Ní raibh tú riamh i do chónaí ann, cé gur chuala tú trácht air. Creideann tú, i do chroí istigh, gur saghas Nairnia de chuid C.S. Lewis atá i gcoincheapa na patrarcachta agus an fheimineachais (caitheann tú an dá rud sa bhosca bruscair le chéile). Ní dheachaigh tú féin tríd an vardrús riamh, gan trácht ar thitim ina choinne.
B'fhéidir go bhfuil tú ar na daoine sin "who live safe/in your warm houses," mar a scríobh Primo Levi sa dán If This is a Man agus é ag cur síos ar uafáis Auschwitz.
Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan 2015 imithe tharainn, shamhlófaí ó shuíomh idirlín an lae go raibh an comhionannas bainte amach ag mná timpeall na cruinne, agus nach raibh aon fhód eile le seasamh.
Shamhlófaí ó Lá Idirnáisiúnta na mBan na bliana seo gurbh ionann cearta bunúsacha ban agus dul chun cinn airgeadais agus oideachais. Chomh fada agus atá mná ag saothrú airgid, ag foilsiú leabhar agus ag obair i saotharlanna, tá gach rud go breá, cheapfá. Ceiliúradh atá ann, ach ceiliúradh is ea é atá bunaithe cuid mhaith ar idéanna a eascraíonn as an bpatrarcacht an chéad lá: an t-ábharachas, agus príomhacht phrionsabail an ghnó.
Is sa cheiliúradh a dhéantar an faillí, áfach, mar tugann an lá, agus an phoiblíocht a bhaineann leis, neamhaird ar an bhfadhb is mó do mhná in Éirinn agus timpeall an domhain: ní dhéanann suíomh idirlín Lá Idirnáisiúnta na mBan trácht ar an bhforéigean ná ar an leatrom a imrítear ar mhórán ban agus cailíní ar bhonn laethúil. Ciorrú ball giniúna ban, éigniú, foréigean teaghlaigh. “Let It Happen,” a bhéiceann mana Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Agus dála iad siúd a deir anois gur shiúil na hIarlaí go dtí an bád bán seachas teitheadh, tá an chuma ar an scéal gur athraigh duine éigin comhthéacsanna agus dioscúrsa chearta na mban thar oíche i nganfhiosaíocht.
Más ceiliúradh atá ó lucht eagair an lae, ba cheart go mbeadh cuid de sin bunaithe ar mhná ó gach cearn den domhan atá tar éis teacht slán as poill an fhoréigin agus an drochíde inar sádh iad. Go maire na mná sin go deo!
Titeann an foréigean teaghlaigh amach in Éirinn sa réimse príobháideach agus, mar a thugann tuairiscí Women’s Aid le fios, bíonn sé faoi cheilt de ghnáth. Freastalaíonn an lá ar shaol poiblí na mban, áfach, go háirithe mná a bhfuil postanna socúla acu agus oideachas orthu. Déanann sé rud beag de choir atá forleathan agus a bhaineann le gach aicme shóisialta.
Ag baile a tharlaíonn sin. Is ait an iníon an saol, ach tá Lá Idirnáisiúnta na mBan ag cur le cultúr na rúndachta a bhraitear timpeall na ceiste seo.
Fearacht na scéalta pearsanta is tromchúisí a tharlaíonn i ngach saol daonna, ní gheofar trácht ar an leatrom baile ar aon phróifíl LinkedIn, ná ní léifear líne faoi in aon CV.
B’fhéidir nach bhfuil i Lá Idirnáisiúnta na mBan ach fianaise bheag gur mór idir cineálacha éagsúla feimineachais, agus nach bhfuil gluaiseacht na mban ag déanamh go leor ar son formhór de mhná na cruinne.
B’fhéidir nach bhfuil sa lá ach leagan amháin den fheimineachas proifisiúnta nach mbacann le salachar an ghlantóra ná lena cúinsí pá, ná leis an mbean a ghlanann do theach féin. B’fhéidir gurb éasca páipéar comhdhála a scríobh, nó dán a chumadh ag comóradh an tsuaimhnis tí. An Mount Blanc sin de phlátaí nite ag an nglantóir ar deireadh!
Ach is cuma bán nó dearg, tarlaíonn an foréigean baile i ngach áit: ar an gCarraig Bhán, ar an gCarraig Dhubh, ar an gCarraig Liath. I gCarraig an Aonair.
Mar sin, níl a fhios agatsa, tusa a chodlaíonn go sámh i do leaba ar an deoch shuain ar nós Dhiarmada agus Ghráinne, cad iad na leapacha crua aduaine a gcaitheann mná eile luí orthu.
Beidh an Rós i gcónaí idirnáisiúnta, áfach, bíodh is nach ó Thrá Lí í. Cuimhním ar Rós na hEolaíochta, Rosalind Franklin; agus Rós eile, Rosa Luxembourg na Polaitíochta nuair a scríobh sí: “I am at home wherever in the world there are clouds, birds, and human tears.”
Ritheann sé liom i gcónaí gur fileata na focail sin ná dán ar bith faoi aoibhneas mheitifisiciúil na ngréithe.
Lá amháin, is bean tú, is tusa atá suite chun boird ar tí do dhinnéar a thosú. Tá tú ag súil go bhfuil sé chun taitneamh a bhaint as an mbéile atá agaibh.
Agaibh? Is ea, tá triúr agaibh ann: seo chugaibh tríonóid naofa an fhoréigin bhaile. Tá neach dofheicthe suite trasna uait. Tá a fhios agat go bhfuil sé ann, ag faire ort, ar gach a ndéanann tú. Má roghnaíonn tú an focal neamhcheart, beidh an oíche curtha ó mhaith ort.
Is tusa an chailleach anois, eisean an leon ag teacht i do threo, agus tá sé chun tú a chaitheamh i gcoinne an vardrúis.
Is anois a chreideann tú sna scéalta áiféiseacha a chuir tú sa bhruscar, agus a thuigeann tú nach coincheapa amháin iad.
Más bean í seo: ag teacht go háit éigin gar duitse.
(Ná lig dó tarlú.)