FOCLÓIR: Saol - life; ina iomláine - in full; earcaigh nua - new recruits; céatadán - percentage; dréachtsonraíochtaí - draft specifications; corraitheach - moving; imeachtaí spraíúla - fun events; imeallaithe - marginalised; líonraí - networks; cruinnithe - meetings; cnámh spairne - bone of contention; clamhsán - complaint.
Tá go leor dul chun cinn déanta i saol na Gaeilge le 25 bliain anuas ach caithfear obair mhór a dhéanamh chun go bhfreastalófar i gceart ar riachtanais phobal na Gaeilge, mar atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Sin a dúirt Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach nua Ghael Linn agus é ag comhrá le Tuarascáil faoi na dúshláin agus na féidearthachtaí atá roimhe sa phost nua agus atá roimh earnáil na Gaeilge go ginearálta.
Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla fós le cur i bhfeidhm ina iomláine dar ndóigh agus gan ach gné amháin a lua, ní léir go bhfuil socrú ar bith déanta fós chun go mbeidh 20 faoin gcéad de na hearcaigh nua sa státseirbhís in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge faoi 2030.
Creideann Ó Ciaráin, a thagann i gcomharbacht ar Antoine Ó Coileáin, go bhfuil obair mhór le déanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Bheadh fáilte, mar shampla, roimh “níos mó tacaíochta do dhaoine fásta le freastal ar chúrsaí Ghaeltachta.”
“Beidh eagraíochtaí (stáit) ag iarraidh iad féin a ullmhú don ardú i líon na n-oibrithe a bheidh ag freastal ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge,” a dúirt sé.
“Tá píosa fada le dul againn - aithníonn gach duine é sin,” a dúirt Ó Ciaráin. Nuair nach bhfuil ach “céatadán beag” in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge faoi láthair na huaire, “tá píosa mór réamh-ullmhúcháin le déanamh”.
“Is rud amháin é a rá go mbeidh 20 faoin gcéad d’oibrithe an Stáit in ann freastal go sásúil ar riachtanais an phobail ach caithfidh muid mar náisiún a bheith cinnte go gcuireann muid an tacaíocht agus na hacmhainní ar fáil le go mbeidh muid ábalta an sprioc sin a bhaint amach.”
Príomhaidhm
Cothú agus cur chun cinn na Gaeilge atá ina príomhaidhm ag Gael Linn, eagras atá ar cheann den sé cheanneagraíocht atá aitheanta ag Foras na Gaeilge in earnáil dheonach na Gaeilge. Bunaíodh an t-eagras in 1953 chun go léireofaí na féidearthachtaí a bheadh i ndán d'earnáil na Gaeilge dá mbeadh infheistíocht ar fáil.
Rinne Gael Linn obair mhór le linn na gcaogaidí, seascaidí agus seachtóidí ach go háirithe, a chuir spreagadh nua sa cheol agus amhránaíocht Ghaeilge.
Tá cáil i gcónaí ar Mise Éire (1959), an scannán corraitheach bunaithe ar eachtraí 1916 a raibh George Morrisson ina stiúrthóir air agus ar chum Seán Ó Riada an scór dó.
Cé go bhfuil an t-eagras beagnach 70 bliain ar an bhfód i mbliana, ní raibh sé ariamh díomhaoin. Ní ionadh mar sin é go bhfuil sé i gceist ag Gael Linn leanacht, faoi stiúir Uí Chiaráin, leis an nasc idir an óige agus an teanga a neartú i saol for-scoile na ndaltaí. Obair í sin atá “chomh riachtanach inniu agus a bhí i ndeireadh mhí an Mhárta 1953,” a dúirt Ó Ciaráin.
“Tá réimse leathan imeachtaí a bhfuil clú orthu a dhéanann an Ghaeilge a nascadh le himeachtaí spraíúla,” a dúirt sé. Ina measc tá “díospóireachtaí, cainteanna poiblí, scléip nó comórtais tallainne, na coláistí samhraidh agus coirm do ghaelscoileanna, féilte peile do dhaltaí gaelscoile agus Ghaeltachta.”
Ach, ní fhaightear foghlaim gan dua nó gan deacracht mar a deirtear, agus i saol a bhfuil teanga imeallaithe i gcomórtas le teanga lán-chumhachtach mar atá an Ghaeilge leis an mBéarla in Éirinn, ní bhíonn deacrachtaí nó dua rófhada ón doras ariamh.
“Cé go bhfuil go leor spotaí geala i saol na Gaeilge – TG4, na Gaelscoileanna, na Cultúrlanna ó thuaidh agus, ar na mallaibh, Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá go leor fadhbanna a bhfuil muid ag caint orthu le tríocha bliain anuas, agus tagann siad anuas arís agus arís eile,” a dúirt Ó Ciaráin.
“Shílfeá faoin am seo agus céad bliain slánaithe ag an Stát ó dheas agus ó thuaidh go mbeadh iarracht níos fearr déanta maidir leis na fadhbanna [seo a réiteach].”
