FOCLÓIR: Cigilteach - delicate; comhaimseartha - contemporary; breogán - crucible; scríbhneoirí cruthaitheacha - creative writers; clochmhíle - milestone; cumasach - able; a chion - his share.
Sa bhliain chéanna gur foilsíodh céadsaothar an inphrionta acadúil nua, Cló Léann na Gaeilge - Léachtaí Uí Chadhain, cnuasach de na léachtaí go léir a tugadh ó 1980-2017 - tagann an 40ú heagrán inár dtreo níos déanaí an tseachtain seo, le caint ó iar-Ardstiúrthóir RTÉ, Cathal Goan, dar teideal ‘Ceacht ón Bhóitheach’.
An tOllamh Comhlach Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bheidh sa chathaoir.
Tá sé ar intinn ag Goan súil a chaitheamh thar sláinte na meán Gaelacha; rud atá tráthúil agus muid ar thairseach cheiliúradh TG4 ar cheathrú céid a bunaithe, comóradh an leathchéid ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ceithre scór bliain a bheith slánaithe ag an iris Comhar. Ardófar cuid mhaith ceisteanna cigilteacha sa léacht seo, maidir le cá seasann na meáin Ghaeilge faoi láthair sa tír seo agus An Coimisiún um Thodhchaí na Meán tar éis a bheith idir lámha ag Rialtas na hÉireann; cé dóibh iad mar mheáin agus an eol cad leis a mbíonn an pobal i gcoitinne ag súil uathu? Meabhrú eolasach a bheidh ann ar cheisteanna sin a bhfuil rogha fhairsing freagraí orthu ó dhuine a bhfuil a shaol gairmiúil caite aige ag plé leo.
Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thugtar Léacht Uí Chadhain gach bliain in ómós do dhuine de mhórscríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain (1905-1970). Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí an léacht ón gcead lá, bíodh nach beag an gradam atá tugth a ag an tsraith do léann na Gaeilge thar na blianta. Go praiticiúil, tugtar cuireadh a bheith rannpháirteach i mbreogán litríochta agus léinn, áit a bhfeidhmíonn gach léacht mar thúsphointe díospóireachta a leanann, níos minice ná a mhalairt, trí fhoilsiú an ábhair in iris liteartha nó léannta tamall ina dhiaidh sin. Ainneoin na paindéime, ritheadh léacht na bliana seo caite go fíorúil trí Zoom, ach is deas gur féidir filleadh ar an breogán sin ar an láthair, agus normáltacht áirithe ag teacht ar an saol arís.
Chuir an tOllamh Breandán Ó Buachalla an tsraith ar bun mar chomóradh dheich mbliana ar bhás Uí Chadhain agus dhá sprioc aige: go ndéanfaí litríocht agus cultúr na Nua-Ghaeilge trí chéile a athbhreithniú agus go dtabharfaí léargas nua ar shaol agus ar shaothar Uí Chadhain. Éagsúlacht shuntasach mar sin, ó thaobh cúlra agus cur chuige, is túisce a shonrófar ach súil a chaitheamh ar liosta na n-údar a ghlac leis an gcuireadh an léacht a thabhairt thar na blianta, idir scríbhneoirí cruthaitheacha agus scríbhneoirí acadúla. Clochmhíle iontach tábhachtach i stair na léachta féin is ea an daicheadú léacht agus is rogha an-mhaith é an cainteoir seo, agus go deimhin an t-ábhar féin, leis an ócáid a cheiliúradh: duine de na seirbhísigh stáit is aitheanta sa saol poiblí lenár linn is ea Cathal Goan, le hardinniúlacht sa Ghaeilge, agus duine a bhí ar an láthair nuair a thug Breandán Ó hEithir an chéad léacht sin siar in 1980. Go deimhin, bhí dhá bhabhta ag Goan ina chathaoireach ar an léacht thar na blianta ina alma mater.
