ann nó inti a bheith scoite amach ón slua ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.