Anois, bhuel, leabhar faoin Vatacáin, Rúnscéalta na Vatacáine (Coiscéim, €8), scríofa faoi ainm pinn, Brian Ó Dochartaigh, “eaglaiseach a bhfuil cur amach aige ar an Róimh le blianta fada”.
Is doiligh don léitheoir gan a anáil a tharraingt agus ceist a chur air féin an ag plé le Dan Brown atá sé?
Buíochas do Dhia, ní hamhlaidh. Scéal ar stair agus ar imeachtaí na Vatacáine atá sa leabhar agus é scríofa go siosmaideach spéisiúil.
Déanann an gníomhaire naofa rúnda cur síos i ngach caibidil ghairid ar ré amháin de scéal na Vatacáine, cad é mar a tháinig an cathairstát seo ar an tsaol, mar shampla, agus ar eachtraí eile as stair na hEaglaise Caitlicí a bheas ar eolas ag mórán daoine.
Bíodh is nach Dan Brown ar bith é, d’fhéadfadh an leabhar a léamh ar nós scéinséara go minic. Cá hiontas sin? Nó is ag plé le “rúnscéalta” atá sé agus tuigeann muidinne níos fearr ná mórán cad é an praghas a bíos le híoc ag an duine a sceitheann rún.
Níl eagla ar an údar an Phápacht a chosaint má chreideann sé gur gá agus tugann sé cothrom na Féinne do Phápaí a bhí ag plé le cúrsaí casta polaitíochta. Tá ábhar aige anseo faoi Phius XII agus anchás na nGiúdach le linn an dara cogadh domhanda agus cúpla caibidil ar Eoin-Pól II fosta. Cuireann sé go síos ar iompar agus ar chóras na hEaglaise, maith agus olc, agus is beag duine nach gcuirfidh spéis ina thuairimí de chúrsaí inmheánacha na hEaglaise sa Róimh.
PÓM