Bíodh agus seal fada caite ag Goan i súile an phobail, sheachain sé cuid mhaith a rá ar a chuid ama in RTÉ go speisialta ón uair a d’éirigh sé as sa bhliain 2011. Rugadh Goan i mBéal Feirste agus i ndiaidh dó a chéim a chríochnú in UCD, thosaigh sé amach in RTÉ in 1979 mar chartlannaí sa Leabharlann. Chaith sé sealanna ina léiritheoir raidió agus teilifíse, agus ceapadh é ar deireadh ina eagarthóir ar chláracha Ghaeilge teilifíse RTÉ, rud a d’fhág nádúrtha é go mbeadh sé ar an gcéad Cheannasaí de Teilifís na Gaeilge (TG4, mar atá anois) ó 1994 i leith.
Gan a bheith go hiomlán socair siar in Indreabhán, d’fhill sé ar an ardchathair sa bhliain 2000 le cúram a ghlacadh mar Stiúrthóir Teilifíse ar RTÉ. Cuimhnítear go minic air, ar an duine a chuir ar an tua ar an gclár ‘Glenroe’ ón sceideal teilifíse taca an ama sin. Níor leasc leis riamh cinntí nach raibh simplí a ghlacadh! Sa bhliain 2004, tháinig sé i gcomharbacht ar Bob Collins mar ardstiúrthóir na heagraíochta.
Ón uair a d’éirigh sé as, chaith sé tréimhsí ina Ollamh Taca sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus in Ollscoil Notre Dame, chomh maith le lámh a bheith aige in Amharclann Druid, Ealaín na Gaeltachta, Fondúireacht Bhéaloideas Éireann, agus mar Chathaoirleach ar an eagraíocht foilsitheoireachta COMHAR. Gan amhras, tá a chion déanta, agus á dhéanamh i gcónaí, do na meáin in Éirinn aige, gan trácht ar na meáin Ghaelacha amháin. Scoláire léannta cumasach is ea Goan chomh maith, ar an amhránaíocht, agus léamh cáiréiseach aige a thagann lena shaineolas liteartha agus béaloidis.
Ba dhóigh liom go mbeidh léarscáil na meán le hathdhearadh i ndiaidh na cainte seo ar bhealach éigin: ar cheart an Ghaeilge a bheith lárnach sna meáin Éireannacha nó arbh fhearr meáin Ghaelacha a bheith láidir do phobal na Gaeilge amháin - nó dáiríre nach gá a bheith ag súil leis an dá ghné sin a neartú go leanúnach?
Bheadh dearcadh agam nach féidir a bheith ag súil leis an bhfearas is fearr do phobal na Gaeilge mura mbíonn an fearas sin lárnach do gach duine sa tír; fearas a mheallfadh Béarlóirí agus Gaeilgeoirí chuig an teanga araon. Más conspóideach é, ba bhreá liom an méid sin ama craolta, agus níos mó, atá á chur ar fáil ar TG4, a fheiscint ar trí chainéal de chuid RTÉ (seachas dhá cheann), seachas an suíomh mar atá sé faoi láthair áit a mbíonn an Ghaeilge thar a bheith imeallach ar chlár oibre ár gcraoltóra náisiúnta, ó tharla cainéal teilfíse a bheith ar fáil do Ghaeilgeoirí. Agus, gan amhras, ní gá dúinn tosú ar cheist na n-acmhainní……
Fanfaimid leis an bplé sin a leanúint agus Léacht Uí Chadhain 2021 féin tugtha: beidh ainm an Chadhnaigh breá slán sna meáin éagsúla an bhliain seo, slí ar bith, agus ábhar na leáchta seo mar atá!
Beidh 'Léacht Uí Chadhain 2021' ar siúl an Déardaoin seo ar a 7pm i Léachtlann Q in Áras Newman sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; tuilleadh eolais ag ucd.ie/icsf. Rachaidh micreashuíomh Léachtaí Uí Chadhain, compánach leis an leabhar, beo an oíche chéanna ag leachtaiuichadhain.clo.ie.