Ina measc sin tá ceist na Gaeltachta, soláthar oideachais lán-Ghaeilge ó thuaidh, an easpa inniúlachta ag daltaí “i ndiaidh 13 bliain ar scoil”, deacrachtaí maidir le curaclam na Gaeilge, agus ceist na ndíolúintí ón nGaeilge. Bhí baint ag Ó Ciaráin ó thús leis ‘An Gréasán’ - eagras tacaíochta a bhunaigh Gael Linn do mhúinteoirí Gaeilge in 2019 chun líonraí a fhorbairt a chuirfeadh feabhas ar an teagasc agus an fhoghlaim.
“Ceann de na mór rudaí a rinne Gael Linn ó ceapadh mar cheann eagraíocht sinn maidir le ceisteanna polasaí ná An Gréasán a chur ar bun,” a dúirt sé.
Dréachtsonraíochtaí
Ní mó ná sásta a bhí na múinteoirí sin faoi dhréachtsonraíochtaí a d'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) do churaclam Gaeilge na hardteistiméireachta anuraidh.
Moladh rangú nua a dhéanamh ar scoileanna iar-bhunscoile agus curaclam idirdhealaithe don Ghaeilge a dhéanfadh athrú ó bhonn ar an gcúrsa ardteistiméireachta. Dúirt Ó Ciaráin go bhfuil “rud éigin ó mhaith” nuair atá an céatadán mór de na daoine “a bhfuil fios a ngnó acu maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge” an-bhuartha faoi na moltaí.
Ó bheith ag freastal ar chruinnithe “bheithfeá den tuairim,” a dúirt sé, “go bhfuil na ranna Stáit a bhíonn ag plé le cur chun cinn na Gaeilge sna scoileanna ag leanstan ar aghaidh lena bpleananna amhail agus nach mbíonn siad ag éisteacht i gceart leo siúd a bhfuil an saineolas acu.”
“Bhain na moltaí a cuireadh chun cinn leis an tSraith Shinsearach ach gealladh go mbeadh athbhreithniú iomlán déanta ar an tSraith Shóisearach agus sin an chnámh spairne is mó a chluinim ó na múinteoirí - go bhfuil (an CNCM) ag leanacht ar aghaidh agus nach bhfuil siad ag éisteacht mar is ceart leis na saineolaithe – na múinteoirí!”
Ach cén fáth, dar leis, atá leis seo?
“Sílim go bhfuil daoine maithe, daoine cumasacha agus daoine a bhfuil dea-mhéin agus dea-thoil acu don teanga ag feidhmiú sna ranna éagsúla ach ansin is dóigh liom go mbíonn spriocanna le baint amach acu agus tagann cúrsaí ama i gceist”.
“Bíonn orthu a gcuid pleananna a bhogadh chun cinn. Nuair a bhíonn na spriocanna le comhlíonadh titeann cuid den phróisis taobh thiar go minic sílim”
É sin uile ráite, tá dearcadh dearfach aige faoin todhchaí agus is léir go gcreideann sé gur féidir le Gael Linn dul chun cinn a dhéanamh i réimsí éagsúla.
Faigheann Gael Linn a lán fiosrúchán faoi chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht do dhaoine fásta agus táthar ag súil go dtiocfaidh ardú ar an soláthar dá réir - rud a dhéanfadh maitheas “don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.”
Tháinig sé féin agus Antoine Ó Coileáin roimh Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais anuraidh agus d’éiligh siad go gcuirfí maoiniú ar fáil chun go bhféadfaí scoláireachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a sholáthar do scoileanna Deis.
“Lorg muid 500 scoláireacht. Ní bhfuair muid 500 ach fuair muid 400 scoláireacht atá ina ardú ón 50 scoláireacht a bhí ann go dtí sin.”
Dul chun cinn
Cé go mbíonn údar clamhsáin ann maidir leis an gcur chuige atá ag an Stát leis an nGaeilge, is gá a aithint go bhfuil dul chun cinn déanta freisin.
Tá i bhfad níos mó deiseanna ann anois dóibh siúd gur mian leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge. “Tá a fhios agam óna bheith ag obair in earnáil na Gaeilge go bhfuil i bhfad níos mó deiseanna ná mar atá daoine leis na folúntais a líonadh.”
“Go minic bíonn muid ag gearrán faoin easpa tacaíochta agus ag gearrán nach bhfuil na rialtais ó thuaidh agus ó dheas agus na fo-ranna ag déanamh an méid agus gur mhaith linn a bheith déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn ach, go ginearálta, tá sé fíor le rá go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i bhfad Éireann níos fearr inniu ná mar a bhí sé 25 bliain ó shin.
“Bunaíodh TG4 in 1996 agus sílim gur thug sé sin an t-instealladh a bhí de dhíth sa sciathán do chur chun cinn na Gaeilge agus cé go mbíonn muid ag gearrán agus go bhfuil ábhar gearráin againn, tá ábhar ceiliúrtha ann fosta.”