An poll dubh

Crobhingne: "Is mian liom a thuairisciú go bhfuil fadhb ollmhór san Fhisic Theoiriciúil réitithe agam!" B'shin mar a chuir Stephen…

Crobhingne: "Is mian liom a thuairisciú go bhfuil fadhb ollmhór san Fhisic Theoiriciúil réitithe agam!" B'shin mar a chuir Stephen Hawking ceann le léacht an tseachtain seo d'imigh tharainn ag Cumann Ríogúil Bhaile Átha Cliath.

Ní móide go raibh mórán den sé chéad éigin fisicí a bhí i láthair ag titim ina gcodladh, is é sin, mura raibh oíche faoin dtor acu roimhe sin.

Nárbh iontach fileata an tús é? B'é Seán Ó Ríordáin a thug geit ar ghníomh na filíochta, agus ba mhinic a chuid siobairne féin ag liú sa dúpholl i sneachta geal an lae.

Is amhlaidh go dtuairimíonn Hawkins, nó b'shin a bhí á reic is á dhíol aige, nach slogán gan chrích é an dúpholl, nach dtiteann gach aon ní isteach ann i gclab a chéile go hiomlán siar amach, ach go bhféadfadh go dtiocfadh nithe áirithe slán uaidh. Más fíor sin, is mó is mistéire é ná imeachtaí na mbinsí fiosrúcháin nó cnuasintinn mhuintir Uí Fhloinn nó pócaí fada na ndlíodóirí a ngabhann euróchaí iontu go tiubh ach nach dtagann a luach ar ais astu ar aon tslí inaitheanta.

READ MORE

Smut de mhaíomh Hawkins ná go slogtar ábhar isteach sa dúpholl, ach go sileann amach arís ar chuma eile ar fad. Solaoid ghlan ghléineach ar thuarascálacha an tsaoil. Slogann breitheamh in Éirinn, nó sa Bhreatain, nó in Iaráic Shaddam, nó i Síne an Phionóis Bháis, nó i Stáit na Sceiche Gile, slogann sé an fhianaise dhorcha ar fad; agus ansin, sceitheann tuairisc ar dhath geal an airgid uaidh. Is ea, rinneadh bugaireacht ar leanaí; ach b'shin saol eile agus i bhfad ó shin. Is ea, ní raibh aon airm ollscriostacha ann agus bhí an fhianaise amhrasach, ach féach, ní raibh aon duine freagrach as. Is ea, déanadh cúbláil ar vótaí agus níl oiread agat agus atá ag mo dhuine eile, ach nach cuma, is tusa an tUachtarán, pé sa diabhal é.

B'iontach an ní é an dúpholl - go dtí anois. Uachais ba ea í a mhaistreadh gach ní ina craos istigh, ba chroí na doircheántachta í, logán gan tóin, gan deireadh. Is amhlaidh anois go dtuigtear dúinn gur féidir leis na diamhaireachtaí go léir filleadh orainn - ach filleadh ar líne chuarach bhíseach cham i bhfoirm fuinnimh a bhfuil rialacha aige nach bhfionnamar fós. Ní poll dubh é an dúpholl níos mó ach poll gorm: poll an phúca, dáiríre, seachas púca poill.

Is san fhisic chosmach seo a thagann an eolaíocht agus miotaseachtraí na cruthaitheachta le chéile. Deireann Hawkins go bpúscann fuinneamh ón dúpholl; deireann Mac Giolla Richies go n-úsaíonn maoin ón dú-eacnamaíocht - is é sin le rá, daoine nach n-íocann cáin chun cabhraithe le daoine eile. Deireann Hawkins go dtiocfaidh an fhírinne ar ais, ar shlí amháin, nó ar shlí eile; deir lucht a gcosanta sna binsí fiosruithe go mbeidh sí báite i bPoll Tí Liabáin éigin gan teasargan go brách tuilleadh faoi uallach dheannach na n-aingeal.

Tá treibheanna ann san Amazóin a chreideann gur déanadh an chruinne i bhfoirm taoschnó ollmhór a raibh poll ina lár, ach is cosúil gur cheannaigh MacDonalds an cóipcheart uathu ó shin. Tá ciníocha in Papua-An GhinéNua ann, a bhfuil seacht bhfocal fichid acu ar pholl, ach nár chuala riamh faoin mbanphrionsa Diana. Tá náisiún pigmíoch ann i bPoblacht Láir na hAfraice a dhéanadh adhradh ar pholl bioráin le súil is go mbeadh siad saibhir, agus tá díomá orthu go bhfuil a Dhia scuabtha leis uathu go dtí cathaoir an óir. Bádóirí san Aigéan Ciúin arb é Poll a nDia, báthadh go leor díobh.

"An tusa a pholl mo pholl, a pholltóir?" adeirtí le daoine sna mianaigh, nuair a thochlaíodh duine thar a chuid, agus ba phoill dhubha iad sin thar aon agó. Mhair an nath níos faide i Meiriceá ná mar a d'fhan anseo, mar is gairid a chuaigh as abhus nuair a shíl daoine go raibh baint aige le cine neamhghealchraicneach ar chóir a bheith eaglach fúthu ar eagla go slogfadh siad tú ar nós an dúphoill agus tú a ithe gan salann.

Cúis áthais agus iontais é gur cruinne thollascaoilte is ea a mairimid ann. Cúis iontais agus áthais é nach slogfar an uile ní in umar gan teacht as go brách. Cúis gháire agus ghairdeachais é go bhféadfadh an tAire Mac an Daill teacht ar ais ina chú dubh arna ionsaí ag mathúin bhána.

Mo thuairim féin gur lánoiriúnach go nochtfaí an t-eolas seo i mBaile Átha Cliath. Tá rud éigin siméadrach go héag ag baint le bheith ag caint go daoneolach le dubhiontas faoi na dúphoill i nduibhlinn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar