De réir na cabaireachta poiblí le déanaí shílfeá go raibh Éire aontaithe in aice láimhe. Sin é is dóigh le sciar éigin den phobal aontachtach agus eagla a gcraiceann orthu go gcaithfí leo in Éirinn gan roinn mar ar chaitheadar sin leis an bpobal a bhí fúthu.
Bhí sé de mhisneach ag RTÉ le déanaí cloigne a tharraingt amach ar urla gruaige d’fhonn na ceiste a phlé, agus cé gur daoine deasa lár an bhóthair ba mhó a roghnaigh siad, ar a laghad cloiseadh guthanna ar an aer nárbh fhéidir leis an eilifint sa tseomra gan iad a chloisint. Ní hiad muintir lár an bhóthair an fhadhb ach na móraimh ar na himill.
Má tá eagla a gcraiceann ar na páirtithe dílseachta maidir le hÉirinn Aontaithe, ní mún dreoilín san fharraige an méid sin leis an eagla atá ar Fhianna Fáil a mbíodh ‘an páirtí poblachtach’ orthu go mbeidh caint ar bith feasta ar aon rud gránna mar é.
Nuair a buaileadh isteach in aigne na bpáirtithe críchdheighilteacha, go hairithe FFFG, go raibh an stair ag gluaiseacht, nárbh ionann inné agus inniu, go raibh an talamh ag bogadh, nárbh í Éire an lae inniu agus an Éire a bhí inné ann, baineadh sceit astu mar nárbh fholáir dóibh filleadh ar a bpréamhacha lofa féin, préamhacha lofa atá ag gach páirtí de réir toisí an lae inniu. B’é ba ghá ná na préamhacha sin a stoitheadh ó bhonn.
Is é nár tuigeadh dóibh nach raibh páirtithe shliocht na bplandóiri ó thuaidh sásta aon garraíodóireacht mar sin a dhéanamh. Tá a fhios agam nach maith le daoine aon tagairt a dhéanamh do ‘plandóirí’. Níl de réir cheartas an lae inniu. Ach bímis lom-mhacánta. Nuair a lonnaítear pobal nua isteach i gceantar eachtrannach tá rogha acu fanúint ar deighilt go hiomlán ón gcultúr ina dtimpeall nó dul i bpáirt leis an bpobal a bhí ann rompu.
An pobal isteach as deisceart na hAlban agus áiteanna éagsúla de Shasana tá sé abhus le breis agus ceithre chéad bliain. Mar phobal, níor shocraigh siad riamh aon bhaint, aon chuimilt, aon teagmháil, aon chaidreamh cothrom a bheith acu leis an gcomhluadar seanbhunaithe a bhí ann rompu. Ba dhomhaine is ba leithne go mór fada an aithne a chuir an pobal dúchais orthu siúd ná a mhalairt timpeall.
An lonnaitheoir nó coilíneach tú, sin í an cheist?
An Ultais féin, cibé rud is a cheapann tú di, is mó an spéis atá ag náisiúntóirí inti ná mar atá ag na dílseoirí, deir mo bhrathadóirí liom. An loime chultúir seo ar thaobh amháin, sin í an gad ar an bhfadhb.
Tugtar dod aire go bhfuilim thar a bheith cáiréiseach maidir leis an téarmaíocht seo. ‘Pobal’ adeirim, mar is cinnte go raibh eisceachtaí ann, agus tá fós. Le bhur dtoil, ná luaitear liom iad amach as bosca sin na n-eisceachtaí. Ina choinne sin, in ainneoin na dtráchtairí deasa mánla, caitheann formhór de shliocht na bplandóirí a nguthanna ar son an DUP nó an UUP, agus formhór de shliocht na ndaoine gur baineadh an fearann díobh guth ar son Sinn Féin nó an SDLP. Sin é é. In ainneoin gach stracadh nuance agus caolchúis a thugtar isteach, tá chomh soiléir leis an maidin bhán.
Mo mhíle leithscéal ar son seo a thaispeáint, tá brón orm, mea culpa, ach is í an fhírinne í nach foláir a aithint más áil linn aon réiteach de shaghas ar bith a fháil, idir eatarthu nó níos buaine, ar chruachéim na coda sin den tír a fágadh ar an trá fholamh de dheasca na socruithe a rinneadh céad bliain ó shin.
An bhfuil réiteach air seo? Ó tá. Beidh sé agam an tseachtain seo chugainn.