Fadó, fadó, bhí rud in Éirinn a raibh ‘fearthainn’ nó ‘báisteach’ air. Níl a fhios ag duine ar bith cad é a tharla don uisce seo as neamh anuas.
Thóg roinnt daoine a díth ar an téamh domhanda agus roinnt daoine eile ar Dhonald Trump é.
Ba ghnách le daoine cuid mhór gearáin a dhéanamh faoin fhearthainn chéanna.
Ábhar rialta comhrá a bhí san fhearthainn seo, daoine ag tabhairt amach fúithi, daoine á rá go raibh sí le teacht, daoine á rá go raibh áthas orthu go raibh sí imithe.
Cibé rud a tharla, d’imigh an fhearthainn ar fad agus fágadh lucht an ghearáin balbh. Ní raibh ábhar comhrá ar bith acu níos mó. Casadh cairde orthu agus rinne siad iarracht labhairt faoin fhearthainn ach ní raibh a fhios ag a gcuid cairde cad b’fhearthainn ann.
Bhí a gcuid cairde uilig ag iarraidh labhairt faoin ghréin an t-am uilig go léir. Níor réitigh an ghrian le lucht na fearthainne agus ní fada gur éirigh siad fuar i gcairde na gréine.
Ní raibh an dara rogha ag lucht na fearthainne ach ortha a rá leis an fhearthainn a thabhairt ar ais go hÉirinn: ghuigh siad nárbh fhada go mbeadh sé ag cur fearthainne arís, ag cur báistí, ag stealladh báistí, ag greadadh fearthainne, ag lascadh báistí.
Ghuigh siad go mbeadh sé fliuch ó cheann ceann na tíre, ó Chorcaigh go Cúil Raithin.
Sea, tá na daoine sin inár measc agus cá bhfios nach bhfaighidh siad a mian?
PÓM