Is minic a bhíonn lucht teanga ag cáineadh dhrochghramadach na Gaeilge agus ag tuar a báis dá bharr sin.
Dea-scéala, mar sin, go bhfuil gramadach an Bhéarla ag titim as a chéile fosta.
Bhí cártaí le feiceáil sna siopaí ag an deireadh seachtaine agus iad ag guí "Happy Fathers (sic) Day" ar aithreacha an domhain. Ní ann don uaschamóg níos mó.
Bás don Bhéarla; viva an Ghaeilge!