FOCLÓIR: Follasach - obvious; córas pleanála - planning system; malairt - opposite; géarghá - urgent need; soláthar tithíochta - housing supply; céatadán - percentage; comhtháite - integrated; éileamh - demand.
‘Tá sé follasach. Níl aon spéis léirithe ag an Stát an córas pleanála a úsáid chun cosaint a thabhairt don Ghaeltacht. ‘Sé a mhalairt atá fíor.”
Sin a bhí le rá ag Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta le Conradh na Gaeilge, agus é ag caint le Tuarascáil faoi chúrsaí phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht.
Léirigh daonáireamh na bliana 2016 gur tharla titim 11 faoin gcéad i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht sa tréimhse 2011 - 2016. Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil géarghá anois le polasaí náisiúnta tithíochta Gaeltachta chun stop a chur le bánú na ndúichí Gaeltachta
Tá dhá phríomh-chúis leis an fhadhb dar le Mac Fhlannchadha: easpa soláthar tithíochta do theaghlaigh Ghaeltachta agus “rófhorbairt” atá ag cur brú mór teanga ar cheantair Ghaeltachta.
Go hiondúil is é leathnú ceantracha uirbeacha Béarla isteach sa Ghaeltacht a bhíonn san “rófhorbairt”.
Bíonn tionchar tromchúiseach aige seo ar labhairt na teanga i measc páistí, sa chóras oideachais agus i ngnáthshaol phobal na Gaeltachta.
Cé gur cheart, de réir rialacha pleanála, go mbeadh coinníoll teanga ag formhór na bhforbairtí faoina gcaithfí céatadán ar leith de thithe a choinneáil do dhaoine le Gaeilge líofa, is minic nach dtugtar aird ar bith ar a leithéid de choinníoll.
Bíonn na céatadáin a éilíonn na coinníollacha sin dírithe ar chaomhnú an status quo teanga sa cheantar seachas ar fhorbairt na Gaeltachta mar Ghaeltacht ina mbeadh an Ghaeilge ina gnáth teanga labhartha ag formhór mór na ndaoine.
“Má bhreathnaíonn tú ar na ceantair go bhfuil an rófhorbairt ar siúl iontu thar tréimhse 30-40 bliain, [is fiú smaoineamh ar ]an tionchar atá aige ar cheantair ar nós Bearna, Na Forbacha agus Maigh Cuilinn. D’fhéadfá a rá go bhfuil na pobail Ghaeltachta i gceantair ar nós Bhaile Chláir agus an Chaisleáin Ghearr nach mór imithe go hiomlán,” a dúirt Mac Fhlannchadha.
Sa bhliain 1969-1970 mheas Roinn na Gaeltachta, ar bhonn agallaimh leo, go raibh an Ghaeilge sa bhaile ag 47 faoin gcéad de na páistí os cionn seacht mbliana d’aois sa Chaisleán Ghearr agus ag 66 faoin gcéad i Mionlach, atá sa cheantar céanna. Níor thóg sé ach leathchéad bliain na pobail Ghaeltachta sin a dhíothú.
“Tá brú mór ag teacht ar an Spidéal - méadófar ar an mbrú sin go mór de réir mar a mhéadaíonn cathair na Gaillimhe. Síneoidh sé sin siar i dtreo Indreabháin, i dtreo na Ceathrún Rua - ceantair atá an-tarraingteach agus atá buailte leis an bhfarraige.”
Anuas ar sin, cuirfidh an seachbhóthar atá beartaithe ó chathair na Gaillimhe siar go mór le hinmhíantacht Chois Fharraige do fhorbróirí.
“Mura bhfuil polasaí ann ó thaobh na Gaeilge de, mura bhfuil cosaint agat ann don Ghaeilge imreoidh an próiseas tionchar an-mhór ar na ceantair sin.”
D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge polasaí ar thithíocht sa Ghaeltacht i mbliana agus tá súil ag an eagras go dtiocfaidh athrú ar chur chuige an Stáit maidir le cúrsaí pleanála.
Nuair a dhiúltaítear cead pleanála chun tithe aonair a thógáil i gceantair Ghaeltachta deireann Mac Fhlannchadha gur cheart an cheist seo a chur: “Cá bhfuil pobal na Gaeltachta chun maireachtáil?”
“Tá sé de nós ag daoine óga bogadh amach ón nGaeltacht chun dul ar an Ollscoil nó chun obair a fháil. Ach nuair a thagann an t-am ina saol nuair atá siad ag tógáil clainne agus nuair a bhíonn fonn orthu bogadh ar ais abhaile bíonn sé thar a bheith deacair acu cead pleanála a fháil fiú má tá suíomh acu.
