Ag seanadh an duchais

Beocheist: The Labour Party must return to its roots if it is to have any hope of future success, writes Máiréad Ní Chinnéide…

Beocheist: The Labour Party must return to its roots if it is to have any hope of future success, writes Máiréad Ní Chinnéide

Bhí scéal ar leathanach tosaigh an Irish News le déanaí faoi shuirbhé a rinne an BBC maidir leis an 100 Briotanach is iomráití dar mhair riamh. De réir an tslat tomhais a bhí acu, ba Bhriotanach é duine ar bith a rugadh in Éirinn nó sa Bhreatain.

B'ábhar iontais ag an pháipéar agus ag leor eile, go raibh i measc an 100 sin, Séamas Ó Conghaile, duine den triúr a bhunaigh Páirtí Lucht Oibre na hÉireann 90 bliain ó shin agus a cuireadh chun báis siocair é bheith ina cheannaire ar Éirí Amach 1916.

Deireadh mhí Lúnasa d'fhógair ceannaire an Lucht Oibre, Ruairí Quinn, go raibh sé chun éirí as ceannaireacht an pháirtí. Ag comhdháil bhliantúil an pháirtí i mí Dheireadh Fómhair a roghnófar a chomharba. Den chéad uair riamh beidh deis ag baill chláraithe an pháirtí vóta a chaitheamh ar son an cheannaire nua.

READ MORE

Rith sé liom go mba shuimiúil suirbhé, mar a rinne an BBC, a dhéanamh ar an 3,500 de bhaill an Lucht Oibre a bheidh ag vótáil ar son an cheannaire. Cé mhéad acu a d'ainmneodh Séamas Ó Conghaile? Fíorbheagán dar liom.

Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil páirtí an Lucht Oibre tar éis fad a chur idir iad agus na prionsabail a bhí ag Ó Conghaile, idir phrionsabail shóisialacha agus phrionsabail náisiúnacha. Is fíor go maíonn an páirtí fós gur páirtí sóisialach é ach i súile an phobail is páirtí na meánaicme é. Bhí sé sin le feiceáil in olltoghchán na bliana seo nuair a chaill an t-iarcheannaire Dick Spring, Martin Bell agus Eric Byrne a suíocháin d'iarrthóirí Shinn Féin.

Ainneoin an mhórdhua a chaith an Lucht Oibre lena bpolasaí ar chúrsaí sláinte agus ainneoin na poiblíochta a fuair siad ó na meáin chumarsáide, bhí obair ar an talamh déanta ag Martin Ferris, Arthur Morgan agus Aonghus Ó Snodaigh agus aithne acu ar na vótóirí ina dtoghcheantair féin.

Is beag i gcoitinne atá idir ionadaithe tofa an Lucht Oibre agus na daoine is mó a bhfuil gá le polasaithe cearta sóisialacha.

Ach ní hé an íomhá mheánaicmeach amháin atá acu a chuireann bac ar an Lucht Oibre dul chun cinn a dhéanamh. Creidim féin go bhfuil an páirtí ag íoc go fóill as cúl a thabhairt leis an náisiúnachas.

"Is í cúis na hÉireann cúis an Lucht Oibre," a scríobh an Conghaileach go gairid tar éis bhunú an pháirtí. Ach is de réir a chéile a ghabh Ó Conghaile cúis na hÉireann chuige féin.

Sóisialaí a bhí ann i dtosach báire ach tar éis tamall a chaitheamh i mBéal Feirste ag iarraidh an chosmhuintir Phrotastúnach a mhealladh chun tacú leis an sóisialachas agus ansin cruachás chosmhuintir Bhaile Átha Cliath a fheiceáil tar éis na Stailce Móire 1913-14 chreid sé nach mbeadh rath i ndán don sóisialachas in Éirinn go dtí go mbeadh muintir na hÉireann in ann a dtír féin a rialú.

Ach ní léir aon urraim ar leith ag an pháirtí a bhunaigh sé dó féin nó dá phrionsabail. Is beag difríocht a fheiceann an gnáthphobal idir seasamh an Lucht Oibre ar an cheist náisiúnta agus seasamh Fhine Gael, a raibh siad i gcomhrialtas leo sé huaire ó bunaíodh an Stát.

CUIMHNÍTEAR ach go háirithe mar a thacaigh siad le polasaithe slándála Liam Cosgrave maidir leis na cúirteanna speisialta sna 1970í agus mar a chuir aire dá chuid féin, Conor Cruise O'Brien, dianchinsireacht i bhfeidhm ar RTÉ.

Is fíor go raibh sé amuigh ar Dick Spring, agus é ina Aire Gnóthaí Eachtracha gur choinnigh sé John Bruton ó ghéilleadh rómhór do na haontachtóirí nuair a bhí próiseas na síochána idir dhá cheann na meá. Ach ní cuimhin liom aon ráiteas ó Ruairí Quinn, sna cúig bliana a bhí sé ina cheannaire, a thug le fios gur cás leis náisiúnaithe an Tuaiscirt nó gur cás leis teanga agus cultúr na tíre seo.

Éire 26 chontae a bhí i gceist aige nuair a bhí sé ag caint faoin tír seo. Agus go nuige seo níor chuala mé rud ar bith a thabharfadh le fios nach é an dearcadh céanna atá ag na daoine sin a bhfuil a n-ainmneacha á lua mar chomharba aige, go fiú na hiarbhaill den Daonlathas Clé.

Is meancóg í sin óna dtaobh siúd, dar liom, mar ainneoin suim an phobail i Coronation Street agus i gclubanna shacair na Breataine, níl spiorad an náisiúnachais múchta go fóill agus tá Sinn Féin ag teacht i dtír ar neamhshuim na bpáirtithe móra ann.

Mura dteastaíonn ón Lucht Oibre a thuilleadh suíochán a chailliúint do Shinn Féin b'fhiú do na baill aird níos mó a thabhairt ar chúis na hÉireann nuair a bheidh an ceannaire nua á roghnú acu.