Am gréine agus tá na feirmeoirí ag baint an fhéir.
Tá ranganna fada féir le feiceáil sna cuibhrinn ar fad cois locha. Ní éirím tuirseach den radharc. Seo tús an tsamhraidh, dar liom, fíorthús an tsamhraidh. Tá mórán tarracóirí ar na bealtaí beaga tuaithe, mórán laochra óga ag tiomáint agus iad beag beann ar gach aon duine eile ar an bhóthar. Thabharfainn an leabhar gur “Fág an bealach” an gháir chatha atá acu uilig, marcshlua seo na tuaithe.
Cluineann tú an tarracóir agus an leantóir, iad ag drumadóireacht ar an chosán chaol, iad ag deifriú chun na páirce nó ag teitheadh uaithi. Tá obair le déanamh; ní mhairfidh an dea-aimsir i bhfad.
Mar sin féin, an áit a mbíonn fás, bíonn bás fosta. Tá na fáinleoga abhus arís ón Afraic. Tá siad le feiceáil cois na locha, ina suí ar shreanga gutháin nó beo ar eite.
Bhuel, an chuid is mó acu. Ní thagann gach aon fháinleog slán. Chonaic mé fáinleog amháin ar an talamh. Shílfeá gur néal a thit uirthi, chomh suaimhneach agus a bhí sí. Níorbh ea, ar ndóigh. Marbh a bhí an fháinleog. Carr nó tarracóir a leag í, is dócha. Ba thruacánta an radharc é.
Rinne an neach beag sin aistear mór agus ní raibh de thoradh ar an aistear ach bás. Maraíodh í san áit ar chóir di a bheith sábháilte.
Ní raibh sí ina haonar. D’aimsigh mé lon dubh faoi chúpla céad slat, é marbh fosta – agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch i rith an ama.
PÓM