Tá a fhios agat go bhfuil an ghrian rófhada againn nuair a éiríonn tú imníoch faoin fhéar.
Bhí an féar sa ghairdín ag éirí tanaí buí. Bhí fearthainn de dhíth air. Bhuel, in Éirinn ghlas a chónaíonn muid; ní fada uainn fearthainn in am ar bith.
Tháinig an fhearthainn agus bhí fáilte roimpi. Ní raibh sí róthrom ach ba leor í le deoch a thabhairt don fhéar. Ní bhíonn muid sásta in am ar bith. Is breá linn an dea-aimsir ach éiríonn muid imníoch mura mbíonn fearthainn ann.
Níorbh fhada i ndiaidh na fearthainne a tháinig an stoirm. ‘Hector’ a thug lucht aimsire ar an cheann seo. Bhain an t-ainm gáire asam. ‘Hector’ a bhí mar leasainm ar athair mo mháthara.
Tháinig sé ar an tsaol i mBéal Feirste ag tús na haoise seo caite agus ba de bhunadh lucht oibre na cathrach é.
Fuair sé jab leis an Great Northern Railway agus bhí sé seal fada ina thiománaí traenach leo. Bhí sé ar dhuine de na tiománaithe traenach idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus níl am ar bith a mbím ar an traein idir an dá chathair nach gcuirim paidir lena anam.
Ach an stoirm. Sea, déarfainn go mbeadh sé sásta go raibh stoirm ainmnithe as.
Chuala tusa an ghaoth mhór agus chuala mise feadaíl traenach, an traein ag tarraingt ar a ceann scríbe i mBéal Feirste agus athair mo mháthara ag cur in iúl dá chéile mná agus dá chlann go raibh sé beagnach sa bhaile...
PÓM