Foclóir : Snáithín carbóin - carbon fibre; thar na mogaill - out of the sockets; straois - grin; coróin labhrais - laurel wreath; ar tinneall - on tenterhooks; Sliabh Áchadh Mheánach - Aughavannagh Mountain; grúpa tóraíochta - chasing bunch; go rábach - easily; gaiscíoch - hero; curiarracht - record.
Fad a bhí mé ag féachaint ar an ‘Tour de France’ ar an teilifís i mbliana rith sé liom go raibh rothaíocht ghairmiúil i measc na spórt is dúshlánaí agus is dainséaraí ar domhan. Is dochreidte an tslí ina a choinníonn na rothaithe ag imeacht ar feadh 23 lá. Aistear 3,000 ciliméadar a dhéanann siad. Is iontach an gaisce é nuair a chuirtear san áireamh nach mbíonn ach gléas iompair sobhriste acu; le fírinne ní bhíonn ach dhá bhonn caol agus fráma éadrom déanta de shnáithín carbóin fúthu.
Corradh le seasca bliain ó shin bhí mé i measc an tslua ar Chnoc na Coille i Mainistir Eimhin i gContae Chill Dara ag feitheamh ar an gcéim dheiridh dár Tour féin - ‘An Rás Tailteann’ - Agus chun barr maise a chur ar an scéal bhí ár laoch áitiúil féin Paddy Flanagan chun tosaigh.
Ba laochra áitiúla iad na laochra spóirt an tráth úd in Éirinn mar ní thiocfadh le formhór na ndaoine réaltaí spóirt náisiúnta a fheiceáil toisc nach raibh Teilifís Éireann tagtha ar an bhfód fós.
Agus nuair a thagadh an Rás trí bhailte na tíre sna blianta sin ba mhórimeacht spóirt áitiúil é ina dtugtaí deis do dhaoine sár-réaltaí na rothaíochta a fheiceáil ina steillbheatha - amhail Mangan, O’Hanlon agus Flanagan. Bhíodh na sluaite amuigh agus na súile ag dul thar na mogaill acu ar na rothaithe ag ropadh tharstu.
I dtús mhí Lúnasa i 1960 chruinnigh muintir an bhaile agus daoine ón gceantar máguaird ar thaobh an bhóthair feadh na slí ó Chill Daingin go dtí bun Chnoc na Coille i Mainistir Eimhin. Ba lá dár saol é agus bhí ríméad orthu a bheith i láthair chun fáilte an ghaiscígh a chur roimh an bhfear féin, Paddy Flanagan.
Bhí gach láthair faire gafa ag daoine a bhí gléasta in aon bhall d’éadach bán a bhí in aice láimhe acu an mhaidin sin agus bhí siad ar tinneall ag fanacht le Paddy agus leis a fhoireann. D’fhonn radharc níos fearr a fháil ar an Rás bhíomarne, na páistí, á mbrú isteach chun tosaigh os comhair an tslua ar thaobh an bhóthair.
Lig na sluaite ruabhéic astu ar an bpointe ag cur na ngártha fáilte roimh an Rás. Bhí foireann Chill Dara chun tosaigh faoi bhláth i ngeansaithe lachtbhána mórthimpeall ar Paddy a raibh an geansaí buí air; ba gheall le nóinín ollmhór soghluaiste iad ina raibh na baill foirne mar pheitil bhána agus Paddy mar bhláthcheann i lár baill. Bhí straois álainn go cluas air agus é ag dul tharainn.
Rugadh Paddy sa bhliain 1939 i bhFáinne na dTarbh i gCill Daingin, Contae Chill Dara. B’oibrí i mBord na Móna a athair. D’fhreastail Paddy ar an mbunscoil áitiúil agus dúirt sé féin go ndúirt an príomhoide leis nach rachadh sé thar dhroichead Chill Daingin ina shaol; b’éigean don oide sin a chuid focal a shlogadh, ámh, nuair a bhuaigh Paddy an chéad Rás Tailteann. De ghrá na córa scríobh an príomhoide chuige ag gabháil leithscéil ó chroí leis as an míbhreithiúnas a thug sé air.
Chuaigh sé ó neart go neart agus bhain sé clú agus cáil amach mar dhuine de na rothaithe ab fhearr riamh sa Rás. Chroch sé leis 38 dteideal Uile-Éireann. Idir na blianta 1960 agus 1975 a bhí sé i mbarr a mhaitheasa agus bhuaigh sé an Rás trí huaire - sna blianta 1960, 1964 agus 1975.
Ba eisean an chéad rothaí a bhuaigh an Rás faoi dhó agus tuairiscíodh go raibh 40,000 duine i láthair i bPáirc an Fhionnuisce nuair a bronnadh an choróin labhrais air i 1964.
Ba é Shay O’Hanlon an t-aon rothaí eile a rinne curiarracht níos fearr ná Paddy sa Rás. Bhuaigh Shay an rás ceithre huaire. Ach bhí Flanagan chun tosaigh air maidir leis an achar ama a chaith sé ar bharr a mhaitheasa - 23 bliana ó 1958 go dtí 1981. Bhuaigh sé 11 chéim sa Rás agus chaith sé an geansaí buí 17 n-uaire le linn a ghairmréime. Ní hamháin san ach bhí sé sa chéad cúig áit ocht n-uaire sa Rás le linn a ghairm réime. Agus é in aois a 36 bliana bhí sé ar an rothaí ba shine a chaith an geansaí buí nuair a bhuaigh sé an tríú Rás sa bhliain 1975. B’iontach an gaisce é gan amhras. Ainmníodh é i measc réaltaí eile an Rása amhail O’Hanlon agus Mangan agus tugadh an bua-ainm ‘Fir an Rása’ ar an triúr dá bharr.
Cé gurbh fhear beag é Paddy bhí neart seisear fear aige agus bhí ceathrúna matánacha eisceachtúla air. B’obair chrua ar an bportach agus a dhúthracht i leith an spóirt a sheas dó. Rothaí iontach cliste ba ea é a raibh de léargas aige pleanáil chun cinn sna rásaí. Rothaíodh sé na mílte fada crua le linn traenála agus bhí saineolas aige ar laigí agus ar neart a choirp.
Ach b’fhearr liomsa Paddy a shamhlú beo slán agus é i mbarr a réime ag rothaíocht sa chéim dheiridh sa Rás i 1975. Samhlaím é agus súil ghéar aige ar a chuid iomaitheoirí sa ghrúpa tosaigh - á ngrinniú agus á dtomhas - ag iarraidh laigí a aimsiú iontu. Agus cé go bhfuil sé féin ag fulaingt go huafásach: é tugtha traochta; righneas sna cosa agus pianta cliabhraigh ag cur isteach air, tá a fhios aige go bhfuil cuma spíonta amach ar an gcuid eile acu.
Gan choinne tapaíonn sé an deis chun dul ar an ionsaí agus amhail gadhair á scaoileadh chun fiaigh éiríonn leis na cosa a thabhairt leis. Faoin am a dhreapann sé Sliabh Achadh Mheánach i gCill Mhantáin níl iomrá ar bith ar an ngrúpa tóraíochta. Níl ann anois ach rothaí aonair ar bhóthar sceirdiúil; tá a gheansaí bán breactha le láib agus smálaithe le hallas. Cé go bhfuil cuma uaigneach air tá gliondar croí air mar tá sé ar tí bua rábach a bhaint amach sa Rás don tríú huair. Nuair a tháinig an crú ar an tairne d’éirigh go geal le Paddy Flanagan!