Duine ar bith a bhfuil spéis aige sa tSín seachas sa bhialann áitiúil, beidh trácht cloiste aige ar Mhadam Mao. Li Shomeing a bhí uirthi as a hóige, ach ba Lan Ping í ar a bealach chun a bheith pósta le Mao Tzedung é féin. Agus mura bhfuil aon tsuim agat sa tSín ba cheart go mbeadh, mar tá an dúspéis ag an tSín ionatsa. Nó sin adeir an bholscaireacht is déanaí cé nach bhfeicim na longa anoir ar íor na spéire fós laistiar d’Árainn.
Cheana féin tú ag fiafraí cá bhfuil seo ag dul agus cén bhaint atá ag Madame Mao le Madame Zappone? Fíorbheagán, le fírinne, ach ní foláir don cholúnaí bocht ceangail a chruthú d’fhonn ailt a chrochadh orthu.
Ach tá sé cuibheasach soiléir nach mbeadh Lan Ping, dá fheabhas í ina milliún bláth slí, ar an bPolitburo sa tSín murach go raibh sí pósta leis an gcathaoirleach, agus is ar éigean, dá fheabhas í ar na cosáin den scoth a shiúil sí, go molfaí Katherine Zappone le bheith ina toscaire Éireannach go dtí na Náisiúin Aontaithe murach gurbh iar-aire rialtais í agus san aon chlúid pholaitiúil le Fine Gael.
Ní hionann cás dóibh, gan amhras, mar gur ‘finíochas’ an focal ceart ar an mbuntáiste a rug Lan Ping, agus ní fhéadfaí aon ghaol fola ná pósta mar sin a lua le Finíochas Gael. ‘Cairdeas fabhair’ an focal oifigiúil Gaeilge ar ‘cronyism’, cé de réir fuaime go n-oirfeadh ‘cróiníneachas’ dó. Ina choinne sin, ní heol dom aon Chróiníneach i Magh Chromtha a thug fabhar do Chróiníneach eile ar bith i mBaile Mhúirne riamh.
Ní féidir mar sin gur chairdeas fabhair a bhí san iarracht ar an Zappónach a cheapadh thar ceann na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe. Ní féidir gur chairdeas fabhair a bhí ann óir dhearbhaigh an Dáil nárbh ea, agus an rud a dhearbhaíonn an Dáil tá sé dearfa go dearbh.
Ní gan chúis a bhfuil an seanfhocal Gaeilge ‘Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán’ ar bhéala daoine i gcónaí. Is ann dó mar is cúrsaí iontais é gur smaoinigh aon duine ar raic a thógáil maidir leis an iarracht seo ar dhuine a chaolú thar dhoras isteach ar chúla téarmaí, nó ar a laghad gan bhanna ceoil agus bualadh bodhrán.
Is ann dó mar sheanfhocal mar is nós de chuid na polaitíochta siar amach riamh í, is ann dó toisc go bhfuil sé fior. Ná habair gur chreid tú a mhalairt?
Ní leomhfainn bréag a chur ar an iarThaoiseach Liam Cosgrave, ach más buan neamhbhuan mo chuimhne, líon sé boird stáit go leor le lucht tacaíochta Fhiníochas Gael nuair a chaill siad a ngreim ar na maitheasaí agus ar na milseáin i dtoghchán 1977. Nuair a thosnaigh an gheonaíl agus an caointeachán, dúirt go macánta mar ba dhual dó, tríd an nguth sin a raibh gairbhéal ag géarú na bhfocal ann, ‘Sin é a dhéanann tú nuair atá an chumhacht agat! Cuireann tú do lucht tacaíochta féin isteach. Cad leis a raibh tú ag súil?’
B’é a bhí á mhaíomh aige ná gur gné de chultúr na polaitíochta é daoine ar aon mheon agus ar aon dílseacht leat a chur chun cinn.
Cad fáth eile atá ann go dtabharfadh gardaí ar an dréimire suas in iúl go hoscailte nó go slítheánta go bhfuil an claonadh seo nó siúd eile acu? Nó ábhair bhreithiúna ar an gcúrsa gailf? An é go bhfuilimid chomh saonta sin?
Cén fáth nach ndúirt an Coibhdheanach nó an Varadcarach? ‘Bailigí libh! Seo mar atá! Déanaigí sibhse an rud céanna nuair a gheobhaidh sibh an fhaill chuige!’
Dhéanfadh macalla na macántachta cleatar ar chreatlach craite na polaitíochta.