Deirtear gur teanga mharbh í an Laidin. Ní fíor ar fad. Maireann ‘cúpla focal’ Laidine i gcónaí – Curriculum Vitae.
Tá saoire an tsamhraidh beagnach linn agus beidh aos óg na hÉireann ar lorg post samhraidh. Agus an té atá ar lorg post samhraidh, scríobhadh sé CV.
Is óg ina saol a chuireann muid oiliúint ar an mhuintir óga; is go hóg a chuireann muid in iúl dóibh go gcaithfidh siad CV a ullmhú; é a dhéanamh slachtmhar agus neart eolais a chur ann. Ní leor tvuít chun fostóra nó teagmháil a dhéanamh leo ar Snapchat. Caithfidh an t-ógánach CV a scríobh! Ar pháipéar!
Cá bhfuil an post samhraidh is lú nach mbíonn gá le CV? Tá daoine ag obair i siopa bróg nó i siopa grósaera nó san ollmhargadh áitiúil nó ag dul chun na Gaeltachta mar chinnire agus beidh CV scríofa agus seolta chun bealaigh.
Is ionann an CV agus cuireadh a chur ar strainséir obair a thabhairt duit. Is ionann an CV agus do bheannacht a chur anonn chun fostóra.
Sea, fáilte go saol na hoibre, a dhaoine óga na hÉireann. Beidh an CV leat ar feadh do shaoil anois; compánach buan a bheas ann feasta. Beidh ort sonraí breise a chur leis de réir a chéile. Cuirfidh tú, gan amhras, leis na cáilíochtaí oideachais (go maire tú do chéim nua!) agus cuirfidh tú leis an taithí oibre atá agat.
An seal sin a chaith tú sa tsiopa ag líonadh na seilfeanna uilig, is ionann é anois agus “tréimhse bainistíochta ina raibh mé freagrach as dea-riarachán an chomhlachta agus a chuid earraí”.
Agus ní bréag í. Cé a líonfadh na seilfeanna mura ndéanfása é?
Tuigeann an fostóir an méid sin. Tuigeann an fostóir gur léirigh tú misneach as post samhraidh a lorg, as post samhraidh a fháil, as cloí leis an phost samhraidh agus cúpla euro de do chuid féin a shaothrú. Léirigh tú go raibh fonn ort obair a dhéanamh, go dtiocfadh leat éirí as an leaba go luath ar maidin, gur fhan tú sa tsiopa go ham druidte.
Tá Laidin bhacach an CV idir lámha ag daoine óga. Tá siad ag machnamh faoina gcroí. Tá siad ag iarraidh focail a cheapadh a dhéanfas cur síos mar is ceart ar a ndintiúir, ar a bpearsantacht. Tá siad ar lorg an emoji is fóirsteanaí ach níl ceann ar bith ar fáil.
Is anois a thosaíonn saol na hoibre ag mórán daoine óga. Mar an gcéanna a bhí an scéal ag mórán daoine fásta. Tagann an samhradh; tagann an post samhraidh; tiontaíonn an t-ógánach ina dhuine fásta.
Scéalta agus an ghealach
Leabhar álainn atá ann mar
Scéalta le hinsint don ghealach
(Cois Life, €12). Is í Caoimhe Nic Lochlainn a chóirigh na scéalta, cuid mhór acu a thagann as Bailiúchán na Scol, tionscnamh sármhaith sna 1930í a thug deis do dhaltaí scoile scéalta béaloidis agus eile a bhreacadh óna dtuismitheoirí agus ó sheanfhondúirí a gceantair.
Dhá scéal déag atá sa chnuasach seo ag Nic Lochlainn agus iad uilig maisithe go hálainn ag Olivia Golden. Tá rogha bhreá thraidisiúnta ann – Bruíon Chaorthainn agus Cailleach na Ribí Gruaige, mar shampla, agus cinn eile atá níos comhaimseartha – Nuair a tháinig an tae go hÉirinn.
Nach iontach mar a thugann an léitheoireacht don óige sásamh don duine fásta féin? Ná lig ort féin go bhfuil tú ró-aosta ná róchiallmhar ag scéalta den chineál seo: “I lár na hoíche, mhúscail an teaghlach ar fad agus ceol na bpíob le cloisteáil ar fud na háite, rud a bhí an-aisteach, mar ní raibh píoba ar bith sa teach.
“Agus níos aistí fós, ba chosúil go raibh an ceol ag teacht ón chliabhán! Chomh luath agus a leag muintir an tí cos ar an urlár, thosaigh siad ag damhsa – ag casadh thart agus ag luascadh timpeall amhail is go raibh iad ar mire glan.”
Tá an leabhar líon lán imeachtaí mistéireacha den tsórt sin agus tá roinnt mhaith tomhas cliste sna scéalta fosta.
Sea, scéalta iad seo don ghealach, agus don pháiste agus don duine fásta!
Fágtar an focal scoir faoin ghealach féin:
Feicim ina suí agus ina seasamh í,
Feiceann an bláth ar aiteann í,
Ceo ná drúcht ní leagann í,
Is ní stadann sí den tsiúl...
Antain an Aistriúcháin
Níl mórán daoine ann atá níos eolaí ná Antain Mac Lochlainn agus ceisteanna teanga agus gramadaí faoi chaibidil.
Tá Cois Life le leabhar nua dá chuid a sheoladh – Ó Bhéarla go Gaeilge – 6 p.m. Dé Céadaoine, 30ú Bealtaine, i gceannáras Fhoras na Gaeilge, 63–66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1.
Treoirleabhar aistriúcháin atá ann mar Ó Bhéarla go Gaeilge, leabhar a thugann treoir don léitheoir, céim ar chéim, tríd an phróiseas aistriúcháin, ó leibhéal an fhocail go leibhéal na habairte: "Cuirtear an léitheoir i ngleic leis na dúshláin is minice a thagann aníos san obair agus tugtar léargas ar na straitéisí a úsáideann aistritheoirí gairmiúla le fadhbanna a réiteach. Tá a lán cleachtaí i ngach aonad ar ghnéithe den chiall, den chomhréir agus den stíl."
Obair bhaile againn uilig!