Buachaillín fir

Níor theastaigh uaidh dochar a dhéanamh do dhuine ar bith

Níor theastaigh uaidh dochar a dhéanamh do dhuine ar bith. Deireadh a mháthair go ndearna sé iarracht ar na sciatháin a chur ar ais ar chuileog leointe lá. Ní raibh fostaíocht ar bith ar an mbaile inar rugadh é agus b'éigean dóibh bogadh ó áit go háit. Rinne a athair a dhícheall dóibh, ach ní raibh aon mheas ar fhear gan cheird.

Mharaigh an sclábhaíocht é in aois a cheithre bliana tríochad dó, cé go ndúirt daoine eile gurbh é an t-ocras ba thrúig bháis dó mar athair. B'éigean dá mháthair éadaí a ní ar son pinginí beaga, nuair a d'fhaigheadh sí an seans chuige. Oícheanta eile thagadh sí abhaile go déanach ó bheith amuigh agus théadh gol diachrach na bpáistí go feirc ina croí. Ní raibh uisce féin aici d'fhonn í féin a ní, ní áirím na leanaí.

D'fhág sé féin an scoil nuair nach raibh na deich mbliana féin slánaithe aige. Má bhí léamh is scríobh aige, is ar éigean é, cé go bhfuil cúpla litir againn óna láimh. Rinne sé obair thall is abhus, uaireanta le scológa a thugadh bheith istigh éigin dó agus codladh sa scioból. Bhí sé i gcónaí buíoch den teas a choinníodh na hainmhithe leis i gcorp fuar an gheimhridh istigh. Rinne sé obair, leis, sna bailte i lár tíre. Bailte doicheallacha, gránna, gruama a shíl sé, bailte gan fháilte. Níorbh aon saol é a bheith ag éirí ar a cúig a chlog ar maidin ag iompar málaí guail do mhuca méithe an cheantair. Praiseach chaol uiscealach mar bhia, agus ruainne aráin nuair a d'oir. Ba mhinic an bhuinneach leis ceal ábhar ar bith a choinneodh a bholg le chéile.

B'é ba mheasa nach bhféadfadh sé cianóg shuarach féin a chur abhaile. Nuair a tháinig an eitinn ar a dheirfiúr ní raibh sé in ann dul abhaile chun cuairt a thabhairt uirthi ar leaba a báis. Chaill a dheartháir leathchos leis i dtimpiste monarchan, agus b'éigean dó dul ar an déirc. A aghaidh bheag sholasmhar ar chúinne sráide agus na deora goirt ag déanamh méirscrí ar a leicne. Bhí a fhios aige go bhfaigheadh a mháthair bás den ocras agus den bhriseadh croí mura ndéanfadh sé rud éigin mar gheall air.

READ MORE

B'shin é an fáth gur chuaigh sé san arm. Dúradh leis go bhfaigheadh sé bia ceart rialta, éadaí tirime, codladh sámh, oiliúint éigin agus pinsean ar deireadh. Chomh maith leis sin bheadh cairde aige, agus bheadh meas air, agus laethanta saoire ar ball. Is é a bhí chomh sásta leis an rí ina phálás agus é ag máirseáil ar bhóthar.

Níor chuir an cogadh aon scáth air i dtosach. Eachtra ba ea é, eachtra ba ghile go mór ná a bheith id ghiolla sclábhaí agus gan a bheith in ann fóirithint ar do mhuintir. An láib agus an phuiteach bhí taithí éigin aige orthu sin. Na luchóga móra féin, bhí tamallacha caite cheana aige in aontíos leo. Agus cén difear idir sáirsint a bheith ag blaidhrach ort ar maidin seachas do thiarna saolta monarchan?

Agus bhí am cainte agus cabaireachta aige. Go leor de nach raibh bun ná barr leis, caint ar mhná nach raibh aon chleachtadh aige orthu, caint ar pheil nach raibh aon chaoi aige ar í a imirt. Cara leis a chuireadh ag machnamh é, áfach, mar gheall ar a raibh ar siúl acu. "Níl a fhios agam cén fáth a bhfuil an cogadh mallaithe seo ar siúl againn," adeireadh sé. "Is beag nach mar a chéile sinn mar chine, agus daoine is ea sinn ar fad ar aon tslí. Murach gur fhógair siad cogadh orainn, ní dócha go mbeimis anseo."

Ní raibh uain aige na smaointe sin a shuathadh nuair a thugadh na saighdiúirí thall ruathar faoi thar dhroim an fhearainn scriosta. I ndéanaí na hoíche ar a leaba fhliuch a thosaíodh an machnamh fada nuair nach mbíodh sé ag cuimhneamh ar a mháthair, agus ar a dheartháir ar leathchois, is ar cholainn sheirgthe a dheirfíre sínte san uaigh. Uaireanta eile chuimhníodh sé ar chineáltais bheaga a theagmhaigh leis, miongháire fann ar imeall béil, crústa aráin nuair a bhí sé ina ghá.

Níl a fhios againn, ar ndóigh, cad iad na smaointe a chuaigh trína cheann nuair a sádh an bheaignit trína chroí beag óg ar an lá seo nócha bliain ó shin in aice le dúnphort Schwaben. Ná ní fios cé a mharaigh é. Gach seans gur duine de na daoine sin ar stampa na hÉireann a rinne an bheart. Ceist eile ar fad cad ina thaobh a bhfuil dúnmharú Moritz Weill (1899-1916) á chomóradh againn, buachaillín beag fir nár dhein dochar do dhuine ar bith ariamh, agus nach gcuimhneodh ar dhochar a dhéanamh d'Éirinn dá mbeadh a fhios féin aige go rabhamar ann?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar