FOCLÓIR: iontaofa - trustworthy; modheolaíocht - methodology; comhfhiosach - conscious; tosca - circumstances; cognaíoch - cognitive; cigilteach - sensitive; sochair - advantage; cíocrach - eager; sochtheangeolaíocht - sociolinguistic; tasc-bhunaithe - task-based.
Is minic an sean phort cloiste: go bhfuil sé níos deacra Gaeilge a fhoghlaim ná teangacha eile. Ach an bhfuil bunús ar bith leis an ráiteas sin?
Níl go baileach, a deireann Cóilín Ó Floinn, Ollamh Cúnta i Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Deireann sé go bhfuil tosca áirithe sochtheangeolaíochta ann a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar fhoghlaim na Gaeilge, ach ní teanga í atá níos deacra le foghlaim ná aon teanga eile.
Labhair Tuarascáil leis an Ollamh Ó Floinn faoina leabhar nua Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga, a foilsíodh ar na mallaibh.
“An rud a bhí mé ag iarraidh a chur trasna sa leabhar seo ná nár cheart dúinn smaoineamh ar chás na Gaeilge mar rud ar leith nó mar rud speisialta,” a dúirt sé.
“Cinnte tá rudaí faoi chás na Gaeilge atá difriúil ó theangacha eile, ach tá go leor ó thaobh na foghlama de nach bhfuil difear ar bith idir an Ghaeilge agus an Rúisis nó an Spáinnis nó an Araibis.”
Ach is minic a chloistear clamhsán faoin ngramadach, inscní agus tuisil a bheith ró-dheacair agus mar sin de. Nach bhfuil aon bhunús leis an gcasaoid sin?
“Is minic a deirtear é sin faoin Ghaeilge ach má lorgaíonn tú míniú ar an ráiteas, ní bhíonn aon substaint taobh thiar de. Níl ann ach nár éirigh leis an duine féin an teanga a fhoghlaim.
“Baineann sé go pointe le dearcadh an Bhéarlóra - an duine atá ag iarraidh gach rud a chur i gcomparáid leis an mBéarla.
“In ainneoin go bhfuil sé seo bréagach is minic a deirtear mar shampla ‘Bhuel níl an tuiseal ginideach againn sa Bhéarla’. Tá, ach ní aithníonn daoine é mar go bhfuil sé i bhfolach.
“Deir daoine leat: ‘Níorbh éigean domsa na rialacha seo ar fad a fhoghlaim agus mé ag foghlaim an Bhéarla’.
“Dar ndóigh, tógadh le Béarla iad agus sin é an chúis nár mhínigh duine ar bith na rialacha.
“Níl aon bhunús leis an ráiteas ach amháin i gcomhthéacsanna sochtheangeolaíochta [a bhaineann le] dearcadh na ndaoine i dtaobh na teanga agus faoi na fearainn úsáide a bheith teoranta.”
Deireann an tOllamh Ó Floinn go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí modhanna múinte cuí i bhfeidhm sa scoil ach go bhfuil tábhacht freisin an teanga a chur i láthair an fhoghlaimeora i gcomhthéacsanna eile lasmuigh den seomra ranga.
“Níl sé furasta dul amach i measc an phobail agus an teanga a labhairt. Tá na comhthéacsanna ina labhraítear an Ghaeilge teoranta go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht ach fiú sa Ghaeltacht,” a deir sé.
“Is rudaí iad sin a imríonn tionchar ar na deiseanna atá ar fáil do dhuine an teanga a chleachtadh ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé deacair í a fhoghlaim,” a dúirt sé.
“Níl an teanga féin níos deacra ach b’fhéidir go bhfuil an comhthéacs. Smaoinigh ar pháistí sna tíortha Lochlannacha. Bíonn Béarla acu chomh maith leis an tSualainnis nó an Ioruais agus baineann sé sin le húsáid na teanga thart timpeall orthu.
“Tá na meáin ar fad ar fáil dóibh i mBéarla chomh maith lena dteanga dúchais. Faigheann siad an t-ionchur breise nach bhfaightear anseo.”
