“Fiannaíocht sa ló, is á bhrionglóid san oíche,” a deir an seanfhocal. Caitheamh anuas nó spochadh atá ansin ar an aislingeach (dreamer) is dóigh.
Ach cé eile ach aislingeach a chreidfeadh agus iad i dtithe airneáin, nó ag éisteacht cois tine fadó le scéalta, filíocht agus laoithe na Féinne, go mbeadh deis ag a sliochtach teacht ar na scéalta áit ar bith ar domhain ina mbeadh siad agus ag am ar bith a thogródh siad?
Seoladh an acmhainn úrnua Bunachar Bhéaloideas na Féinne le déanaí. Tá an Fhiannaíocht ar an mbailiúchán scéalaíochta is líonmhaire dá bhfuil ann sa traidisiún Gaelach.
Tá breis agus 3,500 scéal agus amhrán Fiannaíochta a bailíodh in Éirinn, in Albain agus ar Oileán Mhanainn, curtha ar fáil don phobal agus iad curtha ar fáil i gceithre theanga — Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann, agus Béarla.
‘I’m having fun with a flirtatious man, but worry he might want sex. The body prep is too much effort’
Mark Moriarty: Get your bold flavours fast with these two simple Asian dishes
Kathy Sheridan: The aggressive speed and silence of cyclists is a cultural problem that needs tackling in Ireland
The VW Buzz is a superhero, here to save us from villainous SUVs
Is le maoiniú ó Ollscoil Harvard agus ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann a cuireadh an tionscadal seo ar an bhfód.
Reáchtálfar ceardlann ar an ábhar i Leabharlann Dhún Dealgan ar an 6 Iúil ag 6.30pm. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin mBunachar Béaloidis, nó chun nascleanúint a dhéanamh ar na scéalta agus na hacmhainní, tabhair cuairt ar fionnfolklore.org nó lean @fionnfolklore (twitter) nó seol ríomhphost chuig fionnfolklore@gmail.com.