Gaelcholáiste Reachrann: ‘Níl uainn ach cothrom na Féinne’

Tá grúpa tuismitheoirí agus ionadaithe le cur i láthair a dhéanamh do pholaiteoirí i dTeach Laighean ar an Mháirt.

Gaelcholáiste Reachrann: tá beagnach 500 dalta ag fanacht ar fhoirgneamh buan.
Gaelcholáiste Reachrann: tá beagnach 500 dalta ag fanacht ar fhoirgneamh buan.

FOCLÓIR: seomraí réamhdhéanta – prefabs; mícheart - wrong; tacadóirí - supporters; i mbun agóide - protesting; ionadaithe - representatives; foirgneamh - building; fadhb teasa - heating problem; sorn - stove; na hoidheanna - the ovens.

‘Tá páistí i nGaelcholáiste Reachrann i seomraí réamhdhéanta ó aois ceithre bliana go dtí go bhfágann siad an scoil. Tá sé sin iomlán mícheart.”

Sin a dúirt Caitríona Ní Dhonnchú, tuismitheoir bheirt daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáiste Reachrann, meánscoil ina bhfuil beagnach 500 dalta atá ag fanacht le foirgneamh buan le blianta fada anuas.

Ag geataí Theach Laighean a bheidh tacadóirí na scoile i mbun agóide arís an tseachtain seo faoin bhfreastal aimléiseach oideachais a deir siad a dhéantar ar phobal Gaeilge Dhomhnach Míde agus ar an gceantar máguaird.

READ MORE

“Níl uainn ach cothrom na Féinne do na múinteoirí agus do na daltaí atá i nGaelcholáiste Reachrann,” a dúirt Ní Dhonnchú.

“Braitheann siad go bhfuil siad fágtha ar lár agus go bhfuil dearmad déanta orthu. Níl a fhios againn cén fhadhb atá ann, ach caithfidh go bhfuil rud éigin ann atá ag cur bac ar an dul chun cinn.”

Bunaíodh Gaelcholáiste Reachrann in 2001. Tugadh cead pleanála don scoil foirgneamh nua a thógáil sa bhliain 2017, ach nuair nár tosaíodh ar an obair, bhí gá leis an gcead a athnuachan in 2022 agus níl aon dul chun cinn déanta ó shin.

Agus an agóid ar siúl lasmuigh, tá grúpa tuismitheoirí agus ionadaithe ó fheachtais eile - ina measc feachtasóirí BÁC 2468 - le cur i láthair a dhéanamh do pholaiteoirí i dTeach Laighean ar an Máirt.

“Níl a fhios againn an mbaineann an fhadhb leis an scoil, leis an mBord Oideachais Áitiúil mar phátrún, leis an Roinn Oideachais nó leis an Roinn Pleanála, nó pé daoine atá ina mbun,” a dúirt Ní Dhonnchú.

“Sin an fáth a bhfuil muid ag dul isteach ar an Máirt; tá muid ag iarraidh freagra a fháil ar an gceist sin.”

“Cúig nóiméad siúil síos an bóthar, tá scoil Educate Together ann. Tá scoil agus foirgneamh ar fad nua acu sin. Nuair a théann tú cúig nóiméad suas an bealach eile ón scoil, tá trí nó ceithre scoil eile a tógadh le déanaí,” a dúirt sí.

Tá spáis foghlama, áiseanna aclaíochta, leabharlanna, hallaí scoile, saotharlanna agus áiseanna teicneolaíochta agus cultúir de dhíth ar gach scoil, ach i nGaelscoil Reachrann, níl na háiseanna sin ar fad acu.

“Níl halla acu – ba bhreá leo a bheith in ann teacht le chéile agus tionól a bheith acu mar a bhíonn i scoileanna eile,” a dúirt Ní Dhonnchú.

“Níl halla acu don spórt, níl bialann acu, nuair a bhíonn drochaimsir ann, mar a bhíonn go minic in Éirinn, bíonn orthu dul amach faoin aer chun bogadh ó sheomra go seomra. Níl sé sin ceart do mhúinteoirí ná do pháistí.”

“Tá mo mhac Donncha ar fhoireann díospóireachta na scoile, ach ní féidir leo díospóireacht a eagrú ina scoil féin mar nach bhfuil spás acu lena dhéanamh.”

Tháinig Donncha ar ais ó chomórtas a reáchtáladh i scoil eile le déanaí agus dúirt sé lena mháthair go mbeadh “an t-ádh” le Gaelcholáiste Reachrann halla a bheith acu a bhí “chomh deas le gnáth-sheomra sa scoil ina raibh an díospóireacht ar siúl ann”.

Tá fadhb teasa sna foirgnimh réamhdhéanta freisin. Bíonn cuid de na seomraí rófhuar i rith na bliana, agus bíonn cuid eile róthe.

“Níl sé ceart go mbeadh ar pháistí oideachas a fháil agus iad ag rá ‘ní thig liom seo a dhéanamh’ nó ‘nuair a bheidh mé sa seomra seo beidh mé róthe nó rófhuar,’ a dúirt Ní Dhonnchú.

