An Scriosanach

Crobhingne: "...agus sin é an chéad lá agamsa, is dóigh liom, do scaras ar fad le ceird na carthanachta, mar do baineadh ramsach…

Crobhingne: "...agus sin é an chéad lá agamsa, is dóigh liom, do scaras ar fad le ceird na carthanachta, mar do baineadh ramsach as mo chroí an lá úd ag tarrac na féile go dtí an dtigh liom i mála thiar ar mo dhrom.

Ar chloisint an scéil dom an áit a rabhamair ag dul dar liom go léimfinn tigh; dar liom go rabhas Márta a trí. D'aon tseáp amháin do bhíos thuas ar an dtinteán i dteannta na bhfear a bhuailfeadh poc báire comh hard le Cnoc Bhréanainn, agus b'in an fuadar a bhí chúm. Do bhí gach fear eile ullamh romham, agus fearaistí 'rúnach acu chuin na róinte a bhaint dá dtreoir; téada chuin iad a tharrac amach as an bpoll an uair do bheidís marbh; maide mór láidir go mbíodh ceann ramhar amuigh air, agus gunnaí maithe lamhaite nár mhór chun na hóga a thrascairt, go háirithe. Bhuaileamair chúinn gach ní a bhí ag oiriúint dúinn i gcomhair an lae.

"Tá na báid ag triall ar róinte," arsa an rí

Do bhí gach nduine ag teacht mar "bhíodh ullamh, nó go raibh criú na mbád le chéile, agus do chuireamair den ráib sin iad gur bhuaileamair amach ar an mórmhuir. Bhí na báid ag cur díobh go binn an uair seo, mar do bhí a thuilleadh agus ár ndóthain gaoithe an uair seo ann.

READ MORE

Sea, do bhaineamair amach na cheithre mhaide righne mhíne bhuana bhána bhaisleathan, gotha do bhíodh ar characháin na Féinne go minic sa tseannaimsir, agus níor stadamair den ruathar reatha sin gur bhaineamair Beiginis amach mar ba sinne na buachaillí dóibh, mise á rá leat. Aimsir chiúin níor mhór duit lá oibre is grinn mar seo, agus tráigh bhreá rabhartha, ach bhí súrac mór tairric agus sinn ag dul fé dhéin na trá.

Níorbh fhada go raibh róinte le feiscint go tiubh i ndrom na cloiche agus ar ghrean an oileáin; cuid acu agus a gceann in airde acu; ceann eile agus é ag tabhairt snap thall agus abhus orthu; ceann mór groí tamall maith as a gcionn in airde agus gan cor fós as. Dúirt mo pháirtí liom gur ina chnap codlata do bhí san fós, agus an uair do dhúiseodh san gurb ea a bheadh an dul thrí chéile ar an gcloich, is é sin, mara dtiocfaimis féin air ar dtúis, mar is mairg don té a bhuaileann gan scrios a dhéanamh.

Ar mh'fhallaing go raibh siad tamall fós uam, ach bhí oiread mhuga de dhá shúil agam. Clodach róinte os ár gcomhair amach, beag agus mór, fireann agus baineann. Bainirseach is ainm don gceann baineann agus tarbh a tugtar ar an gceann fireann, agus bíonn cuid acu nách féidir do mharú bán ná dearg ná craorac; ach ní minic nár déanadh.

Do phrapáil gach nduine é féin chuin an ghnímh éachtach do bhí roimis amach a dhéanamh. Smachtaín maide ag cuid againn chun fuarmáil a dhéanamh ar phlaosc gach cinn acu so; na maidí maraithe féna n-oscaill ag a thuilleadh againn, agus an gunna in am an ghátair dá mbéarfaí cruaidh orainn, nó mar sin.

Bhí sé ina thráigh mara an t-am so agus ba bhreá leat féachaint uirthi. Bhí na róinte, beag is mór, mar a bheadh scata ba ar mhachaire báin nó ráth éisc ar uachtar na mara nó mórán loingeas ar móráil i gcuan 'e cheal coithrime chun seoladh.

Ní hiontas cad é an sprid a bhí insa Seana-Ghael anallód. Do labhair fear agus is ea adúirt: "Cad a thug anso sinn, nó an bhfuil éinne toilteanach le tabhairt fúthu le faghairt?"

Thugamair fúthu agus ba mhar a chéile é ghabháilt tríotha, fútha agus thársa, fé mar a gheódh seabhac trí mhion-éanaibh, nó machtíre fé mhuar-thréad mion-chaorach ar shlí 's go raibh cách gan cheann aige ar bhéal eadra agus go raibh siad stollaithe, stracaithe, sgríopa, sgrabhaite go dtí go raibh an t-éirleach déanta againn.

Níl aon teora leis an acfuinn do bhíonn insa duine an uair is gá dho é, gan trácht ar an gclodach do chorpaibh mharbha do bhí fénár mbráid an lá so. An ceol mín milis a bhíodh i mbéal gach cinn acu múchta againn go héag. Iad faid ár radhairce leata ar an dtráigh agus gach re scread nimhe fós astu siúd nár chuireamair an piléar trína súil. Agus geallaimse dhuit ná raibh mórán cainte againn nó go rabhamair i mbuille do bheith sásta.

"N'fheadar ab É fé ndeara na róinte a chur chúinn chomh flúirseach?" arsa slataire amháin.

"Dhera, mo chroí thu, is dócha gurb É fé ndeara gach ní. Nach É an máistir É? Agus is iomdha rud a chaitheann teacht chun an chine rón a dhísciú chun slí a thabhairt dona mbíonn le teacht.""

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar