An oíche úd i mBeithil bhí gach aon teach ósta lán. Bhí na pubanna ag cur thar maoil le lucht ragairne ag diúgadh na gcárt. Leaba ní raibh le fáil ar ór ná ar airgead. B’éigean do dhaoine codladh a dhéanamh ar thaobh na sráide nó san iothlainn féin sa chás is nach raibh aon eile ann dóibh.
Ach fuair Seosamh agus Muire bheith istigh na hoíche sa stábla in aice láimhe ó fhear an tí ósta a ghlac trua dóibh.
Fear eile, tháinig sé aduaidh as Beitsaidhda. Bhí a bhean fairis agus a mac nua-shaolaithe. Is ar chamall a tháinig siad, camall ar leo é. Ní chuimhneodh siad teacht ar asal. Ba mheasa asal ná siúl na gcos. B’éigean dóibh clárú sa bhaile óir b’as a tháinig a sinsir. Fear saibhir a bhí ann.
Chnag sé, an fear saibhir, ar dhoras an tí ósta.
D’fhreagair an t-óstóir leis an bpus sin a bhíodh ar óstóirí de ghnáth sular dhein siad cúrsa dea-bhéasa san Institiúid Teicneolaíochta ba ghaire dóibh.
‘Ha!’ ar seisean, le gramhas.
‘Ho! Hó’ arsa mo dhuine, ach níorbh aon Santa Claus é.
‘Cad tá uait?’ arsa an t-óstóir, bíodh gur maith mar a bhí a fhios aige.
‘Bheith istigh na hoíche, dom féin, dom mhaicín óg, agus dom bhean chéile,’ is mar sin a d’ainmnítí daoine san am.
‘Tá an teach lán,’ arsa an t-óstóir, ‘bailigh leat áit éigin eile.’
Dhein sé iarracht ar an doras a dhúnadh de phlab, ach chuir an fear a chos ina choinne.
‘An bhfuil a fhios agat cé mé féin?’ arsa mo dhuine, agus an camall ag srannfach laistiar.
‘Níl tuairim dá laghad agam,’ arsa an t-óstóir, ‘agus is cuma liom.’
D’fhan an chos sa doras.
‘Is mise Síomón Bartimaeus agus tá scaireanna agam i mbanc na Róimhe, agus téim ar saoire go dtí Cathair Alasdair agus tá tithe saoire agam in Saidhdean agus tá aithne agam ar Héaród Antipasta agus ba mhór agam dá bhféadfá seomra a chur ar fáil dom féin, dom mhac, is dom mhnaoi don aon oíche amháin seo féin.’
Stop an t-óstóir, thosnaigh seordán éigin ina chluasa. Airgead, seasamh, meas. Bhí geallúint tugtha aige, ach cad is fiú geallúint suas is anuas leis an saol. Ní foláir a bheith réadach.
Is ea, bhí oscailt ann.
‘Bhuel,’ ar seisean, agus lean tost fada, ‘is amhlaidh go bhfuil an teach ósta lán, mar adúirt mé, ach tarlaíonn go bhfuil stábla amuigh ansin agam atá compordach go maith. Is minic daoine ag fuireach ann nuair atá an áit seo plódaithe. Bó agus asal chun teas a choinneáil. Tá lánúin ann faoi láthair ach…’
‘Ní íocfaidh siad a n-íocfaidh mise,’ arsa Síomón.
‘Fíor duit,’ arsa an t-óstóir, ach é fós idir dhá chomhairle.
‘Sin é dlí an mhargaidh,’ arsa Síomón, ‘agus is é dlí an mhargaidh an máistir.’
‘Sin í an fhírinne!’
Chuaigh an t-óstóir amach chun an stábla agus thug ordú dóibh imeacht. Go grod. Láithreach bonn baill. Nó chuirfí na Gardaí orthu.
‘Ach dúirt tú…?’ arsa Seosamh, agus alltacht air.
‘Níl aon rud scríte síos,’ arsa an t-óstóir, ‘téann focail le gaoith.’
‘Ach tá a huain i neas dúinn, uair ar bith, an leanbh, tá’s agat.’
‘Ní haon phioc dem chúram é sin, ní mise faoi deara é. Tá leanbh amháin ar aon dul le leanbh eile. Is féidir leat ceann eile a bheith agat, tar éis an tsaoil.’
Agus rop sé Seosamh agus Muire amach as an stábla. Agus d’imigh an t-asal ina dteannta.
Ghluais siad leo gur tháinig siad ar chlaí le hais an bhóthair. Is ann a thug Muire a leanbh Íosa ar an saol beag beann ar fháidh nó ar aoirí caorach.