Uaireanta deir duine rud chomh hamaideach sin gur dhóigh leat nár airigh tú é. Ina choinne sin thall, má deir cách é b’fhéidir gur tú an breallsún.
Má chuala mé i gceart é, ar an raidió agus ar an teilifís, agus má léigh mé a leithéid chéanna ar na nuachtáin, dúirt Gobharnóir an Bhainc Cheannais go raibh seans ann go dtitfeadh praghas tí agus tithíochta i gceann dornán beag de bhlianta. Níorbh é sin adúirt sé go cruinn díreach beacht, ach go raibh “baol” ann go n-ísleofaí ar an méid airgid fola a thabharfaí ar theach feasta. Seas siar neomat, nó nóiméad féin, nó bomaite i gcásanna áirithe agus machnaigh air. Tá ‘contúirt’ ann go mbeidh tithe níos saoire sna blianta amach romhainn!
Chuaigh mé amach láithreach ar mo rothar d’fhonn suirbhé eolaíochtúil a dhéanamh lasmuigh den ollmhargadh.
‘Ar chuala tú,’ arsa mise go séimh, ‘go bhfuil baol go n-ísleofar ar phraghas an bhainne go luath? Cad é do mheas air sin?’
‘Am baiste,’ arsa an chéad duine a chas orm, ‘nach dea-scéal amach is amach é sin?’
B’fhéidir gur chuir ceist an bhainne as dóibh, dá réir sin, tharraing mé sampla eile chugam féin.
‘An bhfuil tú buartha,’ d’fhiafraigh mé de dhuine eile, ‘go bhfuil dainséar ann go mbeidh praghas an aráin ag dul i laghad sar i bhfad?’
Ba dhóbair dó spriúchadh. ‘Tá an cairtpháipéar lofa sin dona go leor mar atá. Ar éigean go dtabharfainn cianóg rua air mura mbeinn gan rogha. Dea-scéala é sin, gan bhréig!’
Bhaineadar sin le riachtanais na beatha. Mar sin, shocraíos dul níos domhaine sa scéal. Rinne mé cuaird na ngaráistí a dhíolann gluaisteáin: an duine vaigín, mister bishi, an scúdar, an walbhó, an annraoi ó fuaráin, an renó, an alfie romeo, an haighundaigh (‘discovery’), an cia mar atá tú, an phewjó, an suzy uki, an issa zú, an tsííp, an subh, an fánaí fearainn, an solar plexus, an marcodes a lúbann, an dáibhí hatsú, agus cibé eile a theangmhaigh liom sa tslí.
Níor dhlúthaigh mé isteach orthu go rabhas cinnte go raibh spéis acu an sparán a scaoileadh.
‘An scéal seo atá ag dul timpeall,’ d’fhiafraínn go maoth, ‘an scéal seo go bhfuil contúirt ann go mbeidh costas ghluaisteáin ag dul síos, do thuairim air?’ Ní gá a rá nach raibh lucht na ngaráistí róthógtha liom, óir, dá dtuigfeadh na custaiméirí go raibh praghas na mótar le hísliú ní mó ná sásta a bheadh siad.
Bhí gach aon duine, nach mór, ar aon fhocal. Dea-scéal thar meon a bhí ansin, nach mór dochreidte, mar adeirtear. An t-aon bheirt nach raibh ar aon fhocal liom, eacnamaí a raibh pus air, mar a bhíonn; agus ceantálaí tithe a raibh súlach feirge lena bhéal. ‘Is é dlí an tsaoil é go rachadh praghasanna in airde an t-am ar fad! Thitfeadh an spéir dá dtosnódh nithe ar dhul i saoire…’
Is é oighear diachrach an scéil é nach n-aontódh an slua leis an mbeirt ghamarall seo – ach, ach, ach amháin i gcúrsaí tithíochta!
Is é is mian linn go mbeadh an pionta bainne, an bhollóg aráin, an gluaisteán féin níos saoire; ach caithfidh an teach dul suas agus suas agus in airde agus tríd an díon agus thar na scamaill agus i gcéin ar an taobh eile den ghealach sula mbeidh daoine sásta. Is é sin le rá, déanaimid a chéile a mheas de réir phraghas an tí atá againn.
Ní luach an tí, ach praghas an tí ar an margadh. An bhfuil aon rud níos amaidí ná sin d’amaidí an tsaoil?
Actually, níl, mar adeir siad sa Ghaeilge is fearr.