Tháinig mé ar an fheadóg stáin de thaisme. Ar lorg geansaí a bhí mé agus seo chugam an fheadóg stáin i bhfolach agus faoi cheilt.
Ní ceoltóir mé ach, oiread chéanna le mórán de lucht na Gaeilge, mhothaigh mé an dualgas – lá den tsaol – cur leis an chultúr Ghaelach agus rud beag ceoil a fhoghlaim.
Ní leor Gaeilge a labhairt, an leor, caithfidh cleas an cheoil a bheith againn fosta. (Cá mhinic a dúradh leat gur teanga iontach ceolmhar a bhí sa Ghaeilge?)
Shíl mé go dtabharfainn iarracht an fheadóg stáin a fhoghlaim. Ní raibh fonn orm íde a thabhairt do bhodhrán; níl agam ach glór piachánach agus ní raibh an t-airgead agam le fidil a cheannach.
An fheadóg stáin, mar sin, agus ranganna oíche.
Bíodh trua agat don mhúinteoir bhocht ceoil a d’éist le mo chuid iarrachtaí. Ba í a bhí cróga. Déarfainn gur fhulaing sise níos mó ar son an chultúir Ghaelaigh ná mar a d’fhulaing mórán eile. Bhí sí foighdeach, moltach agus fial ach maith ná maith ní raibh ionam. Bhí sé chomh maith agam spúnóg a chur i mo bhéal agus féacháil le ceol a bhaint aisti.
Rinne mé mo dhícheall, m’anam le Dia go ndearna. D’éist mé siar ar na píosaí a thaifead muid sa rang. D’aithin mé an difear idir port amháin agus port eile. Chlúdaigh mé na poill san fheadóg stáin go coinsiasach – poll amháin, dhá phóll, trí pholl, poll amháin.
Bhog mé na méara suas anuas, síos aníos. Tháinig fuaim as an fheadóg stáin ach...
Ceol? Ó, chan é, a chomrádaí ach trup, callán, búir. Is maith nach raibh madadh againn; déarfainn go gcuirfinn pian air.
Ach is duine dáigh mé. Ní ghéillfinn orlach. I ndeireadh thiar thall, ní raibh san fheadóg stáin ach gléas. Ní raibh cúis ar bith ann nach gceansóinn í ach cleachtadh a dhéanamh.
Poll amháin, dhá pholl, trí pholl, poll amháin.
D’éirigh liom na méara a chur in ord agus in eagar de chineál inteacht. D’éirigh liom bun an leathanaigh a bhaint amach agus a rá go raibh ‘port’ ar eolas agam. D’éirigh liom an leathanach a chur i leataobh agus thit na méara suas anuas, síos aníos ar na poill bheaga as a stuaim féin. Bhí na méara traenáilte agam; bhí sruthán beag ‘ceoil’ le cluinstin, dreas beag a d’aithneofá, más ar éigean é.
Pól Ó Mozart
Ach an obair mhór a bhí i gceist, obair mhaslach. Mar sin féin, níor chaill fear an mhisnigh an cluiche riamh. An dara píosa ceoil. An dara hopus ag Pól Ó Mozart.
Bhí mé chomh staidéartha i mbun ceoil in uachtar an tí i mBéal Feirste agus a bhí an manach úd i mbun cleite agus Pangur Bán ina chuideachta aige.
Ealaín a bhí á cruthú agam. Faraor, tháinig héileacaptar de chuid arm na Breataine ag bualadh poirt sa spéir os mo chionn lá amháin agus, a Dhia idir sinn agus gach olc, ba cheolmhaire an héileacaptar ná m’fheadóg stáin.
Sílim go raibh rún agam páirt a ghlacadh i seisiún ceoil, an fheadóg stáin a thabhairt chun na Gaeltachta liom, í a thabhairt chun catha i dtábhairne i dTír Chonaill.
Is ar phobal na Gaeltachta a bhí an t-ádh agus an t-ádh dearg gur tháinig ciall le haois – nó níor tháinig ceol le haois. Cad é an dochar a dhéanfainn do lucht óil ach an fheadóg stáin a tharraingt as mo phóca agus nótaí piachánacha pianmhara a scaoileadh fud fad na háite?
Ní arm ollscriosta go feadóg stáin i lámha ciotacha foghlaimeora.
D’éirigh mé as. Chuir mé an fheadóg stáin i bhfolach. Rinne na méara dearmad ar an ord agus ar an eagar. Ba cheart dom an diabhal rud a chaitheamh amach ar fad ar fad. Níl a fhios agam cad chuige nár chaith.
(Feadógaí stáin a thugann tearma.ie ar “tin-whistle player”. Feadógaí failure a bhí ionamsa!)
Ach, fan, tá cúrsaí iriseoireachta go holc ar na saolta seo. Cá bhfios nach mbeidh slí bheatha nua romham amach anseo? B’fhéidir gur chóir dom tosú arís le fios nó le hamhras?
Sea, is iontach an plean é. Ná bíodh iontas ar bith ort iriseoir rua a fheiceáil ar Shráid Grafton lá de na laethanta seo agus bleaist de jigeanna agus ríleanna aige. Bíodh trocáire agat dó mura mbíonn gach aon nóta foirfe agus mura mbíonn aige ach dhá thiúin go leith.
Faigheann foighne – agus feadóg stáin – fortacht.
Caipín!
Beidh caipín de dhíth orm leis an airgead uilig go léir a bhailiú.
Agus geansaí Árannach leis an chuma chuí a chur orm.
Agus féasóg – le nach n-aithneodh duine ar bith mé.
Poll amháin, dhá pholl, trí pholl, poll amháin.