Trapattoni, tubaistí teanga agus teip

Is é an trua nár lean Trapattoni stíl na hIodáile níos dlúithe

Is mairg don té a bheadh i dtaobh le foireann sacar na Poblachta chun ardú meanman éigin a thabhairt dó. Is ea, leis, is féidir breith ar shifíní fánacha óir ón aimsir chaite, cúl ámharach in aghaidh Shasana nuair a bhí Joxer in Stuttgart, cic éirce a stop Packie mar gur ghluais sé ar an taobh ceart, trí chúl Don Givens in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh fadó riamh.

Fásach agus díomá is ea an chuid eile siar ar ais. Pas cam ó John Giles in aghaidh na Fraince a chuir slán lenár seansanna cáiliú do Chorn an Domhain, lámh cham ó Thierry Henry a chuir slán lenár seansanna cáiliú do Chorn an Domhain, sé chúl as a chéile ón nGearmáin a chuir slán lenár seansanna... Tá’s agaibh féin gan cur an iomad leis an bpian.

Cé mhéid fianaise is gá a sholáthar ionas go dtuigfeadh daoine nach dtarlaíonn míorúiltí?

Fáiltíodh roimh Trappatoni ar chúiseanna a raibh fianaise leo. Ní raibh ann ach gur bhuaigh sé 10 gcinn de chraobhacha léige i ngach ceann de cheithre thír éagsúla agus bhain gach príomhchomórtas club Eorpach dá raibh le baint. Shíl daoine dá gcraithfeadh sé beagán den uisce beannaithe sin ar na buachaillí glasa go ndéanfaí an Airgintín nó an Bhrasaíl nó an Spáinn díobh.

READ MORE

Is fíor go raibh deacrachtaí aige leis an mBéarla, ach bhí deacrachtaí aige leis an Spáinnis, an Phortaingéilis agus an Ghearmáinis chomh maith. Dúradh gur labhair sé scata teangacha, ach nár tuigeadh é i gceann ar bith díobh. Seans maith nach míbhuntáiste ar bith é gan teanga an bhainisteora a thuiscint.

Tar éis an tsaoil, bhí Alex Ferguson chomh héiritheach sin le Manchester United agus ní raibh tuairim dá laghad ag aon duine cad a bhí á rá aige lasmuigh de Ghlaschú agus de Bhruach Sheáin.

Ceann de chlis an spóirt riamh ba ea fuirse fairse a dhéanamh de pé rud a bhí agat á rá. Tá eisceachtaí ann, gan amhras: Filíocht liriciúil ó Mhícheál Ó Muircheartaigh, agus filíocht eipiciúil ó SBB, mar shamplaí díobh.

Chuala mé féin Johnny Giles ag rá faoi fhoireann na hÉireann: “Sin agat foireann na hÉireann an uair is fearr iad, nuair nach mbíonn an liathróid acu.”

Thiocfadh an ceart ar fad a bheith aige, ach ar chúis éigin, ceapaim gur túisce a labhair an béal ná an cloigeann.

Cé a dúirt ar RnaG mar gheall ar mhucarlach mór aniar as áit éigin i gCiarraí? – “Is úntach an fear caide é, tá cosa bradáin aige!” Cé go bhfuil sé ráite lúthchleasaí ar bith a ghlacann drugaí go bhfuil sé as a mheabhair, is minic fíor faoi na tráchtairí, leis. “Táimid anseo in Iarúsailéim, Mecca gach leantóra spóirt,” nó “Tá an taoide linn anois ar muin na muice,” nó “Caithfidh duine éigin breith ar adharca na liathróide,” .

Ní raibh lá loicht ar Trapattoni go dtagadh fuaimeanna as a bhéal a raibh oiread ceangail acu le ciall is atá ag geallúint pholaitiúil lena cur i bhfeidhm.

Ná ní raibh lá loicht air nach raibh peileadóirí slíoctha síodúla sleamhaine againn mar atá ag cúpla náisiún eile.

Is é an trua nár lean sé stíl na hIodáile níos dlúithe. Ar an gcuid is fearr de bíonn peil na hIodáile tufáilte, siniciúil, uileannchairdiúil, loirgnechontúirteach, ach sciliúil chomh maith. Seans maith go bhféadfá an chuid is mó díobh sin a theagasc ach dóthain ama a chaitheamh ag cluichí sóisir i gCill Mhantáin nó in íochtar Liatroma. Ach d’fhonn an scil a bheith ar fáil go saoráideach b’fhearr go dtógfaí an t-ógánach i sluma brocach éigin agus gan faic le déanamh aige seachas liathróid bhuile éigin, cloigeann cait nó an rud a d’fhág an madra ina dhiaidh, a bheith aige le ciceáil ar feadh an lae agus sciar mór maith den oíche.

Is beag peileadóir ardchumais a tógadh le spúnóig airgid á cogan aige ina chuid fiacla. Chun na beanna arda a shroisint ní foláir tosnú sna loganna ísle.

D’fhonn Corn an Domhain a bhuachan tá dhá thréith uait, mar atá (a) a bheith bocht, agus (b) a bheith Caitliceach.

Is é oighear diachrach an scéil é ná nach bhfuilimid bocht ár ndóthain ná Caitliceach go leor chun aon ghaisce a dhéanamh.

Níl raidhse slumanna againn a sholáthróidh daoine a bhfuil airc bhuile orthu chun speach a thabhairt don saol; agus bhí an saghas Caitliceachais a bhí i réim anseo ródheas, róshibhialta, róphrotastúnach, róVicteoiriach, róbhéasach, rómheasúil suas is anuas le creideamh dathannach spiagach
samhlaíoch scléipiúil
fuildhortaitheach na dtíortha
Laidneacha.

Níor thuig Trappatoni na fórsaí staire a bhí ina choinne. Seachas obe ar bith an t-am seo, áfach, nárbh fhearr JBM nó Davy Fitz nó Jim Gavin nó Brian Cody a chuirfeadh paisean éigin iontu?