Bhí sé le rá ag Seosamh Mac Grianna, scríbhneoir, gurbh uaigneach bealach an fhile. Thiocfadh leat an rud céanna a rá faoi bhealach an ealaíontóra. Oiread chéanna leis an scríbhneoir, bíonn an t-ealaíontóir ag saothrú faoi rún.
Cuireann an scríbhneoir lón anama roimh an phobal i bhfoirm leabhair ach is é an taispeántas poiblí an dóigh is éifeachtaí ag ealaíontóirí lena saothar a chur roimh an phobal.
Ní fada uainn taispeántas nua ealaíne i mBaile Átha Cliath – agus taispeántas a bhaineann leis an Ghaeltacht. “Ag Faobhar an Lae” is ainm do chnuasach úr pictiúr Áine Ní Chíobháin, ealaíontóir óg de bhunadh Chorcaí agus Chorca Dhuibhne. Is le Gaeilge a tógadh sa chathair í agus is as an Ghráig, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí, dá muintir.
Is ar an Daingean atá cónaí uirthi le fada agus í i mbun canbháis. Deir sí go bhfuil “an t-ádh orm bheith ag maireachtaint” ann. Is é an taobh sin tíre a spreagann a súile eile le saothar a mhealladh as an tírdhreach áitiúil.
Is iomaí sin gradam a ghnóthaigh sí thar na blianta as a cumas agus bhí saothar dá cuid ar taispeáint i gCiarraí féin, in Áras Éanna, Inis Oírr, i nGaeltacht na hAlban agus san Astráil.
Ní hiontas ar bith é gur “Ag Faobhar an Lae” a thug sí ar an taispeántas seo nó sin an t-am den lá a mbíonn sí i mbun oibre; an t-am sin den lá a spreagann na dathanna a roghnaíonn sí: “Úsáidim an-chuid gormacha agus dorchaideas mar bím ag péinteáil ag faobhar an lae nuair a bhíonn na scáthanna fada.
“Mar sin de, bíonn solas agus gealas le feiscint ag an am sin chomh maith. Bíonn codarsnacht a thaitníonn liom agus thá sé ciúin tar éis an lae chun a bheith ag obair.”
Mar sin féin, conas mar a choinníonn sí a misneach le slí bheatha a bhaint amach? “Thá sé uaigneach i mo stiúideo agus sin é an chúis go labhraim an-mhinic le Tomáisín, Honora agus ealaíontóirí eile. Téim ar thréimhsí cónaithe. Eagraím gigeanna agus taispeántaisí agus téim amach ag bualadh le muintir na háite ar na báid, sa nádúr, nó sa siopa. Tugann siad inspioráid dom lena scéalta.”
Is maith mar a luann sí a hathair, Tomás, agus a comhealaíontóir, Honora O’Neill. Tá clú orthu beirt as a saothar. Tá siad uilig “an-mhór” le chéile, a deir sí, ag cuidiú lena chéile agus ag amharc ar shaothar a chéile. Is ar an ábhar sin a shocraigh sí go mbeadh saothar dá gcuidse le feiceáil lena saothar féin. Más ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, is ar easel a chéile a mhaireann na healaíontóirí!
Deir Ní Chíobháin go bhfuil sé “tábhachtach tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí atá beo agus gur mná iad chomh maith. Thá na mná an-láidir ag péinteáil i gCorca Dhuibhne. Táim le Gormleys Fine Art le bliain go leith anois agus rud mór ab ea é sin a aimsiú. Táim an-sásta. Mo thaispeántas a bheidh ann ach theastaigh uaim go mbeadh mo chara Honora agus m’athair ag taispeáint liom.”
An mbíonn sé doiligh ag ealaíontóir ‘glór’ a aimsiú thiar agus daoine ag caint ar Paul Henry agus a leithéidí? Déanann sí gáire croíúil: “Há! Níl éinne ag caint ar a leithéid son anso timpeall ach amháin na praghasanna a fhaigheann Henry!
“Thá mo stíl fhéinigh agamsa agus tagann sé amach pé slí a thagann sé amach asam le meáin meascaithe, uigeacht, dathanna láidre, an-chuid ábhair ón dtalamh fhéinigh agus oibrím an-dhian ar na canbhásaí. Nílim cosúil le éinne acu son pé scéal é”.
Deir sí go dtugann an ealaín uirthi teagmháil a dhéanamh leis an timpeallacht, le dáimh áite a chruthú. Fiosracht ina croí istigh agus gliondar sna nithe iontacha a tharlaíonn thart uirthi a thugann uirthi dul i mbun ealaíne.
Lena chois sin, cruthaíonn an teanga nasc leis an cheantar di agus tugann an pobal cruthaitheach sa dúiche – scríbhneoirí agus ceoltóirí – spreagadh agus tacaíocht dá chéile.
Tá sí sásta, mar sin? “Thá an saol go maith,” a deir sí.
Beidh “Ag Faobhar an Lae” le feiceáil in Gormleys Fine Art, Sráid Frederick Theas, Baile Átha Cliath 2, idir an Déardaoin 6ú Meán Fómhair go dtí an Chéadaoin 19ú Meán Fómhair. Eolas: www.gormleys.ie