Dúradh go raibh boilsciú airgid chomh hard sin sa Ghearmáin in 1923 tar éis a pleanctha go mbídís ag déanamh páipéir fhallaí dá gcuid marg agus á n-iompar timpeall i mbarraí rotha chun bulóga aráin a cheannach. Sa tSiombáib sna náididí mhéadaigh ar phraghsanna faoi dhó in aghaidh an lae, ar mheasa é ná an 50 faoin gcéad boilscithe bliantúil a d’fhulaing an tsean-Iúgsláiv sular thit sí as a chéile.
Is ionann boilsciú dá leithéid agus nach fiú tráithnín ná pincín an t-airgead sin id phóca suas is anuas le mar a bhíodh. Is ionann boilsciú grád sna scrúduithe stáit agus nach ionann an luach mar a bhíodh nuair a bhí an caighdeán óir sin ann fadó.
Ach ní raibh caighdeán óir scrúdaithe riamh ann. Córas garbh útamálach atá in aon scrúdú d’fhonn deighilte a dhéanamh laistigh de shlata tomhais chúnga ar chumas daoine atá san aon chomórtas le chéile. Abair, rás 100 méadar ar scoil lá spóirt. Is cuma má ritear é laistigh de 11 soicind nó má ghlacann sé leathnóiméad, is í an áit a bhaintear amach ar ala na huaire sin san aon ráig reatha úd a mheánn. Ní bhaineann le hábhar má bhí sé níos gasta nó níos moille anuraidh.
Tá boilsciú grád i gcúrsaí scrúdaithe ag dul ar aghaidh le fada an lá. Níl sa phraiseach a tharla i mbliana ach léirmhíniú follasach doshéanta ar ghluaiseacht a ghabhann i bhfad siar.
Is fíor go bhfaighidh tú roinnt áirithe oideachasóirí a mhaífidh go bhfuil daltaí agus mic léinn an lae inniu níos oilte, níos cliste, níos meabhraí, níos tuisceanaí, níos staidéartha, níos eolgaisí, níos intleachtúla, níos éirimiúla, níos beo-intinní, níos stuama, níos gaoismhire ná aon ghlúin eile dá raibh riamh ann agus b’in fáth na hardmharcála. Ach má ghéilleann tú do na hoideachasóirí sin tá chomh maith agat géilleadh do na hastralaithe, fáidhithe, fir na dtrí chárta, lucht léite ghrúideal an tae, plaosceolaíocht, vúdú, spásairí réamhstairiúla, eadarbhuasú, dianaitic, reiki agus an fomhórach mór spaghetti ag eitilt.
Is ann don bhoilsciú i mbliana mar bhí an dá chóras i bhfeidhm, scrúduithe scríte agus meastóireacht an mhúinteora, agus tugadh an rogha ab fhearr díobh do chách. Cad leis a raibh tú ag súil?
Ach bhí an claonadh ar bhrí eile a thabhairt don tuiscint cad ba mharc nó ba ghrád maith ann ag athrú siar siar i bhfad.
Scéal pearsanta: thosnaíos ag teagasc ábhar múinteoirí ar an gcúrsa B.Oid i 70í na haoise seo caite. An chéad bhliain nuair a bronnadh an chéim sin, ghnóthaigh tuairim is 10 faoin gcéad onóracha; fuair 90 faoin gcéad céim phas. Nuair a d’fhágas an cúram scór go leith bliain ina dhiaidh sin is é a mhalairt a bhí ann: 90 faoin gcéad a bhain onóracha amach, agus 10 faoin gcéad pas, ar chuma nó teip ba ea í.
An bhfuil aon mhíniú agam air sin?
Níl. Shleamhnaigh sé orainn mar a bheadh ceo ón sliabh, an faolchú ón gcnoc, an ghal ón gcarn aoiligh. Tharla sé.
Is cuimhin liom scrúdaitheoir amháin sna blianta tosaigh sin ag tabhairt ardmholadh, fíorardmholadh, sárardmholadh do mhac léinn amháin, agus dúirt sé: ‘An bhfuil a fhios agat, tá sí chomh maith sin nach mór ná go bhféadfaimis C a thabhairt di.’
Marc meitifisiciúil ba ea A i scrúduithe áirithe, marc lastuas de na reanna; b’ionann B agus an gaineamhlach Danakil, ní fhéadfaí é a thrasnú. Fásach iomlán ba ea an 30 faoin gcéad sin ar bharr an scála in ábhair éagsúla, ní shroichfeadh ach an taiscéalaí ba dhána ar fad é, agus b’fhéidir go rachadh ó radharc go deo.
D’imigh sin, agus tháinig seo: meon eile ar fad i leith cad is ardchaighdeán ann. Comórtas aon uaire is ea scrúdú; is iad do chomhaosánaigh an freasúra.