Mhúscail ‘comóradh’ na ‘ceannairce’ ag lucht leanúna Trump ar an gCapitol in Washington an tseachtain cheana mórán bladair agus broimní. Ar an gcuid ba mheasa de tá daoine ar samhlaíodh eagna a bheith acu ag tuar cogaidh chathartha ar fud na Stát Aontaithe. Go deimhin deimhnitheach siúráilte tá ar a laghad dhá leabhar foilsithe le déanaí arb é sin atá mar thairngreacht acu.
Tá go fiú an teideal ‘The Next Civil War’ ar leabhar le Stephen Marche a bhfuil ‘neamhfhicsean tuairimeach’ tugtha ag na foilsitheoirí air. Tá bunaithe ar chomhráití fada le saineolaithe agus le saighdiúirí fara taighde fairsing ar shamhailteacha éagsúla a tharraing sé amach as áiteanna ina bhfaightear samhailteacha, is é sin, an tsamhlaíocht.
Leabhar níos scolártha is ea ‘How Civil Wars Start’ le Barbara Walker agus is maith léi figiúir agus fíorais le léiriú go bhfuil na Stáit Aontaithe laistigh den chrios contúirteach sin ina bhféadfadh cogadh cathartha titim amach. Déanann sí scagadh forleathan ar aighnis eile, go háirithe lenár linn féin, mar atá san Iúgslaiv nó san Iaráic, agus baineann ramsach as bratach na heagla d’fhonn daoine a dhúiseacht. Is í an deacracht is mó atá aici ná nach bhfuil dálaí Mheiriceá ar aon tslí insamhalta le dálaí na dtíortha eile sin a luaigh sí.
Is fíor go bhfuil scoiltghleann mór domhain ann idir dhá champa éagsúla sa tír. Is fírinní, áfach, go bhfuil an deighilt sin, deighilt ghlórach, deighilt ina bhfuil dhá bhuíon ag mallachtú a chéile, ar imeall an phobail seachas istigh ina cheartlár. Más maith leat an cartún a leanúint, tá na hantoiscigh rua-ragmhuineálach anuas as na sléibhte agus aníos as na carabháin ar leith amháin, agus na liobrálaigh dheasa uisciúla fhéiliceánacha ar an leith eile.
Ach cartún is ea an méid sin. Gruth agus meadhg liath arna mhaistreadh le chéile san aon chuinneog amháin is ea formhór na ndaoine, óir olagarcacht aonpháirtí is ea na Stáit Aontaithe a bhfuil dhá eite ann nach bhfuil difríocht tiús chiarsúir síoda eatarthu. Olagarcacht airgid is ea an tír faoi stiúir ag trilliúnaithe a dháileann a gcuid maitheasaí ar pé giollaí polaitíochta a dhéanfaidh a leas. Sin gach aon ghiolla díobh.
Níl san idé-eolaíocht a shloinntear anois agus arís ach bláthanna sa bhfuinneog, tinsil ar na crainn, rufa ar an muinchille, bábóg sa chúinne, cúr ar loch ciúin, tufóg spideoige, ribe ar smig, flóisín san amhrán...cluiche a imrítear le cur ina luí orthu féin go bhfuil siad éagsúil ó chéile. Tá geilt ar na himill, is fíor, ach ní scarfadh Dia ná Béalsabub muintir na Stát ó olagarcacht an dollair agus ó cheannas phrionsaí an airgid.
Ceapadh go raibh baol éigin ann don rialtas nuair a thug an daoscarshlua Trumpach cuairt ar an gCapitol lena gcuid ceamaraí ar theileafóin. Luaitear gur iarracht ar coup d’etat a bhí ann. Síleadh go rabhthas le réabhlóid a thionscain.
Níorbh aon ní dá shórt é. Lá faoin dtor a bhí ann dóibh siúd a bhí páirteach ann. Lá féile agus gabhair le róstadh. Spraoi le meirgí á maíomh.
Ní mar sin a thosnaítear réabhlóid gan trácht ar chogadh cathartha. D’fhonn coup d’etat éiritheach a bheith agat chaithfí eagar a bheith ann, agus eagraíocht fáiscthe, agus plean cinnte, agus ceannairí tiomanta a bheadh sásta a n-anam a chur i mbaol, gan trácht ar rúndacht dhaingean chun teacht ar an taobh caoch de na húdaráis.
Aon phioc de sin ní raibh ann ar an 6ú Eanáir anuraidh. Shníomh cóip na sráide isteach le bratach i lámh amháin agus teileafón sa lámh eile agus nuair a caitheadh aon urchar amháin leo bhíodar bailithe an doras ba ghaire amach.
Ná bítear buartha. Ní baol do na Stáit, cibé faoi thíortha eile a bhfuil súil acu orthu.