Ní thiocfadh leat an t-ionad a lochtú. I Seomra Shaw, sa Dánlann Náisiúnta, a bhí an ócáid mhór ar siúl an tseachtain seo caite agus bhí cuireadh ar lucht na Gaeilge chun cóisire. Bhí císte agus ciste ar fáil agus an Rialtas ag fógairt go mbeadh airgead le caitheamh ar an Ghaeltacht agus ar an Ghaeilge.
Bhí “Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht” le feiceáil i gcló Rómhánach ar an scáileán ag bun an tseomra agus “Investing in Our Culture, Language and Heritage” ina dhiaidh sin faoi chló Iodálach. An Ghaeilge chun tosaigh agus an Béarla ina diaidh. (Take that, a Bhéarla bhuí!)
Tháinig an Taoiseach Leo Varadkar, an tAire Airgeadais Pascal Donohoe, Aire na Gaeltachta agus na hOidhreachta, Josepha Madigan agus an tAire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, Joe McHugh. Bhí an fhoireann sinsearach i láthair don chluiche agus chaith siad sliotar óir €178 milliún isteach i bpáirc na himearta.
Gheall siad go ndéanfaí áiseanna pobail a thógáil agus áiseanna mara a fhorbairt; bheadh airgead le caitheamh ar choláistí samhraidh, ar chruthú fostaíochta, ar phleananna teanga, ar sheirbhísí tacaíochta teanga agus cúraim leanaí do theaghlaigh Ghaeltachta, ar infrastruchtúr, ar ionad nua cultúir i mBaile Átha Cliath.
(“A landmark flagship Irish-language and cultural hub” a bhí air seo i mBéarla agus “Mol suaitheanta Gaeilge agus cultúir” i nGaeilge. Moltar an mol!)
Bhí cúpla líne Ghaeilge ag na hairí uilig – i bhfad uainn an cúpla focal! – agus iad ag cur a gcuid pleananna uaillmhianacha i láthair.
Bhí “aimsir na gciorruithe thart” a dúirt an tAire Stáit McHugh. Chuirfeadh an t-airgead “ar ár gcumas fíordhifear a dheanamh do phobail Ghaeilge...”; bheadh tús áite ann d’infheistíochtaí a chothódh pobal na teanga; chruthófaí deiseanna do dhaoine ar fud na hÉireann leis an teanga a úsáid.
Ócáid thar a bheith snasta a bhí ann, ócáid shollúnta in áras álainn, aisling beagnach, ócáid a mheallfadh lena glórtha thú. Ach tú a bheith le mealladh...
D’imigh an Taoiseach agus na hairí i ndiaidh a gcuid cainte a dhéanamh. Chuir sin tús le himeacht na n-uaisle as an lucht féachana. Ach ní raibh deireadh leis an lá; bhí trí phainéal cainte le bheith ann.
Thosaigh an chéad phainéal ar chúrsaí cultúir agus thug cainteoirí léargas mar a chaithfeadh siad a sciar den chiste.
Tháinig an painéal chun críche agus lean imeacht na n-uaisle. Cuireadh tús leis an dara painéal ar oidhreacht chultúrtha agus thug cainteoirí cumasacha eile léargas ar a gcuid mianta agus pleananna.
Tháinig an painéal sin chun críche agus lean imeacht na n-uaisle.
Thosaigh an tríú painéal, ceann na Gaeltachta agus na Gaeilge, an ceann deiridh, agus is ar éigean go raibh duine ar bith fágtha sa tseomra mhór ghalánta.
Má bhí 300 duine ann ag tús an lae agus an Taoiseach i láthair, bhí isteach agus amach ar 30 duine agus lucht na Gaeilge ag caint.
Ní thiocfadh leat ionadaithe na teanga a lochtú as ar dhúirt siad. Bhí na focail chuí acu: seirbhísí, pleananna teanga, géarchéim, cothú an phobail agus na Gaeilge, deiseanna, postanna, forbairt, acmhainní, straitéis.
Bhí an foclóir traidisiúnta acu, thuig siad a gcás agus labhair siad go maith faoi na dúshláin a bhí rompu. Ach is ag caint leis na fíréain agus leis na portráidí a bhí siad faoin am sin. Bhí an seorma mór galánta beagnach folamh.
Sin agat scéal na Gaeilge mar sin – i láthair agus as láthair, i lár an aonaigh agus ar imeall na haille.
Eolas an Eachréidh
Tá Coiste Pleanála Teanga an Eachréidh, Co na Gaillimhe, le hoíche eolais a reáchtáil san oíche anocht. Is ag 7.30 p.m. i seanfhoirgneamh Choláiste Bhaile Chláir na Gaillimhe a bheidh an ócáid agus an coiste ag iarraidh plean teanga don dúiche a ullmhú.
Dúirt cathaoirleach an choiste, Eithne Uí Cheallacháin, gurbh é mian an choiste go dtiocfadh an pobal le chéile agus cás na Gaeilge a láidriú i Limistéar Pleanála Teanga an Eachréidh – Eanach Dhúin, Baile an Chláir, An Chearn Mhór.
Thug sí le fios gur faoi gach aon phobal Gaeltachta a bhí sé plean teanga a réiteach agus a chur i bhfeidhm le stádas Gaeltachta a choinneáil: “Is faoin bpobal atá sé cinneadh a dhéanamh i leith ár stádais Ghaeltachta. Tá Coiste Pleanála Teanga bunaithe chun tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga.
“Tá fáilte roimh bhaill nua ar an gcoiste i gcónaí. Beidh ionchur ó na trí pharóiste fíor-thábhachtach.”
Tá an coiste ag iarraidh straitéis a ullmhú a thacóidh le húsáid na teanga sa cheantar, a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh acmhainn mar is cuí ar fáil agus a thabharfaidh deis do dhaoine cás na teanga san am atá le teacht a phlé.
Chuige sin, ba mhaith leo tuairimí an phobail a fháil trí cheistneoir a fhreagairt agus páirt a ghlacadh i gceardlanna oibre agus cruinnithe. Eolas: anteachreidhpt@gmail.com