Ba mhinic mé ag smaoineamh gur bhreá liom dul ag tiomáint timpeall an domhain. Ní le haerlong ná in roicéad ná sputnik (an cuimhin leat sin?) ná ar chamall agus cairt atá i gceist agam, ach go díreach gluaisteán féin. Tosnú abhus, dul soir, agus go raibh na déithe liom. Mé ag cuimhneamh ar chleas éigin nach bhfuil déanta ag aon duine eile ionas gurbh fhéidir leabhar nach léifeadh aon duine a dhéanamh as.
D'fhéadfadh Timpeall an Domhain in SeanBhaingear, nó Cuairt na Cruinne Gan Labhairt le hAon Duine Beo a thabhairt air, rud a spreagfadh an slua.
Ní móide go dtarlóidh aon rud mar sin anois, áfach. Tá na gluaisteáin rómhaith ionas nach mbeadh spraoi ar bith feasta le briseadh síos an innill san fhásach, agus tá na cnocáiníní páipéir ró-ard le dreapadh thart ar mhaorlathas machaire-mhéitheach na ngardaí teorann.
Mar sin féin, beidh taithí ag cuid againn ar a bheith ag tiomáint thar lear. Ní miste liom féin é, mar is maith liom dul sa tseans. Is í an chéad chonstaic ná go gcaithfimid tiomáint ar an taobh contráilte den bhóthar – mo leithscéal – an taobh is coitianta ar fud na cruinne. Ní fál go haer, nó ní díog gan teorainn, nó ní fadhb gan réiteach an méid sin.
Is iad béasa na hiasachta is mó is casta agus is dothuigthe dhúinn. Níl seo gan a bheith dealraitheach leis na steiritípeanna náisiúnta a leagtar orainn. Is ea, tá feidhm éigin leo.
Má tá tú ar thóir an bhuanchló náisiúnta a shásóidh múseaim na gcinethípeanna ní fearr rud a dhéanfá ná féachaint ar a gcuid nósanna tiomána.
Is cuimhin liom a bheith ag trasnú sráide san Iodáil fadó riamh. Mé im choisí bocht saonta a shiúlann amach nuair a fheictear poll sa trácht. Ghluais mé liom amach ar an trá fholamh, dar liom, ach gan choinne shlaod madhm tráchta anuas orm ina thonn thaoscach thorannach throm. Is mé a bhí marbh agus mé im staic i lár an bhóthair. De dheonú Dé agus Smokdga (Dia an tráchta), ghluais siad go léir seacham go seolta amhail is nach raibh mé ann riamh.
Bhí mó dhá ghlúin ag cnagarnach nuair a shroich mé an taobh thall, (is é sin an taobh thall den tsráid) bíodh go raibh siad ina nglóthach laglúbach chomh maith céanna.
D’fhoghlaim mé tiomáint agus mé san Afraic. B’í an fhadhb ba mhó ná go raibh ceart na slí ag camaill seachas ag cairr. Uaireanta ba dheacair iad a leithriú ó chéile ach an oiread le gabhair. D’fhág sin go raibh mé riamh measúil ar leoraithe, ach níor ghá go raibh leoraithe measúil ormsa.
B’oscailt súl ina dhiaidh sin béasa tiomána na Lochlannach, agus chun a gceart a thabhairt dóibh, na Sasanach chomh maith. Tiomáin leat sna críocha sin agus beidh na comharthaí bóthair soiléir, díreach, neamhchas.
Má deir an fógra leat go bhfuil tú ag dul i dtreo Kirkjubaejarklaustur, ní baol go bhfaighidh tú do spága sa Phasáiste Thiar. Is é is brí leis sin, áfach, nach eachtra ar bith atá ann.
Eachtra ann féin is ea tiomáint san India. Is cuma nó meitifisic nach den saol seo é. Deirtear go dtiomáineann siad ar an taobh clé den bhóthar, nó sin an dlí ar aon nós.
Ach tiomáineann siad síos trí lár an bhóthair chomh maith, agus ar an taobh dheis, go léir ag an am gcéanna. Is geall le bheith mar dhuine aonair i mbáire éisc é, gach neach ag snámh ar aghaidh le rialacha nach dtuigeann aon duine eile, ach ní bhuailtear i gcoinne a chéile – ach go hannamh.
Uaireanta, bíonn an t-ádh leat.