Tá an-chuid daoine ag déanamh an-chuid oibre ach ní bhraithimid go bhfuil na daoine a bhfuil an chumhacht acu ag déanamh aon rud le cabhrú linn.

—  Caitríona Ní Dhonnchú

Ach mar sin féin, tá ag éirí go maith le Gaelcholáiste Reachrann.

“Tá siad ag baint amach torthaí iontacha san Ardteist gach bliain. Dá mbeadh foirgneamh ceart acu, dá mbeadh ionad feiliúnach acu, dá mbraithfí go raibh siad tábhachtach, samhlaigh cad a d’fhéadfaidís a bhaint amach,” a dúirt Ní Dhonnchú.

Dhéanfadh áiseanna agus trealamh níos fearr difear suntasach.

“Nuair a bhí na daltaí ag ullmhú do na scrúdaithe praiticiúla don eacnamaíocht baile, nuair a bhí [Donncha] ag smaoineamh ar céard a d’ullmhódh sé, dúirt sé go mbraitheadh sé sin ar pé stáisiún ag a mbeadh sé ina sheasamh,” a mhínigh Ní Dhonnchú.

“Tá cuid acu nach bhfuil an sorn ró-iontach acu, cuid eile nach bhfuil na hoighinn ró-iontach agus tá mé ag iarraidh go mbeidh an rud cócaráilte i gceart.”

“Níl mé ag caitheamh anuas ar an scoil nua thuas an bóthar, ach glacaim leis go bhfuil siad ag déanamh an scrúdaithe chéanna i gcistin níos deise ná an chistin atá agam sa bhaile,” a dúirt sí.

“Níl na scrúduithe sin cothrom.”

“Tá siad cothrom nuair a théann siad isteach sa seomra i mí an Mheithimh agus nuair a bhíonn an scrúdpháipéar acu, tá sé sin mar an gcéanna, tá an mhúinteoireacht mar an gcéanna agus ar ardchaighdeán ach is rudaí beaga eile atá ann”.

Ach nuair a chuireann tú i gcomhthéacs oideachas na bpáistí iad, “níl siad beag”.

Tá go leor oibre ar siúl ag grúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus daoine aonair ag cur le forbairt na Gaeilge sa cheantar ach deir Ní Dhonnchú nach bhfuil na húdaráis ag léiriú mórán suime.

“Tá Conradh na Gaeilge le duine a fhostú sa cheantar go luath ar scéim phíolótach,” a dúirt sí.

“Tá siad ag iarraidh breathnú ar a bhfuil ag tarlú sa Bhreatain Bheag, sa Nua Shéalainn agus i dTír na mBascach agus ag iarraidh rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar seo.”

“Tá an-chuid daoine ag déanamh an-chuid oibre ach ní bhraithimid go bhfuil na daoine a bhfuil an chumhacht acu ag déanamh aon rud le cabhrú linn.”

“Is maith le páistí rialacha, ní chuireann na scrúduithe isteach orthu - níl uathu ach go mbeidh rudaí cothrom.

Níl uathu ach “go mbeadh cothrom na Féinne á fháil acu.”

“Ach tá a fhios acu nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu,” a dúirt Ní Dhonnchú.

“Tá sé deacair an Ghaeilge a chur chun cinn má cheapann siad go bhfuil gach duine eile ag déanamh dearmad orthu.”

Cúrsa iriseoireachta

Tá 20 spás ar fáil ar chúrsa nua oiliúna san iriseoireacht a reáchtálfar an mhí seo chugainn i gConamara.

Is í Grett O‘Connor, iar-iriseoir teilifíse le Nuacht TG4, atá ina stiúrthóir ar an gcúrsa agus tabharfar oiliúint ar na bealaí le tuairisc nuachta a ullmhú don teilifís agus do na meáin ar líne.

“Tá muid ag díriú ar dhaoine atá fiosrach, spleodrach, a bhfuil spéis acu sna meáin, a bhfuil spéis acu go speisialta sna meáin Ghaeilge, agus a bhfuil fonn orthu tabhairt faoina leithéid de chúrsa,” a dúirt O‘Connor le Tuarascáil.

“Tá TG4 fíor-uaillmhianach ó thaobh thodhchaí na meán trí mheán na Gaeilge agus teastaíonn uathu cur leis an méid taithí agus leis an méid scileanna atá ag daoine óga,” a dúirt sí.

Dúirt O‘Connor, a chaith 20 bliain ag obair le TG4, go bhfuil súil aici go léireofar do na rannpháirtithe “go bhfuil deiseanna amuigh ansin dóibh ós rud é gur Gaeilgeoirí iad.”

Reáchtálfar an cúrsa idir an 23 Meitheamh - 4 Iúil.

Chun cur isteach ar an gcúrsa is gá físeán gairid a thaifeadadh díot féin ag míniú na cúise ar mhaith leat freastal ar an gcúrsa.

  • Seol an físeán chuig noirin.ui.chonghaile@tg4.ie roimh 4pm an 29 Bealtaine 2025.
Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.