An Bono reacht

Crobhingne: Nuair a bhíonn séasúr na féinfuipeála faoi lánseol, bítear ag gabháil de lascanna go tiubh ar an mBunreacht againn…

Crobhingne: Nuair a bhíonn séasúr na féinfuipeála faoi lánseol, bítear ag gabháil de lascanna go tiubh ar an mBunreacht againn féin. Agus ós ní é go bhfuil an 70 bliain sroichte ag an mBunreacht i mbliana is féidir a dheimhinfhios a dhéanamh ded dhóigh go mbeidh na gnáthamhrasáin amuigh á stracadh le fórsa.

Cé gur baineadh go leor den 'dochar' as le glúin anuas bí cinnte de go mbeidh ábhar scamhaite fós ag daoine. Na cúraimí a thug blas sainiúil dó ar feadh an chuid is mó dá shaol, mar a bhí ionad oinigh na hEaglaise Caitlicí Rómhánda, an cosc ar cholscaradh, agus an t-éileamh ar na críocha náisiúnta le ceart tá siad sin ar fad díbeartha nó maolaithe. Agus nuair a deineadh iarracht ar an nginmhilleadh a bhac is róbhaol gur féidir a thoradh a chiallú ar chuma chomh scaoilte sin go gceadófaí é ar chúinsí atá leathan go maith.

Is sleamhain guagach éalaitheach iad focail agus is féidir le breithiúin na Cúirte Uachtaraí cúig bhrí éagsúla a bhaint as an abairt is simplí amuigh. Níor mhaith liom scrúdú chomh mion sin a dhéanamh ar chuid d'fhorálacha an Bhunreachta ná iarracht a dhéanamh ar bhreith go daingean orthu. Airteagal 1 féin, dúisíonn sé mórán ceisteanna maidir lenár gceart an saol polaitíochta is geilleagair is saíochta "a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás" ár sinsear.

Samplaí den chanablacht tá againn sa seansaol, agus bhí an t-ilphósadh coitianta i measc cuid de na taoisigh Ghaelacha. Ní móide gurbh iad sin na cleachtais a bhíothas á ráthú sa Bhunreacht.

READ MORE

Agus cé gurbh í Éire ainm an Stáit de réir airteagail 4, is í ainm na tíre leis í, agus ainm an oileáin, agus ainm na deirféar ba dhána den triúr bitseach girseach a d'fháiltigh roimh Chlanna Míle nuair a bhuail siad port i gCiarraí.

Dá mhéad tincléireachta a dhéantar leis an mbunreacht is amhlaidh gur measa san abar a ghabhaimid. De réir bunreacht 1922 ba shaoránach é duine ar bith a raibh "buanchónaí" air sa Stát, agus ghlac Bunreacht de Valera leis sin go dtí gur athraigh Mac an Dubhghaill é lena reifreann ciníoch cúpla bliain ó shin.

Deir airteagal 9.1.3 nach bhfuil cead "náisiúntacht agus saoránacht na hÉireann a cheilt ar dhuine ar bith toisc gur fireann nó toisc gur baineann an duine sin". Is trua nach raibh sé de mhacántacht a chur isteach mar bhreis air "nó gur gorm nó gur snuadhorcha don duine sin".

Is é an focal "comhdhaonnach" atá sa téacs Gaeilge ar an bhfocal a d'úsáidfí mar "sóisialta" sa ghnáthdhioscúrsa poiblí. Is deise mar fhocal é mar is léire mar a nochtann an tslí a bhfuilimid i bpáirt agus i dtuilleamaí a chéile. B'fhearr fós an focal "co-mhuinteartha" mar a bhí sa chéad bhunreacht, ach dhealródh go mbeadh deacraí ag an tuiscint sin in Éirinn an tíogair chaipitligh ag scrábadh go fíochmhar.

Tá scagadh iontach mín agus caolchúiseach déanta ar théacs Gaeilge an bhunreachta ag Micheál Ó Cearúil san leabhar Bunreacht na hÉireann: a study of the Irish text a foilsíodh suim bhlianta ó shin.

In ainneoin na mblianta, tá caitheamh an-mhaith dulta ar an mBunreacht, agus tá forálacha fós ann a bhfuil feidhm leo agus ar féidir linn a bheith mórálach astu. Ceann amháin díobh sin is ea an socrú gurb iad na tuistí príomhoideachasóirí a gcuid páistí agus nach bhfuil cead ag an Stát a chur d'fhiacha orthu in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha iad a chur ar scoil.

Ach is é an t-airteagal is mó a thugann pléisiúr do chuid againn ar mór againn an chothromaíocht ná airteagal 40.2.1 a choscann ar an stát "gairm uaisleachta a bhronnadh ar aon duine".

Is é sin a dhéanann poblacht dínn inár slua, agus saoránaigh sinn inár n-uathadh. Is é a fhógraíonn os ard go bhfuilimid ar aon bhonn le chéile mar dhaoine, agus nach teidealach ar theidil áiféiseacha de chuid na meánaoiseanna atáimid. Tá sin ar cheann de na hairteagail ar mhian le daoine a chur dá mbonna agus iad ag síorchreimeadh leo ar na hidéil ar ar bunaíodh an Stát.

Cáil na bunoscionntachta le "normalú", le "maturity", le "dul chun cinn" a bhí ar aon duine a cheistigh an ridireacht thar sáile a bronnadh ar Bhono le déanaí.

Agus bíodh is go gcaithfidh daoine a nglacann an lúitéis chucu féin cead a fháil ón Rialtas, ní léir fonn ar bith a bheith ar an Rialtas céanna an cead sin a dhiúltú. B'fhearr feasta iad ag suíomh cearta an tsaoránaigh seachas miangas an té a phógann an gairtéar ríogúil.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar