Is minic don ghleacaí milis sleamhain nach mian leis dul i ngleic le ceist chasta i gceart tarraingt ar sheanchleas, sainmhíniú an fhocail. Is é sin, má luaitear an focal ‘oideachas’ go ndíreofar ort go straoiseach le ‘braitheann sé ar fad le cad is brí le hoideachas?’ Cluiche go heireaball timpeall é seo óir caithfear aontú coiteann éigin a bheith ann maidir le ciall téarma nó is fánach gach rá beag nó mór.
Ina choinne sin, is minic, leis, go síntear nó go lúbtar brí bunaidh d’fhonn dath nó claonadh a chur chun cinn. Thiar sa bhliain 1904 tharla eachtra ghránna i Luimneach inar labhair sagart d’Ord an tSlánaitheora in aghaidh na nGiúdach sa chathair ag dúiseacht na seantuiscintí iomrallacha ina gcoinne. Fág as an áireamh nárbh iad Giúdaigh an nua-thiomna a chuir Íosa chun báis ach na Rómhánaigh shibhialta sin lena Laidin reoite, mar sin féin caitheadh clocha, déanadh liúirigh bhagartha agus b’é baghchat ar ghnóluchtaí Giúdacha toradh an drochbhirt. Gairmtear ‘pogram’ fós ar ar tharla, cé nár maraíodh ná níor gortaíodh aon duine.
Is í an fhadhb ná má tá 'pogram' againn ar ar tharla i Luimneach, cén focal is ceart a úsáid don ár a tharla go rialta don phobal céanna i gcaitheamh dhá mhíle bliain…Alexandria, Granada, Odessa, Barcelona, Basel, gan trácht ar Kristallnacht?
Mar a chéile leis an bhfocal 'cinedhíothú' atá á chaitheamh timpeall faoi láthair i gcás na barbarachta atá ar siúl san Úcráin. Is cruinne agus is beaichte an focal Gaeilge ná 'genocide' agus a amhlachas sin sna teangacha Eorpacha. Tugann sé an bhunbhrí chun solais, is é sin, iarracht ar léirscrios nó díothú iomlán a dhéanamh ar phobal, mar a thuig Raphael Lemkin é, an té a chum an focal i gcéaduair.
Nach bhfuil go leor focal againn cheana ar uafáis chogaidh: deargár, slad, sléacht, slascairt, éirleach, coscairt agus tuilleadh fós? Táid sin go léir faoi lánseol, ach fós féin sílim gur chóir an téarma ‘cinedhíothú’ a choinneáil don iarracht ar dhísciú lániomlán a dhéanamh ar chine nó ar náisiún.
Mar shampla, Frank L. Baum, an fear deas sin a scríobh ‘Asarlaí Iontach Oz’ agus a bhfuil leagan breá Gaeilge de ar fáil, mhol sé go láidir go ndéanfaí an pobal dúchais amerindiach a mharú, a scrios, cur as dóibh. Níor shlán don phobal geal go dtí go mbeadh siad ar fad marbh. Iad go léir. Uile. Sin cinedhíothú.
Bhí eagla ar na húdaráis Shasanacha mura bhféadfadh siad cosaint cheart ón bpobal dúchais a thabhairt do na coirpigh (lucht chaoire a ghoid, lucht phócaí a phiocadh) a sheol siad ó dheas chun na hAstráile, gur mhaígh Príomhbhreitheamh New South Wales 'then I say boldly and broadly, exterminate!' Rinne siad amhlaidh in Van Diemen's Land. D'fhógair an rialtas go hoifigiúil sa bhliain 1876 go raibh siad 'extinct'. Iad go léir. Uile. Sin cinedhíothú.
Ní i gcónaí a éiríonn le cinedhíothú chomh slán críochnúil sin. Dá mb’ea ní móide go mbeadh Airméanaigh fós againn, ná go deimhin na hÚcránaigh féin tar éis Holodomor úd 30í na haoise seo caite nuair a goideadh fómhar iomlán an phobail agus fuair na milliúin bás den ghorta. D’aon ghnó.
Is fairsinge fós liosta na bpobal, na gciníocha, na dtreibheanna, na náisiúin a d’imigh as i mbruscar na staire agus nach bhfuil againn díobh ach lipéad anois, go leor acu a chaill gradam, seasamh nó féiniúlacht agus a slogadh isteach i gcomhthaláin ba mhó is ba chumhachtaí ná iad. Níor chinedhíothú i gcónaí ba thrúig lena n-imeacht.
Ar éigean go bhfuil teora le craos fola an chine neamhdhaonna. Seachas don duine aonair a mharaítear, is fiú a chur sa mheá go bhfuil éirligh áirithe níos measa ná a chéile.