Ní luafainn seo arís dá mbeadh san aimsir chaite amháin. Ach tá gach cosúlacht air go bhfuil a chlann mhac agus iníon beo i gcónaí bíodh nach gcloistear an drae pioc fúthu.
Beidh tuairim ag daoine cad is brí le Bealtaine 1968 go fiú is má bhí tú as láthair ón scoil nuair a bhí an ceacht sin á dhingeadh síos do bhráid. Ba dhóbair réabhlóid eile a bheith san Fhrainc. An t-am seo ní raibh aon rí le dícheannadh faraoir, ach b’éigean don Uachtarán de Gaulle dul ar a choimeád chun na Gearmáine ar feadh scathaimh.
Chuaigh breis agus 10 milliún oibrí ar stailc, mháirseáil tuilleadh is milliún saoránach trí lár na príomhchathrach, agus bhí mic léinn amuigh ar na sráideanna ag léirsiú mar a bheidís ag lorg páirteanna in Les Miserábles.
Bhí dóchas ag daoine, mar a bhíonn, go dtitfeadh an seanchóras as a chéile, agus labhair an feallsamh ceofhoclach Jean Paul Charles Aymard Sartre lasmuigh de mhonarcha Renault ag iarraidh rotha a chur faoin ngluaiseacht agus bonn a chur faoin moráltacht a bhainfeadh le réabhlóid nár bhain le Stalin. D’éigh guth amháin ón slua go hard: ‘Bí gonta!’, ach ní raibh. Ní fíor ar fad gurbh é sin an fáth gur theip ar an gceannairc áirithe seo, ach níor chabhair ar bith é.
Toisc go raibh mic léinn Pharis suaite agus ag éirí dána, agus toisc gur tharla sé san Fhrainc – foinse agus tobar gach faisin – shíl mic léinn in Éirinn gur cheart dóibh éirí dána, leis.
Thionscain mic léinn UCD ‘réabhlóid chaoin’ inar éiligh siad páipéar leithris níos fearr, deisceanna níos boige, agus cead a bheith acu gan aon leabhair a léamh feasta. Bhí sé de chiall ag na húdaráis géilleadh dóibh.
Is le linn na heachtra bige seo a chuir cuid de na polaiteoirí ba choimeádaí agus na hiriseoirí ba shia ar dheis a gcuid fiacla.
Is fíor go raibh Vítneam á scrios bun barr ag buamaí Mheiriceá san am gcéanna, agus go raibh na milliúin ag fáil bháis in Biafra de dheasca arm tine na Breataine agus na Rúise, ach cad iad sin suas is anuas le níos lú léachtaí agus scrúduithe níos fusa?
Dá mhéid áiféise a spreag Bealtaine ’68 d’fhág sé oidhreacht áirithe idéalachais i measc an bheagáin nár ghlac an franc. Tháinig sin chun cinn tuilleadh is 40 bliain ó shin nuair a chuir daoine i gcoinne aerfoirt nua a thógáil ag Notre-Dames-des-Landes, gar do Nantes. Ghlac siad seilbh ar an talamh mar shíl siad go raibh sé réasúnta nach mbeadh coincréit le leagadh idir an tAtlantach agus sléibhte na nÚral gach orlach den slí. Bhunaigh siad commune ann ina raibh gach rud roinnte go daonlathach faoi chomhbhainistíocht.
Níor chuir siad as do dhuine ná do dhaonnaí, ach amháin iad siúd a shiúil an tslí agus nár réitigh sé leo go mbeadh daoine ar a mhalairt de shlí bheatha. Tá daoine mar sin ann, tá’s agat.
Tugann siad ZAD, nó Zone á Dèfendre ar an bhfearann saoirse seo. An mhí seo caite, ghluais saighdiúirí agus péas de chuid an stáit isteach d’fhonn a ruaigeadh le gach saghas airm a mbainfidís aimhleas as chun dúchasaigh dhalba a chloí in Mali nó sa Côte d’Ivoire, fara deorghás agus madraí allta a dtaitníonn feoil dheas leo go háirithe.
Níor airigh tú seo? Ná na hionsaithe ar na hollscoileanna ar fud na Fraince? Cheapas gurb Eorpaigh sinn? Ach is dócha gur túisce a chloisfimis faoin uair a raibh Khloe Kardashian ramhar ná a bhfuil ar siúl ar lic an dorais.