Oiread chéanna leis na caisearbháin, tháinig na féileacáin chugam gan choinne. Ní raibh iomrá ar bith orthu lá amháin agus bhí siad ag eitilt leo an dara lá.
Bhí na scórtha acu le feiceáil cois an bhealaigh mhóir.
Bhí sé ar nós gur chaith an Cruthaitheoir dorn confetti bheo as a lámh; scaipeadh féileacáin bheaga bhána gach aon áit le sult a thabhairt don tsúil.
(Cad é an cnuasfhocal ar ghrúpa féileacán: cóisir féileacán; báine féileacán; éadroime féileacán?)
Bhí siad le feiceáil i measc na gcaisearbhán ach go háirithe; iad ag eitilt a fhad leo; ag déanamh teagmhála leo; ag imeacht uathu.
An i mbun tvuíte a bhí siad?
Tháinig carr an bealach agus bhí eagla orm go leagfadh sé iad, a ghaiste agus a bhí sé ag taisteal.
Ach thóg gluaiseacht an chairr na féileacáin in airde agus d’imigh siad leo mar phiotail ar an aer.
Tógadh agus scaipeadh na féileacáin, i dtreo na móinteacha, i dtreo an locha, i dtreo na spéire, i dtreo an droichid, i dtreo na gcuibhreann.
Tá cur síos deas ag Ó Dónaill ar an fhéileacán: féileacán (fómhair) – pretty and showy girl; féileacán parlúis – very light person.
Agus ceann eile nár chuala mé riamh: na féileacáin a bhrú as duine – to crush someone.
Nach iontach é?!
Bhrúigh an obair na féileacáin as an iriseoir!
PÓM