Is mó sin comhartha go bhfuil deireadh an domhain ag teacht. Deir daoine leat é ar chláir na gceapairí agus tú ag siúl na slí. Tá luaite ag gach reiligiún nach mór i bhfoirm amháin nó eile.
Tá uabhar thar meon ar dhaoine anois, ní éisteann páistí a thuilleadh lena gcuid tuismitheoirí, tá éisc ag fáil bháis sna farraigí go tiubh, tá Saddam agus Begorrah ag leathnú, agus ní fada uainn Gog agus Magog ag teacht de dhroim na gcnoc.
Tá sa Bhíobla, gan amhras. Níl uait ach é a thógaint amach as do mhála scoile agus féachaint ar, abraimis, Marcas é féin: “Óir, éireoidh cine in aghaidh cine agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh luascacha talún go tiubh ann, agus gorta.”
Is cuma liom mórán ina dtaobh sin, óir tá chomh ginearálta sin nach fiú tráithnín iad. Is mó is cás liom na tairngreachtaí is gaire don bhaile.
Nostradamus féin a labhrann mar gheall ar stoirm ag teacht aniar aduaidh agus báisteach uaithnebhuí ag titim ar an mbán go dearg, tá beagán níos scanrúla, óir tá gach dealramh gur tharla sin cheana.
Tá Colm Cille níos cinnte fós: “Tiocfaidh an lá go ndéanfar maide den lamhnán agus go mbuailfear buillí go trom gan fhreagra.”
Níos measa fós, tháining líonrith sa bhreis orm nuair a ghabh mé siar ar na tairngreachtaí a scaoil Coinneach Odhar na hAlban amach cúpla céad bliain ó shin, mar cé déarfadh nár bhuail sé an sprioc?
“Sna blianta sin nuair a bheidh an teach bán buí imreoidh an ríocht an cluiche ar an bpoblacht phortaigh, agus is gairid ina dhiaidh sin a thiocfaidh Pilib lena chleite.”
Nuair a nocht an méid sin chugam, tuigeadh dom nach foláir nó bhí sé agus iad siúd eile ag caint ar an gcor stairiúil gan choinne a tharla an tseachtain cheana ar geall é leis na huaigheanna a bheith á n-oscailt agus na mairbh ag siúl inár measc.
Bhuaigh foireann sinsir iomána Chiarraí ar fhoirinn iomána sinsir Chorcaí don chéad uair le 127 mbliana!
Fág nach raibh ach tuairim is 400 duine i láthair, tá sin ag méadú in aghaidh an lae ionas gur gairid go líonfaidh siad Páirc an Chrócaigh.
Tá seanchaithe ag seanchaíocht agus scéalaithe ag scéalaíocht agus fiannadóirí ag fiannaíocht mar gheall air, agus tá lucht an bhéaloidis ag triall aduaidh d’fhonn iad a chur ar an taifead do na glúnta atá romhainn.
Iomáint Chiarraí
Is ea, abartar arís é. Bhuail iomána Chiarraí iománaithe Chorcaí i gcluiche comórtais. Agus níor bhua de scrimh na hiongan ach an oiread é, an cúl sleamhain ábharach sin sa nóiméad deiridh a thagann aniar aduaidh ar fhoirinn níos fearr.
Bualadh ceart deich gcúilín a bhí ann nár fhág fuíoll amhrais ar aon duine.
Is fíor duit. Tá an t-ord nádúrtha curtha bunoscionn agus tóin thar ceann agus is gairid uainn na lochanna ag fiuchadh, an fhearthainn chrua ag titim, agus an Pol Thuaidh ag gluaiseacht ó dheas.
Ach fóill orainn ansin. Tá taobh an ghrinn leis chomh maith céanna.
Ar éigean an fheadóg séite agus an scéal ag leathadh ar fud na ndúichí, ná b’eo chugainn gach re Jur agus Gerry go líofa ar na snátha plé ar fud an idirlín ag tuar go mbuafadh Ciarraí an ‘double’.
Féach sin, airiú! An é nach eol dóibh nach bhfuil ach contae nó péire a bhfuil éileamh acu ar an ndouble céanna?
Agus pé rud faoi dheireadh an domhain, níl Ciarraí ar cheann díobh.