BEOCHEIST:CUIMHNEOFAR ar 2009 mar thréimhse inar thit institiúidí a thug cinnteacht éigin do shaolta a lán daoine as a chéile.
Is seanchaite an cliché é, ach ní bheidh cúrsaí mar a bhíodh siad arís go deo. Athraíodh an saol ó bhun. Fágadh an sean-nath “chomh sábháilte le banc” díomhaoin gan bhrí. Agus i ngné thábhachtach eile den saol Éireannach, leagadh cinnteacht agus creideamh a sheas in aghaidh gaoithe móra na gcéadta nó i bhfocail an tseaniomainn: “in spite of dungeon, fire and sword”.
Ó thaobh na heacnamaíochta de, bhí boladh na bprátaí dubha uirthi mar bhliain ón tús. Fós féin ní dócha go dtuigeann a lán daoine chomh gar agus a tháinig muid do thubaiste ollmhór domhanda a chuirfeadh tús le haois nua dhorcha.
Muna raibh daoine á gcaitheamh féin ó fhoirgnimh arda, mar a tharla le linn briseadh na mbanc i 1929, ní lú an scrios a d’imigh mar thonn turrainge ó chósta Mheiriceá go dtí gach coirnéal den domhan.
Nuair a tháinig an tonn chéanna i dtír in Éirinn, bhíomar fós den tuairim gur diabhaltaí na gaiscígh gnó muidne. Bhí ár ngliceas agus ár gclisteacht mar náisiún á cheiliúradh againn fós.
Rómhall a fuair muid amach gur mhórchúis agus éirí in airde gan aon bhunús a bhí ann. Ródhéanach freisin a thuigeamar go rabhamar aimhréidh don tsunami airgeadais a tháinig.
Ní haon rud nua í cosmhuintir a fhaigheann blaiseadh den rachmas agus a thosaíonn ar a gcuid bolscaireachta féin a chreidiúint. D’éirigh pobal na hÉireann ólta ar an íomhá amaideach a bhí acu díobh féin mar shaoithíní nua na hEorpa. Thosaigh na meáin chumarsáide ar an deoch chumhachtach chéanna a ól agus chaill mórán acu a ngéarchúiseacht ghnáthach. Ar ndóigh, chuir an fhéinmhuinín nua seo leis an bhfógraíocht a choinníonn ar siúl iad. Moladh dúinn go rialta chateau sa bhFrainc a cheannach. Cén fáth nach gceannófá? Nach chuige seo a rugadh muid.
Bhí ciorcal deas “méféineachais” bunaithe ina raibh an pobal, a chonaic praghasanna a gcuid tithe ag ardú, lucht gnó a ghearradh praghasanna arda ar earraí, na meáin chumarsáide a bhí ag brath ar lucht gnó agus, ar ndóigh, na polaiteoirí a bhí i gcumhacht. Bhí buntáiste le baint ag gach dream acu sin as an gcur i gcéill go bhféadfadh an bhrionglóid mheisciúil seo leanúint ar aghaidh. Fabhalscéal Lafontaine faoin gciaróg agus an dreoilín teaspaigh ina steillebheatha.
Cá hionadh go mbeadh drogall ar dhaoine slán a fhágáil leis an Rialtas a cheap siad a bheith freagrach as an mborradh eacnamaíoch seo. Bhí Bertie mar a bheadh cos coinín acu ina bpócaí acu. Vótáil siad ina sluaite ar son Fhianna Fáil chun go mairfeadh an chóisir agus mothú na maitheasa.
Ar ndóigh, tá a fhios againn anois go rabhthas ag tacú le mífhreagracht agus le míchúram. Na daoine dea-íoctha, a bhí in ainm a bheith ag faire ar ár son, níor bhog siad nuair a tiomáineadh cóiste agus ceithre chapall trí gach dea-chleachtas eacnamaíoch a ceapadh chun tubaistí mar seo a sheachaint. Níor iarradh míniú orthu fós.
Munar leor an suaitheadh sin, bhí níos measa le teacht. Cé go raibh foláireamh tugtha ag an Ardeaspag Martin go raibh ábhar scanrúil sa tuarascáil a bhí á hullmhú ar dhrochídiú gnéasúil leanaí i mBaile Átha Cliath, ní raibh éinne ag súil leis an uafás a foilsíodh sa deireadh.
Éigniú leanaí ag sagairt ar scála beagnach tionsclaíoch a léiríodh sa tuarascáil. Ach ar a bharr sin, ba léir gur shocraigh easpaig áirithe ar shagairt a bhí ina gcoirpigh a cheilt agus a aistriú as an mbealach go dtí paróistí ina leanadh siad lena gcoireanna.
D’imigh cuid mhór de na heaspaig ar cuireadh faillí ina leith as radharc. Fágadh Diarmuid Martin i lár na páirce, beagnach ina aonar.
Rud a chuir samhnas ar go leor gur thóg sé díospóireacht dhoiléir faoi shuth reoite, sea “embryo”, leis na fíréin a tharraingt amach as a bpoill arís. Ba thábhachtach leo cosaint a dhéanamh ar an “neamhbhreith” ná míniú a thabhairt.
Léiriú eile, má bhí gá leis, go raibh cuid de na fíréin seo níos buartha faoi “leanaí neamhbhreithe” ná mar a bhí siad faoi leanaí beo beathacha a cuireadh faoi chúram na hEaglaise Caitlicí.
Mhúin 2009 dúinn go raibh teipthe ar an bPoblacht seo a muintir a chosaint. Caithfear feasta “res publica” a scarúint ó lucht airgid agus ó lucht eaglaise. Nach í sin an fhís a leag ár laochra síos dúinn? Nach í sin an chiall atá le “Poblacht”?