“Níl lánúin óga in ann tithe a thógáil ar a suíomh féin agus níl sé d’acmhainn acu tithe a cheannach.”
Tá stoc tithíochta ann freisin atá tréigthe nó folamh. Meastar go bhféadfaí cuid den fhadhb tithíochta a réiteach ach cuid de na tithe díomhaoine a dheisiú.
“Tá réimse tithe ann nach bhfuil in úsáid agus d’fhéadfaí iad a thabhairt ar ais chun beatha, mar a déarfá, ach arís, is gá infheistíocht a dhéanamh.”
“Níl aon chur chuige comhtháite dírithe ar an nGaeltacht agus sin an t-éileamh is mó atá againn. Caithfear é a dhéanamh ag leibhéal an Stáit.”
Agus é ag labhairt ag seimineár de chuid Chonradh na Gaeilge i mí Aibreáin dúirt an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien go raibh oifigigh sa Roinn Tithíochta tar éis bealaí a scrúdú le tacaíocht chuí a chur ar fáil don teanga sa chóras pleanála.
“Bhí cruinniú againn le Darragh O’Brien tamaillín siar agus bhí cruinniú againn le Roinn na Gaeltachta díreach roimh bhriseadh an tSamhraidh,” a dúirt Mac Fhlannchadha.
“Tá sé beartaithe againn cruinniú eile a bheith againn leo go luath. Tá cruinnithe ag tarlú idir an dá Roinn agus táimid ag éileamh go mbeadh ionchur againn féin, ag na comharchumainn agus ag na coistí pleanála sna cruinnithe sin.
“Le han-chuid de seo, tá easpa tuisceana iomláine ar an nGaeltacht ann. Ceann de na rudaí a bhfuilimid ag éileamh faoi láthair ná go mbeadh daoine ag plé leis an mBord Pleanála a bhfuil cáilíocht acu sa phleanáil teanga agus go mbeadh tuiscint acu ar na himpleachtaí a bhíonn ag cinntí pleanála ar an bpobal agus go gcaithfear an ghné seo a chur san áireamh.
“Má smaoiníonn tú ar aon mhór-iarratas pleanála is mó an chosaint atá ag an seilide ná mar atá ag cainteoirí Gaeilge na Gaeltachta. Níl siad san áireamh,” a dúirt sé.
Is féidir le hoifigeach éigin sa roinn pleanála i gcomhairle contae cinneadh a dhéanamh ar mhórthionscnamh tógála, an píosa pháipéar a shíniú agus leis sin, athrú as alt a dhéanamh ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge atá in aon cheantar amháin.
“Tóg plean teanga Ráth Chairn agus Gaeltacht na Mí. Cén bhunús atá leis an bplean (teanga) sin má thógtar eastát Béarla laistigh de Ráth Chairn?
“Níl aon smacht ag an bpobal ar sin. Níl aon smacht ag an gcoiste phleanáil teanga air.
“Níl aon smacht ag an gcomharchumann nó ag oifigeach pleanála air.”
Trí Acht na Gaeltachta 2012 cheap tithe an Oireachtais an córas phleanáil teanga. Ach is féidir le hoifigeach i gcomhairle contae nó in an Bord Pleanála intinn agus cuspóirí an achta a chur ó mhaith le cinneadh amháin.
“An cheist atá ann ná cén stádas nó cén fheidhm atá ag na pleananna teanga Gaeltachta má tá an chuid eile den státchóras ag gníomhú ina n-aghaidh,” a dúirt Mac Fhlannchadha.
Dúirt an tAire O’Brien ag an gcruinniú sin i mí Aibreáin go bhfuil sé tábhachtach go dtacódh an córas pleanála le cosaint agus le cur chun cinn na Gaeilge.
Tá sé i gceist aige dréacht phlean ar thithíocht a chur faoi bhráid bhord an rialtais gan mhoill agus tá sé tuartha sna meáin go ngearrfar cáin nua ar thithe folmha mar chuid den phlean sin. Feicfear an ndéanfar socrú ar bith ann don Ghaeltacht.
“Má leanann tú na léarscáileanna de chreimeadh na Gaeltachta agus má bhreathnaíonn tú ar an daonáireamh is déanaí a thuairiscigh gur tharla titim ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil, níl aon éiginnteacht ann faoin treo ina bhfuil muid ag dul,” a dúirt Mac Fhlannchadha.