Modhanna teagaisc
Tá saothar nua Uí Fhloinn (atá dírithe ar mhúinteoirí agus lucht deartha siollabas) ar an chéad leabhar i nGaeilge ar theoiric agus ar chleachtas foghlama teanga a foilsíodh le beagnach caoga bliain.
Pléann sé an bunús teoiriciúil atá le modhanna múinte teanga agus na cineálacha foghlama a tharlaíonn ag braith ar an modh a bhaintear úsáid as sa rang.
“’Sé cuid den chúis a bhí agam an leabhar seo a scríobh ná go raibh mé den tuairim nach dtuigtear ag leibhéal comhfhiosach cad é go díreach atá i gceist le foghlaim an dara teanga.
Bíonn dúshláin éagsúla i ngach seomra ranga dar ndóigh agus ní h-aon ionadh é nach smaoinítear i gcónaí ar na próisis chognaíochta a bhaineann le sealbhú an dara teanga.
“Go minic cloíonn [múinteoirí]le modh eolaíocht mhúinte de bharr gur chuala siad gur rud é sin gur ceart dóibh a dhéanamh nó gur sin an rud is nua nó is iontaofa.”
Ach mar a deireann an tOllamh Ó Floinn, bíonn láidreachtaí agus laigí ag baint le gach modh eolaíoch.
“Bíonn go leor cainte ar an gcur chuige cumarsáideach agus an modh foghlama tasc-bhunaithe ach ní bhíonn siad i gcónaí oiriúnach don chomhthéacs,” a dúirt sé.
“Ba cheart a thuiscint go bhfuil roghanna ann agus nach gá cloígh le modh amháin an t-am ar fad,” a dúirt sé.
Dá mhéad eolais atá ag múinteoirí agus ag lucht deartha siollabas ar na roghanna sin, is ea is fearr a bheidh siad in ann cinntí a dhéanamh a thiocfaidh le haidhmeanna na gcúrsaí teanga atá faoina gcúram.
“Mínítear [sa leabhar]na difríochtaí idir foghlaim an chéad teanga agus foghlaim an dara teanga agus na rudaí gur féidir linn a dhéanamh le próiseas áirithe a chothú san fhoghlaimeoir a rachaidh chun sochair don fhoa leabharghlaim.”
“Tiocfaidh [léitheoirí] ar thuiscint faoin éabhlóid a tháinig ar na modhanna de bharr na bhforbairtí a tháinig ar theoiricí éagsúla foghlama.”
“An ról atá agamsa ná a léiriú cad é is féidir le múinteoirí a dhéanamh ó lá go lá le torthaí níos fearr a fháil sa seomra ranga, le cothú teanga níos fearr a dhéanamh le caighdeán na ndaltaí a ardú.”
Féidirtheachtaí
Tá an iliomad rudaí gur féidir a dhéanamh chun modhanna teagaisc a fheabhsú sa seomra ranga.
“Tá go leor, leor, gur féidir linn a dhéanamh. Tá múinteoirí cíocrach le foghlaim faoi rudaí a chuideoidh leo sa seomra ranga,” a dúirt Ó Floinn.
“Is féidir leis na daoine a chuireann oiliúint ar mhúinteoirí leas a bhaint as an leabhar seo le hábhar comhaimseartha i nGaeilge a chur faoina mbráid agus tá súil agam go rachaidh sé sin chun sochair ó thaobh múineadh na teanga de.
“Nílim ag rá go mbeidh sé i gcónaí éasca ach ní dóigh liomsa go bhfuil na baic ann a shíleann daoine a bheith ann maidir le cén modh a chuireann tú i bhfeidhm sa seomra ranga.
Is leabhar é seo a thugann tuiscint mhaith don léitheoir ar an mbunús atá le modhanna múinte agus is cinnte gur cabhair phraiticiúil a bheas ann do mhúinteoirí agus iad ag déanamh cinntí maidir leis na modhanna is fearr a oireann do na daltaí atá faoina gcúram sa seomra ranga
* Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga, le Dr Colin Flynn (Cóilín Ó Floinn), arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht (2021) agus ar fáil le hordú ó cic.ie.