Dé Céadaoin a bheidh grianstad an tsamhraidh chugainn, an lá is faide sa bhliain. Féile mhór i bhféilire na gCeilteach a bhíodh ann agus mórán tinte ar lasadh do bhandia na soilse, Étain.
Agus cad faoin bhfocal féin?
Glactar leis gur tagairt é grianstad do shuíomh na gréine a bheith ina stad. An bhrí chéanna atá le ‘solstice’ an Bhéarla, focal ata ar aon dul le ‘armstice’ mar shampla – agus stad curtha leis na hairm a chás sin.
Ach an stad atá ann? Nach amhlaidh go leanann an ghluaiseacht?
De bharr an domhan féin a bheith ag síorghluaiseacht – ag taisteal ar fithis timpeall na gréine, agus an claonadh chun na gréine ag dul i méid no i laghad i gcónaí i rith an chúrsa bliana. Ní stad atá ag tarlú Dé Céadaoin ach an domhan a bheith tosaithe ar dhul i malairt de threo.
Is iad na gluaiseachtaí seo a thugann dúinn na séasúir, grianstad an tsamhraidh agus an gheimhridh, maraon le cónocht an fhómhair agus an earraigh, nuair a bhíonn an lá agus an oíche ar chomhfhad. Gluaiseachtaí is ea iad ó cheann ceann na bliana agus iad spleách ar a chéile.
Tá spleáchas idir na gluaiseachtaí ó cheann ceann an domhain chomh maith. Dóibhsean atá sa leathsféar theas, san Astráil mar shampla, a mhalairt de lá a bheidh acu Dé Céadaoin, grianstad an gheimhridh agus an lá is giorra.
Ar scáth a chéile a mhairimid, fiú má táimid scartha ag na farraigí ar feadh na mílte agus na mílte.
Leanann an ghluaiseacht gan stad gan staonadh mar sin, fiú más í a mhalairt a chuirimid in iúl le ‘grianstad’. Bogann an t-am ar aghaidh dá réir sin.
Ba bhreá linn ar ndóigh stad a chur leis an am, breith air agus é a smachtú, go mórmhór nuair a bhímid ag baint taitnimh as an saol.
Is féidir taifeadadh a dhéanamh leis an gceamara nó leis na scéalta ar ndóigh agus cuireann sé sin leis na cuimhní cinn. Ach ní féidir linn stad iomlán a chur leis an am.
Agus ní féidir stad a chur leis an dul in aois a ghabhann leis. Cé gur éirigh le hOisín éalú ón dul in aois ar feadh 300 bliain, bhí praghas ard le híoc. Is uaigneach an duine a bhíonn ina ‘Oisín i ndiaidh na Féinne’.
Rugadh air i ndeireadh thiar.
Fad ama
Má bhíonn fonn orainn fad a chur leis an am saoil, bímid ar ár ndícheall chomh maith fad a chur leis an am laethúil.
Is minic fiafraithe conas, in ainneoin forbairtí na nua-theicneolaíochta, atáimid chomh gann ar am agus a bhí riamh.
Má bhraith J. Alfred Prufrock go raibh a shaol róthomhaiste ag na spúnóga caifé 100 bliain ó shin, is mó la a bhímid faoi chuing ag mionghléasanna eile na laethanta seo chomh maith, an i-fón san áireamh.
Ní réiteach é maoin an tsaoil ach an oiread. Bíonn mórán den lucht rachmais ar bheagán ama chomh maith le cách. Agus uaireanta, níos lú ama fós ná na daoine nach bhfuil chomh maith as. Saibhreas maoine, agus bochtanas ama, mar a deirtear.
Fágann sin nach mbíonn neart againn air, ach caitheamh le ham, cuid mhaith den am, amhail is gur áis atá ann, táirge níos mó ná taithí. Agus ar ár ndícheall gan aon am a chur amú.
Bíonn béim ar bhainistiú ama agus ar éifeacht, agus is í an líne dhíreach ó A go B, an tslí is éifeachtaí chun dul chun cinn.
Ach má tá dul chun cinn tábhachtach, tá mórán gnéithe eile ag baint le cúrsaí ama nár cheart ligean i ndearmad.
Tá léiriú airsean le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill féin, sa mhéid ceannfhocal a thugtar don focal ‘am’ – 15 cinn ar fad!
Ina measc tá tagairt don am mar shéasúr. Agus mar atá curtha i gcuimhne thuas, is é treo agus taisteal an domhain a thugann na séasúir.
Is deacair a shamhlú go bhfuilimid cheana féin tosaithe ag triall i dtreo an gheimhridh, agus gan laethanta saoire an tsamhraidh tosaithe fós.
Is ábhar machnaimh dúinne na gluaiseachtaí seo sa spéir. Go bhfuil gluaiseachtaí i gcónaí ar siúl, fiú murar léir dúinn é ag an am; gur gá an saol a thuiscint mar phatrún seachas aon ghluaiseacht amháin.
Timthriall, seachas triall.
Is meabhrú é go bhféadfaí aithris a dhéanamh anois is arís ar na gluaiseachtaí thuas inár saol féin.
Ar an mbonn sin, is fiú smaoineamh ar dhul timpeall chomh maith le dul caol díreach, dul siar chomh maith le dul chun cinn, díriú ar an athuair, seachas ar an uair dheireanach.
Dul i dtreo nua seachas teacht go dtí lánstad. Is léachtóir ar Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, é an Dochtúir Cathal de Paor