Beidh cosa tuirseacha brúite ag roinnt daoine maidin inniu tar éis Turas Cholm Cille a dhéanamh Dé hAoine seo caite.
Ar an 9ú de Mheitheamh, lá fhéile Cholm Cille a bhíonn an oilithreacht seo ar siúl go bliantúil i nGleann Cholm Cille, Tír Chonaill.
Níl ann ach cosán de thrí mhíle ach é a bheith briste suas ina 15 stáisiún ag tuamaí meigiliteacha, crosanna, agus séadchomharthaí eile sa cheantar. Fágann sin gur thart ar thrí uair an chloig a thógann sé an ceann cúrsa a bhaint amach.
Ceann scríbe de shórt eile atá le baint amach acu siúd atá ag scríobh sa halla scrúdaithe inniu – matamaitic ar maidin agus Gaeilge san iarnóin.
Lámha tuirseacha, seachas cosa, a bheidh mar ábhar míchompoird dóibhsean ag an deireadh.
Chaith Colm Cille é féin cuid mhaith ama ag scríobh siar sa 6ú haois de bharr na dúile a bhí aige sna lámhscríbhinní.
Fear ilghnéitheach tiomanta a bhí ann, agus é tugtha don chreideamh, don diagacht, don léann agus don taisteal. Is é an tríú mór-naomh de chuid na hÉireann é, i dteannta Phádraig agus Bhríde.
Maireann oidhreacht Cholm Cille i slite éagsúla. B'fhéidir gurb iad Léachtaí Cholm Cille is túisce a thagann chun cuimhne do mhórán – comhdháil i léann na Gaeilge de chuid Ollscoil Mhá Nuad a thosaigh i 1970 – agus an iris a fhoilsítear ar na himeachtaí.
Nó, b’fhéidir Iomairt Cholm Cille, eagras teanga agus cultúir a bunaíodh i 1997 – ar an 9ú Meitheamh gan amhras.
Ainmníodh é seo ina onóir de bharr é a bheith ina shiombail ar an gcultúr coitinn a cheangail Éire agus Alban anallód.
I nGartán, Tír Chonaill a rugadh é i 521. Ar an dá fhocal, colm agus cill atá a ainm bunaithe – tagairt don nós a bhí aige agus é ina bhuachaill óg am a chaitheamh ag guí sa chill.
An t-éan bán, ar ndóigh, a bhí ina shiombail ar an tsíocháin ó ré na luath-Chríostaíochta i leith atá mar bhunús leis an gcéad eilimint.
Cé gurb é Doire an áit is mó a luaitear leis, áit ar bhunaigh sé mainistir agus cill, d’éirigh leis a leithéid chéanna a dhéanamh in áiteanna eile mórthimpeall na tíre, agus chomh fada le hOileán Í – nó Iona mar is fearr aithne air i mBéarla.
I 563 a bhunaigh sé mainistir ar an oileán seo, tar éis dó Doire a fhágáil le scata dá lucht leanúna.
Ba é rí Dhál Riada a bhronn an t-oileán air agus is ansin a tháinig deireadh lena peregrinatio saoil nuair a cailleadh é i 597.
Ach thar n-ais dúinn go dtí 2017, mar is gearr go mbeidh peregrinatio nó eachtra dá gcuid féin á thosnú ag daltaí na hArdteiste.
Dream ar leith
Dream ar leith iad – formhór acu sna déaga idir 17 agus 18 bliain d’aois. Fágann sin gur tháinig siad isteach sa domhan, agus é ina chlapsholas idir an dá mhílaois.
Fuineadh agus fáisceadh iad ag breacadh na mílaoise nua, ré chorraitheach agus éiginnte sa domhan trí chéile.
Tá a chion féin den chíor thuathail agus de rotha mór an tsaoil feicthe againn in Éirinn lena linn – an borradh eacnamaíochta, an flúirse, ach ina dhiaidh sin, an titim as a chéile, an crapadh, agus an ganntanas.
Is iomaí difríocht idir an ghlúin seo agus na glúinte a chuaigh roimpi, maidir le dearcadh ar an saol agus ar an domhan.
Is éagsúil go maith an tuiscint atá acu ar nósanna agus coincheapa a mhair cuibheasach seasmhach ar feadh tamaill fhada roimhe seo – an obair, an t-údarás, an teorainn, an náisiún.
Tá an saol athraithe agus caithfidh an chéad ghlúin eile tabhairt faoi ar bhonn nua.
Seans nach mbeidh teacht ag mórán acu ar phost buan chomh héasca sin. Ach b’fhéidir nach é sin an riachtanas is mó atá acu pé scéal é, fiú má bhí sé níos indéanta ná mar atá.
Brí atá á lorg acu go príomha, agus deis a fháil feidhmiú ar shlí fhónta, thairbheach, de réir a gcuid buanna agus a mianta.I gceann cúpla lá a chloisfidh siad focail an fheitheora don uair dheireanach: ‘stopaigí ag scríobh; tá an t-am istigh.’
Ach beidh níos mó tástálacha rompu amach.
Beidh a thuras féin le déanamh ag gach duine acu – a bhealach féin mar a chuir Tír Chonallach eile é.
Bealach a bheidh aimhréidh in áiteanna agus bacanna le sárú – mar a bhí le déanamh ag Colm Cille agus é ar thóir na slí, na fírinne agus na beatha beagnach 1,500 bliain ó shin.
Go n-éirí an bóthar leo.
Is léachtóir ar Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, é an Dr Cathal de Paor