Tá dán ag Seán Ó Ríordáin ina bhfuil an líne: “Tá pearsa imithe as an saol.” Bochtaítear agus beagaítear sinn ar fad nuair a fhaigheann cara scríbhneora linn bás. Cé go raibh aithne mhaith agam ar Liam Ó Muirthile níor dhlúthchara liom é, ach amháin ina chuid peann ealaíne.
Agus níl aon amhras ná gurbh ealaíontóir pinn é. Seans maith go ndéarfadh sé gur cheardaí pinn ba ea é, mar ba mhór aige an cheird ar geall le siúinéireacht nó gréasaíocht nó táilliúireacht aige í.
B’in é an moladh ab airde, go ndéanfaí cúram den fhocal, den fhoirm, den earra dea-dhéanta. Ní raibh aon deighilt ann idir an ealaín agus an cheird, go deimhin b’iad an t-aon uaim amháin iad.
Is ea, b’as an aon dúthaigh amháin sinn agus d’fhreastalaíomar ar an scoil chéanna, fág nárbh in aon bhliain le chéile dúinn. Is cuma sin, ach tá léargas cúng áirithe agam ar na sráideanna as a dtáinig sé agus na gaotha a shéid ina threo. Ní thugann an méid sin aon éachtaint faoi leith do dhuine ar scríbhneoir, mar is laistigh de bhlaosc na samhlaíochta a ghluaiseann an mheanmna scríbhneoireachta, agus ní bheidh radharc air sin go bhfaigheann Pilip a’ Chleite bás.
“Cork poet” a dúirt tuairisc amháin ar a bhás, amhail is go mba leor sin lena chuimsiú. Ba sheacht mó ná sin é, seacht mó seachtód.
Scríobh sé úrscéalta, drámaí agus iriseoireacht gan chrích, agus bhí ina cholúnaí sa nuachtán seo ar feadh breis agus dhá bhliain déag.
Bhí gach aon cheann de na colúin sin greanta i gcló, oiread is aon cheann amháin díobh ní raibh sleamchúiseach ná liopaisteach, murab ionann agus colúnaithe eile.
Bhí slua éigse na hÉireann fara cairde agus lucht aitheantais ag Aifreann na sochraide Dé Luain seo caite. B’é féin an poll ina lár nach raibh i láthair.
Labhair an file agus an fear léinn Louis de Paor thar ár gceann go léir ar an ócáid. Ba dheacair breith air i lár an bhróin, ach i measc go leor eile a dúradh go fileata is go gonta, thagair sé dá óige, don dúil amplach a bhí aige sa léitheoireacht, agus gan amhras don bhíogadh samhlaíochta a fuair sé i gCorca Dhuibhne:
“Sibhialtacht ab ea an Ghaeltacht, adúirt Seán Ó Ríordáin. Aigne eile ab ea í, adúirt Liam, agus comhluadar aonadach go raibh stair leanúnach laistiar dó. Is ansan a casadh John Moriarty air, fear a chonaic an díshealbhú deireanach sa cheantar nuair a bhí sé trí mbliana dhéag d’aois, duine a raibh dánta le Piaras Feiritéir agus le hAogán Ó Rathaille beo i gcónaí ar bharr a theangan. Tháinig na meánaoiseanna is an saol nua-aimsire le chéile mar sin ina phearsain is ina theanga.”
B’iontach file amháin a chloisint ag tabhairt ómóis óna chroí amach d’fhile eile. An méid sin lastuas, b’eochair chomh maith í don ghrá thar meon a thug sé d’éigse Iarthar Chorcaí. B’é a thug athbheo do Mháire Bhuí Ní Laoghaire, an file ba láidre líofa lena linn nuair a bhí pobal na hÉireann ag seirgeadh chun dímhisnigh.
Ach ní taobh le Corcaigh ná le Ciarraí a bhí Liam. Francbhách buile a bhí ann agus is ón traidisiún eile sin a fuair sé go leor dá chuid bóithre. Mar seo a chuir Louis é: “Ba ghiorra do mheanma Shráid na Dúghlaise an file Francach Villon is an traidisiún a d’eascair uaidh sin go dtí Rabelais agus ina dhiaidh. Mhothaigh Liam go raibh Rimbaud níos gaire dó féin ná mar a bhí Eliot agus Yeats.”
Cibé rud atá ráite cheana, tá súil agam nach bhfuil ann ach an tús.
Go dté sé slán.