Ní bheidh aonach amárach i gcontae an Chláir. Ach bhí ceann ar siúl arú inné, Dé Sathairn. Spancilhill Fair a bhí ann, sa ghnáth-ionad, Cnoc Urchaille agus ar an ngnáthdháta, 23ú Meitheamh.
Ócáid de sheacht lá a bhí san aonach nuair a bhronn Rí Séamus aitheantas ríoga air i 1621. Is mó duine a thug cuairt air ó shin, ó áiteanna i gcéin is i gcóngar.
Lucht ceannaithe agus díolta na gcapall gan amhras, ach mórán eile chomh maith, de bharr gur ócáid í lena mbaineann an iliomad gné.
Agus gnó. Siamsa, ceol, cleamhnas agus araile. Nár tháinig marcach ón Úcráin Dé Sathairn chun taispeántas marcaíochta a thabhairt? Sa stíl Chosacach.
Ach fan!
“It been on the 23rd of June, the day before the fair,” atá le clos san amhrán clúiteach, Spancilhill.
A Mhichíl, an raibh dul amú ort maidir le dátaí?
Micheál Considine, ón bparóiste a chum an t-amhrán sa 19ú haois agus é ar imirce i Meiriceá. Bhailigh sé leis siar in 1870 agus beart aige airgead a thuilleamh chun a chailín, Meg a thabhairt siar níos déanaí.
Aisling a bhí san amhrán inar thóg sé turas thar n-ais abhaile. Nó mar a deir sé féin: “My mind being bent on rambling to Ireland I did fly.”
Bhuel, is cosúil ó na foinsí staire gur ar an 24ú a bhíodh an t-aonach ar siúl sular athraíodh é go dtí an 23ú lá.
É sin, nó b’fhéidir gur ar an Domhnach a bhain an Consaidíneach amach an fód dúchais. Agus de bharr nach dtionóltaí an t-aonach ar an Domhnach, cuireadh siar é go dtí an 24ú lá an babhta sin.
Pé scéal é, an 23ú atá anois scríofa ar philéar an gheata sa tslí isteach chun na páirce a úsáidtear mar láthair don aonach. Is cosúil nach raibh an dáta greanta ar chloch i gcónaí riamh mar sin.
Gné eile den aonach a chuirfeadh amú an duine is ea an logainm féin. Cnoc Uar Choille a tugadh ar an áit i bhfad siar, agus é tagtha ón leagan stairiúil, Cnoc Fhuar Choille. Má bhí coill ann, níor leor í, de réir dealraimh chun fothain a thabhairt ón bhfuacht.
Tá taithí againn ar thagairtí don fhuacht i logainmneacha eile na tíre, an Fearann Fuar i gCo. Chiarraí, mar shampla, mar a mbíonn tarraingt ar na heitleáin na laethanta seo.
Ach ba ar bhord loinge a thaistil an deoraí áirithe seo thar n-ais abhaile, agus bhain sé an talamh slán amach ag Crosaire Uarchoille – “to anchor at the Cross of Spancilhill.”
Logainm lochtach
Spancilhill? Tuige? Cad as a dtagann an logainm? Agus cén fáth? Nó Spancel Hill, mar a scríobhtar i bhfoinsí oifgiúla?
Ag www.logainm.ie atá an freagra. Go bunúsach, nuair a bhí clóca an Bhéarla á chur ar logainmneacha na tíre sa 19ú haois, glacadh leis, trí mhíthuiscint, gur tagairt a bhí i gCnoc Uar Choille don focal ‘uarchaill’.
Buarach nó laincis no ‘spancel’ is ea é seo a úsáidtí chun cosa an ainmhí a cheangal le chéile, ar mhaithe le cosc a chur air imeacht i bhfad.
Chuir stair na háite dealramh breise na fírinne ar an tuairim seo, de bharr go mbíodh capaill bailithe ann ó am go chéile don aonach. Agus tá an logainm lochtach in úsáid ó shin.
Chuaigh an Consaidíneach chun ancaire ag Crosaire Uarchoille pé scéal é. Ach is ag an bpointe sin a thagann an t-amhrán agus an scéal chun críche, mar beireann an t-am air. Ghlaoigh an coileach, “both loud and shrill,” agus dhúisigh sé thar n-ais i gCalifornia.
Cailleadh thall é go gairid ina dhiaidh sin in 1873, agus gan deis aige filleadh mar a bhi beartaithe aige, agus ancaire a chur ag Crosaire Uarchoille.
Bogann an chaint seo smaointe eile. Agus tagann amhránaithe eile chun cuimhne.
Bheadh tuairimí ag John Beag Ó Flatharta ní foláir ar chúrsaí ancaireachta – nó cad a thug air na hAncairí a thabhairt ar a chompánaigh cheoil a bhíonn á thionlacan ar fud na cruinne, agus i bhfad Ó Chonamara uaireanta?
Is éasca go mór anois é, gan amhras, a bheith ar ancaire agus ar eachtra in éineacht. A bhuíochas sin do na heitleáin.
Agus a bheith i lár an aonaigh, nó i bhfad i gcéin san iargúil de réir mar a bhuaileann an fonn an duine.
Ach ní fios fós cathain a nglaofaidh an coileach...